Nuacht an Iarthair: Plódú in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh

Nuacht an Iarthair: Plódú in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh

Is in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh atá an dara líon is airde othar atá ar thralaithe in ospidéil na tíre inniu agus iad ag fanacht le leaba de réir fhigiúirí ó Chumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann. 

37 atá ag fanacht le leaba ann.

14 atá ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile Maigh Eo.

Forbairt Ospidéal Pháirc Mhuirlinne

Mura dtugtar tús áite láithreach don fhorbairt atá le déanamh ar Ospidéal Pháirc Mhuirlinne d'fhéadfadh an ghéarchéim plódú atá in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh a dhul in olcas a deir Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ag Fine Gael Hildegarde Naughton.

Bhí sí ag tagairt don phlean atá ag an Aire Sláinte Simon Harris maoiniú a fháil ón rialtas le 500 leaba sa mbreis a chur ar fáil in ospidéil na tíre.

Ní féidir aon leaba sa mbreis a chur in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh a deir an Teachta Naughton mar nach bhfuil an spás ann. 

Má tá leapacha le cur ar fáil in ospidéil na Gaillimhe caithfear bualadh láithreach faoin bhforbairt atá le dhéanamh ar Ospidéal Pháirc Mhuirlinne a deir sí.

Anuas air sin, tá fáilte curtha ag an Aire Stáit Seán Kyne roimh an scéala go mbeidh a gcéad chruinniú ag an bhfoireann atá ag plé leis an dearadh ar Aonad Nua Timpiste agus Éigeandála in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, roimh dheireadh na míosa.

An phlaisteach ar muir

Deir an Dr Peter Heffernan, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara i nGaillimh go bhfuil reachtaíocht le bheith ann roimh dheireadh na bliana le cosc a chur ar úsáid agus ar tháirgeadh coirníní beaga plaisteacha.

Is é an chontúirt is mó leis na blúiríní beaga plaisteacha sin go dtéann siad sa slabhra bia a deir sé.

Ní mór dúinne, chuile dhuine againn, ár gcuid iompair a athrú a deir sé.

Dumpáiltear 8 milliún tonna plaisteach sa bhfarraige chuile bhliain agus má leanann rudaí mar atá, beidh níos mó plaisteach ná iasc ar muir a deir an Dr Heffernan.

Gradaim IFTA

Tá 3 ainmniúchán do ghradam IFTA faighte ag an scannán Song of Granite, faoin bhfonnadóir Joe Éinniú as Carna.

Is é Pat Collins a stiúraigh an scannán agus rinne triúr aisteoirí as an taobh seo tíre páirt Joe Éinniú ann, - Colm Seoighe as Ros an Mhíl, Michael Frainc Ó Conghaola as Muiceanach idir Dhá Sháile agus MacDara Ó Fátharta as Inis Meáin.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag an scríbhneoir Antoine Ó Flaithearta don dráma teilifíse Grace Harte.

Tá 5 ainmniúchán IFTA faighte ag an scannán Three Billboards Outside Ebbing Missouri, a scríobh agus a stiúraigh Martin McDonagh, mac le Johnny Mhichael Choilm as Leitir Mealláin ó dhúchas.

Ghrúigh an scannán sin 4 ghradam Golden Globe túníos tús na seachtaine. 

Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta, an 15ú Feabhra.

Maoiniú Chomhairle Chondae na Gaillimhe

Níl Comhairle Chondae na Gaillimhe ag fáil cothrom na féinne ó thaobh an allúntais airgid atá dhá chur ar fáil dóibh a deir an Comhairleoir Contae Seosamh Ó Cualáin le Nuacht an Iarthair.

Fáiltíonn an Comhairleoir Ó Cualáin roimh chruinniú atá le bheith ag an Aire Stáit Seán Kyne agus Teachtaí Dála as Gaillimh Thiar le hoifigigh na Roinne Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil le cúrsaí airgid i gComhairle Chontae na Gaillimhe a phlé.

Tá sé ag dul ó mheabhair air go bhféadfadh Comhairle Chontae Mhaigh Eo a bheith ag fáil €15 milliún níos mó ná Comhairle na Gaillimhe.

Ní inniu ná inné a tharla sé sin a deir an Comhairleoir Ó Cualáin.

Innealtóir Ceantair ar an gCeathrú Rua

Tá imní léirithe in athuair ag an gComhairleoir Condae Seosamh Ó Cualáin faoin easpa leanúnachais atá ann ó thaobh innealtóirí ceantair atá fostaithe ag Comhairle Chondae na Gaillimhe san oifig ar an gCeathrú Rua.

Thug an Comhairleoir le fios go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach mbeidh an t-innealtóir áitiúil atá ar an gCeathrú Rua faoi láthair i bhfad eile ann.

