Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá an dara líon is mó othar ar thralaithe in otharlanna na tíre in Otharlann Leitir Ceanainn inniu, áit a bhfuil 44 othar ar thralaithe ansin. Sin méadú de cheathrar ó inné. Tá 11 othar ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála san otharlann agus 33 atá ar thralaithe i bhardaí san otharlann inniu. Ochtar déag othar atá ar thralaithe in Otharlann Shligigh inniu.

Scéim feabhsúcháin bóithre

Tá sé tugtha le fios don Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig ag Stiúrthóir Bóithre na Comhairle, John McLaughlin, go ndéanfar liosta a fhoilsiú de na daoine ar fad ar ceadaíodh a n-iarratais faoi scéim feabhsúcháin bóithre áitiúla  LIS, le gairid. Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ar Bharrscealta inniu  go bhfuil ceisteanna a gcur ag an phobal faoi iarratais áirithe a ceadaíodh agus oibreacha a rinneadh ar bhóithre áirithe. Is airgead cáin íocóirí atá a chaitheamh ar na scéimeanna bóithre seo, agus tá sé tábhachtach go mbeidh trédhearcacht ag baint leis an scéim seo, a dúirt sé.

Fear saortha

Scaoileadh saor, gan aon chúis curtha ina choinne, an dara fear a bhí a cheistiú faoi dhúnmharú Denis Donaldson. Gabhadh beirt fhear Dé Domhnaigh agus ceistíodh iad i Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn, faoi dhúnmharú an bhrathadóra sna Gleanntaí i mí Aibreán 2006. Scaoileadh saor tráthnóna inné an fear eile, gan aon chúis curtha ina choinne. Ceistíodh an bheirt fhear faoin Mhír a 30 den Acht um Chiontaithe in Aghaidh an Stát.

Toraigh

D'fhreastail os cionn scór duine ar chruinniú leis an Teachta Piaras Ó Dochartaigh  ar oileán Thoraí inné, faoi reachtaíocht atá le cur os comhair na Dála go luath faoi cheadúnais iascaireachta d'oileánaigh. Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go mbeidh an reachtaíocht seo  dírithe ar dhaoine  a bhfuil cónaí go buan orthu  ar oileáin. Teastaíonn uaidh go mbeadh cead speisialta ag bunadh oileáin na tíre bheith ag iascaireacht, le bádaí faoi bhun dhá mhéadar déag ar fad, le na traidisiúin sean bhunaithe iascaireachta a choinneáil beo.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá géarghá na folúntais in Aonad Raideolaíochta Otharlann Leitir Ceanainn a líonadh, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. Tá dhá phost lán aimseartha do dhochtúirí comhairleacha san Aonad  Raideolaíochta le líonadh i láthair na huaire agus níl sé ceart nach bhfuil foireann iomlán ar fáil ansin faoi láthair, a dúirt sé. Tá moill le roinnt seachtainí ar othair scan a fháil nó coinní áirithe a fháil san aonad mar gheall ar easpa foirne, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh agus ní leor foireann a fháil ar bhonn páirtaimseartha leis an obair a dhéanamh, a dúirt sé. Thug An Teachta Ó Dochartaigh le fios go bhfuil dhá phost mar raideolaithe ginearálta le fógairt go fóill agus go bhfuiltear ag lorg duine le chor a bheith bliain le post mar raideolaí brollaigh a líonadh in Otharlann Leitir Ceanainn.

Seirbhísí pleanála

Caithfear achan iarracht a dhéanamh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí pleanála atá ar fáil i gceantar bardais na nGleanntach, a deir an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.  Dúirt sé gur dearnadh dul chun cinn le tamall maidir leis an fhreastal atá a dhéanamh ar phobal an cheantair, ach go gcaithfear foireann pleanála a lonnú sa cheantar go buan.  Is ábhar díomá nach mbíonn fáil ar fhoireann pleanála na Comhairle Contae le cuairteanna a thabhairt ar láithreacha a bhfuil daoine chun iarratas pleanála a dhéanamh, a dúirt sé.  D'iarr sé ar bhainistíocht na Comhairle Contae go mbeadh cuairteanna suíomh ar fáil don phobal arís, mar go mbeadh an tseirbhís sin ina bhuntáiste ollmhór ag daoine atá ag iarraidh tithe a thógáil, dar leis.

Gradaim Spóirt

Seolfaidh an tráchtaire Martin Carney Gradaim Spóirt Dhún na nGall in Ostán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn anocht. Bhain Martin Carney, gur as Beál Áth Seanaigh dó ó dhúchas, an gradam Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1977. Is ar an 26ú lá den mhí seo a bheas na gradaim a mbronnadh. Seo an 42ú bliain na gradaim seo a bheith a mbronnadh.

Leabharlann

D'iarr an Comhairleoir Contae Ian Mac Gairbheith ar Chomhairle Contae Dhún na nGall leabharlann a chur ar fáil i mbaile Rath Mealtáin. Tá éileamh mór do leabharlann ar an bhaile, an dara baile is mó i gceantar bardais Leitir Ceanainn, a dúirt sé.  Dúirt sé gur cuireadh rún os comhair na Comhairle Contae roinnt blianta ó shin, go ndéanfaí leabharlann a oscailt arís i Rath Mealtáin, ach níor tharla seo. Tá go leor foirgnimh atá folamh i Rath Mealtáin go bhféadfaí a úsáid le leabharlann a chur ar bun ann, a dúirt an Comhairleoir Mac Gairbheith.  Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle, Eileen Burgess, go bhfuil easnaimh sna seirbhísí leabharlainne sa chontae mar atá faoi láthair, gan trácht ar sheirbhísí breise.  Dúirt sí nach mbeadh sé ar chumas na seirbhíse leabharlann eile a oscailt, mar nach bhfuil na hacmhainní ag an Chomhairle faoi láthair.

Ssoilse poiblí

Tá 16,800 solas poiblí atá faoi chúram na Comhairle Contae i nDún na nGall faoi láthair. Tá go leor dena soilse seo sean agus iad ag úsáid go leor fuinnimh.  Tá suirbhé déanta ag comhlacht Airtricity don Chomhairle le gairid ar na soilse atá faoina gcúram,  agus léarscáil curtha le chéile cá bhfuil na soilse ar fad.  Cuireadh córas úr ar fáil i mbliana sa chontae, córas bainistíochta ar líne atá a sholáthar ag comhlacht DeadSure, agus tá deis ag an phobal úsáid a bhaint as an idirlíon le heolas a chur ar fáil faoi shoilse atá briste.  Tá buiséad de €2.1m ar fáil le soilse poiblí na contae a reáchtáil i 2018.

Beo

Príomhscéalta na Nuachta

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Iris Aniar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

Niall Mac Eamharcaigh, aisteoir as Rann na Feirste.

 
Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

Connall Ó Corra, Mac Léinn I nGaillimh.

 
Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

Dáithí Mac Conraoi, Gaelscoil Cholmcille, Baile Átha Cliath.

 
An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

An ceoltóir Padraig Jack as Inis Meáin

 
Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

Grainne Ní Aodha, ón The Journal.ie.

 
Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

Niall Hackett, as Baile Átha Cliath agus Cnoc an Stollaire Gaoth Dobhair.

 
Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

Áine Ní Ghallchóir as Nuacht TG4.

 
Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

Rónán Beo, Clár iomlán, 20/04/2018.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

 
Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

 
Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

 
Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

 
Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

 
Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

 
Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

 
Rónán Beo

Rónán Beo

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

 
Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

 
Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

 
Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

 
Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

 
Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

 
John Boyle, INTO.

John Boyle, INTO.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Rónán Beo

Rónán Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís