Nuacht an Tuaiscirt: imní ar HIQA faoi 2 ionad i dTír Chonaill
Tá imní léirithe ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte HIQA faoi 2 ionad cónaithe i nDún na nGall do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Siad na hionaid atá i gceist an Seaview Respite House i dTamhnach an tSalainn agus Fernhill Respite House i mBaile Dhún na nGall.
De réir thuairisc HIQA chomhlíon na hionaid mórchuid na gcoinníollacha ach léiríodh imní faoi roinnt ghnéithe sna hionaid éagsúla.
I dteach Seaview dúradh go raibh siad sásta leis an méid a bhí i bhfeidhm maidir le sábháilteacht tine, ach léiríodh imní nach raibh tuairiscí measúnú riosca ar fáil agus dúradh freisin nach raibh cleachtadh dóiteáin déanta ag lucht cónaithe an ionaid uilig.
I dTeach Fernhill dúirt an cigire nach raibh na doiciméid ar fad maidir le foireann an ionaid ar fáil, ina measc tagairtí fostaíochta agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
Bád Úr Tumadóireachta
Tá Ionad Tumadóireachta Mhíobhaigh Teoranta i gCarraig Airt ag lorg tairiscintí ó chonraitheoirí le bád úr tumadóireachta a thógáil.
Teastaíonn bád 15 méadar uathu a choinneodh dáréag paisinéirí agus triúr criú agus a bheadh foirsteánach do dhaoine i gcathaoir rothaí.
Beidh gá treallamh tumadóireachta a bheith feistithe ar an mbád, ardaitheoir do thumadóirí ina measc, agus caithfidh an bád a bheith tógtha agus réidh faoi Mhárta 2020.
Coiriúlacht
Pléifear cúrsaí póilíneachta leis an bpobal anocht ag cruinniú i Leitir Ceanainn.
Tá Coimisiúin ar Thodhchaí Póilíneachta na hÉireann ag iarraidh casadh le grúpaí pobail agus leis an bpobal go ginearálta lena dtuairimí a fháil ar dhóigheanna le feabhas a chur ar phóilíneacht sa gcontae.
Is in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn a bhéas an cruinniú ar siúl ón 6 go dtí a 8.
Bealach Bhun a’ Ghaoth
Tá imní léirithe ag comhairleoirí i gCeantar Bardais Leitir Ceanainn nach mbeidh bealach ceangail Bhun a' Ghaoth i Leitir Ceanainn foscailte go dtí an bhliain 2031 ar a luaithe.
Moladh an bealach 30 bliain ó shin, agus moladh fosta droichdead a thógáil thar abhainn na Súilí, le faoiseamh a thabhairt ón tranglaim tráchta ar an mbaile.
Dúirt an Comhairleoir Dessie Shiels go bhfuair seisean freagra ón gComhairle Contae go dtógfadh sé ar a laghad 4 bliana an bealach a thógáil ach thug comhairleoirí eile le fios gur dúradh leosan go bhféadfadh moill de 10 mbliana eile a bheith ar an obair.
Féile Ceoil
Cuirfear tús le Féile Cheol Traidisiúnta Leitir Ceanainn an 20ú Eanáir, agus mairfidh sí seachtain.
Sí seo an 4ú bliain ag an bhféile agus dúirt Traolach Ó Fionáin, Oifigeach Ealaíne Dhún na nGall, go bhfuil fás agus borradh tagtha uirthi.
Tá coirmeacha ceoil le leithéidí Mhairéad Ní Mhaonaigh, Sharon Shannon agus Ciarán Tourish mar chuid den fhéile agus beidh na himeachtaí ar bun i nGrúdlann úr an chomhlachta Kinnegar i mBaile Riain agus in Amharclann an Ghrianáin.
Poitigéirí gnóthach leis an bhfliú
Tá poitigéirí i nDún na nGall i bhfad níos gnóthaí an geimhreadh seo ag tabhairt cógais do dhaoine a bhfuil an fliú orthu ná mar a bhí blianta eile a deir an ceimiceoir Tom Ó Muirí a bhfuil 3 shiopa poitigéara aige in oirthear Dhún na nGall.
Tá ardú mór ar líon na ndaoine atá ag lorg instealltaí i gcoinne Fliú na hAstráile le roinnt seachtainí a dúirt sé, mar gheall ar an líon othar atá ag dul chun ospidéil.
Níor chóir do dhaoine a bhfuil an fliú go dona orthu a ghabháil ag obair nó chun na scoile a dúirt sé.
Measann Tom Ó Muirí go mairfidh an chuid is measa de shéasúr an fhliú go mí Feabhra agus gur chóir d'aon duine a bhfuil tinnis tromchúiseacha orthu, nó atá ag tabhairt aire d'othar, an t-instealladh a fháil láithreach, le cinntiú go bhfuil cosaint acu.
An fliú agus na scoileanna
Tá treoir tugtha ag roinnt scoileanna i gcontae Dhún na nGall do thuismitheoirí gan a bpáistí a chur ag an scoil má tá comharthaí ar bith den fhliú orthu.
Tá príomhoidí ag iarraidh an fliú a sheachaint i scoileanna i ndiaidh saoire na Nollag ar chomhairle ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.
Tá tuairiscí faighte go bhfuil go leor déagóirí a bhfuil comharthaí den fhliú orthu agus táthar ag iarraidh a chinntiú nach scaipfidh sé sna scoileanna.
Laghdú ar líon na ndaoine ag feirmeoireacht
Tá titim leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine i réigiún an iarthuaiscirt atá ag obair san earnáil talmhaíochta de réir fhigiúirí ón Irish Farmers Journal.
Léiríonn na figiúirí go dtáinig 7% de laghdú le 5 bhliana ar líon na ndaoine atá fostaithe san earnáil talmhaíochta agus go bhfuil 25% de laghdú ann ó 1996.
Léirítear imní sa tuairisc faoin méid talún sa gcontae atá faoi fhoraoiseacht.
Bóithre na nOileán
Deir Séamus Mac Ruairi, comhalta ar Choiste na nOileán, gur cheart don Roinn Gnóthaí Forbartha Pobail agus Tuaithe ciste speisialta airgid a chur ar leataobh do bhóithre áise ar na h-oileáin.
Dúirt se nár ceadaíodh airgead ar bith faoin Scéim LIS do na h-oileáin agus go gcosnaíonn sé níos mó le bóithre a choiriú ansiúd ná ar an míntír.
Dúirt Séamus Mac Ruairí go bhfuil cuid mhór bóithre áise ar Árainn Mhór a bhfuil géarghá a chóiriú agus tá teagmháil déanta aige a dúirt sé leis an Aire Michael Ring ag moladh dó ciste speisialta airgid a cheadú do na h-oileáin.
Polasaí Oideachais na Gaeltachta
Beidh sraith eile cruinnithe ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta is Gaelscolaíochta i nDún na nGall an mhí seo leis an bpolasaí oideachas Gaeltachta a phlé.
Tá COGG ag iarraidh ar thuismitheoirí scoile agus naíonraí, ar bhoird bainistíochta agus ar choistí pleanála teanga a bheith i láthair ag na cruinnithe.
Beidh an chéad chruinniú ar siúl Dé Luain i gColáiste na Carraige ag 7:30.
Beidh cruinniú Dé Máirt an 16ú sa Chultúrlann in Árainn Mhór, agus sa Chraoibhín ar an Tearmann ag 7:30.
Deir COGG go mbeidh seirbhís ateangaireachta ar fáil daofa siúd atá ar bheagán Gaeilge ag na cruinnithe.