Tá eolas maith ag an té sin a deir an Comhairleoir Ó Cualáin le Nuacht an Iarthair agus ba chóir don Chomhairle féachaint len é a choinneáil ann más féidir ar chor ar bith é.

Deiseanna Oibre ar an Spidéal

Tá cead pleanála tugtha ag Comhairle Chondae na Gaillimhe d'Údarás na Gaeltachta le Mol Digiteach agus Aonad Fiontraíochta agus Nualaíochta a bhunú sa Spidéal.

Thug urlabhraí de chuid an Údaráis le fios go bhfuil an togra le dhul os comhair an Bhoird chomh luath agus a cheapfar bord nua.

Gabhfar ar thóir tairiscintí ina dhiaidh sin don obair chóirithe atá le déanamh taobh istigh den fhoirgneamh ag Páirc na Meán sa Spidéal, le taobh na Ceardlainne.

Nuair a bheidh an áit réitithe amach beidh deascanna sealaíochta ann agus oifigí do chomhlachtaí beaga nó do dhaoine aonair a mbeadh ceangal idirlín ardluais ag teastáil uathu lena gcuid oibre a dhéanamh.

Ní fios fós cén uair go díreach a bheidh an obair sin déanta agus an mol digiteach réidh le n-úsáid.

Beo

Bimís ag Ceol

Bimís ag Ceol

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Aifreann an Domhnaigh

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Bernie Boyle.

Bernie Boyle.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Brian Ó Broin.

Brian Ó Broin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Liam Ó Rocháin,Tommy Jim Mac Gearailt,Fergal Ó Sé;An Ghaeltacht i gcluiche leathcheannais peile na h-Eireann

Liam Ó Rocháin,Tommy Jim Mac Gearailt,Fergal Ó Sé;An Ghaeltacht i gcluiche leathcheannais peile na h-Eireann

 
Caomhín Ó Flannúra;Mara Beo agus Oideachas.

Caomhín Ó Flannúra;Mara Beo agus Oideachas.

 
Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill;Seirbhís farrantóireachta idir Santander & Corcaigh

Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill;Seirbhís farrantóireachta idir Santander & Corcaigh

 
Jamie Ó Tuama;Gaelinn.

Jamie Ó Tuama;Gaelinn.

 
An Saol ó Dheas 19ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 19ú Eanair 2019

 
Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

 
Róisín Ní Choistealla agus Ciara Ni Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

Róisín Ní Choistealla agus Ciara Ni Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

 
Tom Beag Mac Giolla Easpaig, bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

Tom Beag Mac Giolla Easpaig, bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

 
An Teachta Dála Pearse Doherty.

An Teachta Dála Pearse Doherty.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 19/01/2018.

Barrscéalta, Clár iomlán, 19/01/2018.

 
Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

 
Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

 
Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Robert McMillan, Saor Iriseoir,

Robert McMillan, Saor Iriseoir,

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Peadar Ó Riada; Bonn Óir Seán Ó Riada

Peadar Ó Riada; Bonn Óir Seán Ó Riada

 
Dr. Seán Ó Ceallaigh; DNA

Dr. Seán Ó Ceallaigh; DNA

 
An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2018

An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2018

 
Máire Mhic Comhaill.

Máire Mhic Comhaill.

 
An Leas Cheann Comhairle TD. Pat the Cope.

An Leas Cheann Comhairle TD. Pat the Cope.

 
Hughie Mac Giolla Easpaig.

Hughie Mac Giolla Easpaig.

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
John Ó Gallachóir.

John Ó Gallachóir.

 
An Cllr Séamus Ó Domhnaill.

An Cllr Séamus Ó Domhnaill.

 
Barrscéalta Déardaoin 18-01-2018

Barrscéalta Déardaoin 18-01-2018

 
Breandán Breathnach, ó Fhéile Cheoil an Gheimhridh, Féile Cois Sionainne.

Breandán Breathnach, ó Fhéile Cheoil an Gheimhridh, Féile Cois Sionainne.

 
An Dr. Anne Gillan.

An Dr. Anne Gillan.

 
Seosamh Ó Laoi, ball de bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Seosamh Ó Laoi, ball de bhord nua Údarás na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Dunaird, Cill Chiaráin.

Micheál Ó Dunaird, Cill Chiaráin.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Roibeárd Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí.

Roibeárd Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí.

 
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

 
Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Reigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Reigiún, An Bhruiséil.

 
Déaglán de Breádúin, iriseoir.

Déaglán de Breádúin, iriseoir.

 
Lisa Nic an Bhreithimh, Feachtas ar Son Airsghairm an Ochtú Leasú.

Lisa Nic an Bhreithimh, Feachtas ar Son Airsghairm an Ochtú Leasú.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dáithí Mac Cárthaigh ar AA

Dáithí Mac Cárthaigh ar AA

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís