Nuacht an Iarthair: Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Nuacht an Iarthair: Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh

Deir an grúpa ospidéil SAOLTA go bhfuil sé i gceist go mbeadh a gcéad chruinniú ag an bhfoireann atá ag plé leis an dearadh ar Aonad Nua Timpiste agus Éigeandála in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, roimh dheireadh na míosa seo. Tugadh gealltanas faoin gclár oibre a d'aontaigh páirtí Fhine Gael agus Fhianna Fáil go dtógfaí an t-aonad nua i nGaillimh, ach go dtí seo, níl déanta ach maoiniú a chur ar fáil leis an dearadh a dhéanamh. Cé go bhfuil sé ós cionn bliain go leith ó gheall an Rialtas go dtógfaí  an tAonad nua Timpiste agus Éigeandála i nGaillimh, níl sa gcruinniú seo ach an chéad chéim i bpróiseas a thógfas go leor ama. Tá sé ráite ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nach bhfuil an foirgneamh feiliúnach beag ná mór don obair a dhéantar ann.  Deir baill foirne san aonad go bhfuil easpa áiseanna ann; go mbíonn an áit róphlódaithe agus go mbíonn fanacht fada ar othair sula gcuirtear cóir leighis orthu. Is in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh atá an dara líon is airde othar atá ar thralaithe in ospidéil na tíre inniu agus iad ag fanacht le leaba. Beirt le cois an dá scór atá ag fanacht le leaba ansin inniu - sin beagnach dhá oiread an méid daoine a  bhí inné ann. Dhá dhuine dhéag atá ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile Maigh Eo inniu - deichniúr a bhí ag fanacht inné ann.   

Iarnród do Ghaillimh

Táthar le géarú ar an bhfeachtas le córas éadrom iarnróid a chur ar fáil i gcathair na Gaillimhe, a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly ar an gclár Iris Aniar inniu. Beidh an Teachta Dála Connolly ag bailiú síniúcháin ó dhaoine a bheadh ar son córas iompair dá chineál a bheith i nGaillimh, Dé Sathairn seo chugainn ar Shráid na Siopaí. Deir an Teachta Connolly, nuair a tharraing sí anuas an scéal ag an Aire Iompair sa Dáil gur dhúirt sé nach raibh éileamh ar a leithéid de sheirbhís i gcathair na Gaillimhe. Tá sé i gceist aice a chruthú anois go bhfuil, agus beidh sí ag bailiú siniúchán chuile Shatharn as seo go ceann hocht seachtaine.

'Caomhnú Árann'

Tá airgead ceadaithe ag an Aire Talmhaíochta, Michael Creed, don togra 'Caomhnú Árann' le go mbeidh feilméaraí in ann leanacht orthu le cúrsaí caomhnaithe ar na hoileáin, a dúirt Gráinne Ní Chonghaile, atá ag plé leis an togra, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu. Bhíodh an obair seo á déanamh go dtí seo, faoin togra 'Aran Life' a chríochnaigh an mhí seo caite. Tá síneadh faighte ag lucht an togra ó Aontas na hEorpa agus beidh siad ag leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre anois go dtí mí Mheán Fómhair faoin togra 'Caomhnú Árann'. Tá roinnt athruithe curtha ar an togra nua - ina measc sin, tá athruithe le cur ar na bealaí cigireachta. Táthar ag súil go mbeidh na feilméaraí páirteach sa bpróiseas cigireachta agus i gcur le chéile an phlean, ionas nach mbeidh costais riaracháin arda ann.

Ganntanas múinteoirí 

Tá sé ag dul rite le scoileanna Gaeltachta ionadaithe a fháil in áit múinteoirí atá tinn nó ar saoire mháithreachais, a dúirt Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire, Tríona Uí Mhurchú, ar an gclár Adhmhaidin inniu. Dá dhonacht an cás i scoileanna eile na tíre tá sé níos deacra fós teacht ar mhúinteoirí atá in ann teagasc trí mheán na Gaeilge, a deir sí. Dúirt sí gurbh éigean postanna d'ionadaithe a fhógairt faoi thrí nó faoi cheathair ina scoil féin, sular éirigh leo duine a cheapadh. Bíonn cinneadh an-deacair le déanamh ag scoileanna Gaeltachta go minic a deir sí - múinteoir atá cáilithe san ábhar ach nach bhfuil Gaeilge mhaith aige a cheapadh nó múinteoir a bhfuil Gaeilge aige ach gan saineolas san ábhar a cheapadh. Creideann Tríona Uí Mhurchú gurb í an bhliain bhreise atá curtha leis an gcúrsa oiliúna múinteoireachta, costas an chúrsa, rátaí pá do mhúinteoirí óga agus neart postanna a bheith le fáil thar lear, is cúis leis na deacracht móra atá ag scoileanna ionadaithe a fháil. 

Staidéar timpeallachta

Taispeáineann staidéar timpeallachta atá déanta ag saineolaí ar bhóthar Sheanadh Mhacha,  go bhfuil an-éagsúlacht plandaí agus ainmhithe sa gceantar agus gurb é an fáth atá leis seo, go bhfuil na portaigh á n-úsáid agus beithigh ar an sliabh ann. Déanadh an staidéar mar chuid den iarratas atá á réiteach le maoiniú a fháil le togra turasóireachta a bhunú sa gceantar. Is céim mhór chun cinn é do chúrsaí turasóireachta i gceantar Chonamara go bhfuil maoiniú ar fáil anois le tabhairt faoi bhealaí siúlóide a fhorbairt ar bhóithre portaigh i gceantar Chonamara, a deir Rosaleen Ní Shúilleabháin, atá ina hOifigeach Caitheamh Aimsire Tuaithe.

Tháinig laghdú 20% ar líon na ndaoine a thóg na Gardaí i réigiún na Gaillimhe aimsir na Nollag i mbliana, agus iad ag tiomáint agus ól déanta acu, i gcomparáid le Nollaig na bliana 2016. Idir an dara lá fichead de mhí na Nollag agus an dara lá de mhí Eanáir thóg an Garda Síochána dhá dhuine dhéag a raibh aimhreas orthu fúthu raibh siad ag sárú an dlí. Cúig dhuine dhéag a tógadh an t-am seo anuraidh sa réigiún. Ba sa gcathair a tógadh ceathrar de na tiománaithe sin. Deir urlabhraí ón nGarda Síochána go gcuireann sé iontas air an méid daoine a bhíonn ag tiomáint fós, agus ól déanta acu.

Beo

Príomhscéalta na Nuachta

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Iris Aniar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

 
Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

 
Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

 
An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

 
Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

 
Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

 
Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

 
Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

 
Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

 
Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

 
Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

 
Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

 
Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

 
Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

 
Rónán Beo

Rónán Beo

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

 
Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

 
Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

 
Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

 
Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

 
Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

 
John Boyle, INTO.

John Boyle, INTO.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Rónán Beo

Rónán Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís