Nuacht an Iarthair: Teaghlach fágtha gan dídean de bharr Eleanor

Nuacht an Iarthair: Teaghlach fágtha gan dídean de bharr Eleanor

Cúnamh láithreach á lorg do theaghlach 

Caithfidh Comhairle Contae na Gaillimhe gníomhú láithreach agus cúnamh a chur ar fáil do theaghlach atá fágtha gan áit chónaithe de bharr stoirm an lae inné, a deir Josie Conneely - Rúnaí Chomhairle Ceantair Fhianna Fáil i gConamara Thiar. 

Baineadh an ceann den teach soghluaiste a raibh cónaí ar bhean agus a triúr gasúr ann i mBaile Conaola sa stoirm, agus tá sí ag braith anois ar dhídean ó dhaoine muinteartha, a deir sé. 

Níl spás do theaghlach eile sa teach sin, a deir an Conghaileach agus tá diomá air faoina laghad suim a cuireadh sa scéal nuair a rinne sé teagmháil leis an gComhairle Contae ar maidin. 

Tá iarrtha ag Josie Conneely freisin go ndéanfaí scrúdú innealtóireachta ar dhroichead Loch an tSalainn atá idir Baile Conaola agus an Clochán ar fhaitíos go ndearna réabadh na farraige dochar ansin trathnóna inné. 

Níorbh fhéidir dul soir ná siar idir Baile Conaola agus an Clochán ar feadh tamaill tráthnóna inné agus tuairiscítear go raibh siotaí gaoithe a raibh luas 139km sa uair fúthu i gCeann Mhása.  

Ceaptar gur tháinig croílár na stoirme isteach thrí Chuan Mhanainn i mBaile Conaola go gairid théis an 5 trathnóna inné agus bhí siotaí móra léi ar feadh tuairim's leath uair an chloig agus oibriú fíochmhar i bhfarraige. 

Pobal míshásta faoi easpa foláirimh

Tá a míshástacht curtha in iúl ag daoine i gcathair na Gaillimhe nár tugadh dóthain foláirimh faoi chomh dona agus a d'fhéadfadh na tuilte a bheith nuair a bhuail stoirm Eileanór an chathair aréir.

Caithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na córais atá in úsáid i gcathair na Gaillimhe leis an áit a chosaint ó thuilte, a deir an comhairleoir cathrach Mairéad Farrell.

Tá damáiste uafásach déanta arís do thithe, d'ionaid ghraithe agus do charranaí de bharr na dtuillte a bhí ansin aréir a deir sí.

Rinne oibrithe na comhairle cathrach obair na gcapall ag tabhairt málaí gainimh ag títhe agus ag ionaid ó Bhóthar na Trá go dtí an Póirse caoch,  a deir an comhairleoir Farrell, agus caithfear a chinntiú anois, go dtabharfar chuile tacaíocht dhóibh siúd atá buailte go dona de bharr stoirm na hoíche aréir.

Ceist pleanála le réiteach i bhfianaise rialú cúirte sa Bheilg

Dúirt an Teachta Dála Eamonn Ó Cuív inniu go gcaithfear a fháil amach céard atá i gceist ag an rialtas a dhéanamh faoi rialacha pleanála faoin tuath i bhfianaise gur rialaigh cúirt sa mBeilg le gairid, nach gcaithfí aon bhuntáiste a thabhairt do dhaoine atá ina gcónaí i gceantar ar leith nuair atá ceadúnais phleanála le tabhairt sa gceantar sin.

Dá dtabharfaí an riail seo isteach i gConamara scriosfadh sé an Ghaeltachta, a deir sé.

Dúirt sé freisin go gcreideann sé gur cheart do Chomhairle Contae na Gaillimhe plean na Gaeltachta atá á réiteach faoi láthair a chur siar nó go bhfeicfear cén leagan amach a bheas ar chúrsaí pleanála go náisiúnta.

Stoirm Eleanor

  • Tuilte na Gaillimhe

Tá an tAire Stáit in Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin Boxer Moran i nGaillimh ar maidin leis an damáiste atá déanta sa gcathair tar éis na stoirme Eileanór aréir, a scrúdú.

Bhí drochthuillte i gcathair na Gaillimhe tráthnóna inné agus bhí sé ina imní go mbeidís arís ann leis an lánmhara ag 5am, rud nár tharla.

Tá sé deimhnithe ag an Aire Graithí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaigh Regina Doherty go mbeidh cúnamh ar fáil do dhaoine a bhfuil damáiste déanta dá maoin ag stoirm Eileanór.

Cuirfear cúnamh airgid ar fáil freisin do ghnólachtaí beaga agus d'eagraíochta pobail atá buailte ag na tuillte tríd an gciste fóirithinte tuillte. 

  • Conamara

B'éigean Droichead na dTráchta agus Droichead Charraig an Logáin a dhúnadh ar feadh scaitheamh tráthnóna inné de bharr an taoille a bheith ag tíocht aníos ar an mbóthar ann.  

Osclaíodh aríst iad níos deireanaí agus glanadh na bóithre ach moltar do thiománaithe a bheith an-chúramach aríst inniu ar fhaitíos go mbeadh clocha agus feamainn caite aníos ar an mbóthar aríst ag an taoille.

Tuairiscítear go  bhfuil damáiste mór déanta de na sconsaí ar na droichid.

Tuairiscítear go raibh siotaí gaoithe a raibh luas 139km sa uair faoi i gCeann Mhása.  

Níorbh fhéidir dul soir ná siar idir Baile Conaola agus an Clochán ar feadh tamaill tráthnóna inné agus rinneadh dochar mór do theach soghluaiste i gceantar Bhaile Conaola a bhfuil cónaí ann, nuair a d'fhuadaigh an díon air.   

  • Maigh Eo

Is é Contae Mhaigh Eo is measa atá buailte ó thaobh cúrsaí leictreachais de agus 10,000 teach fágtha gan chumhacht ó aréir de bharr na stoirme Eileanór. 

Tá fógra gaoithe stádas flannbhuí eisithe ag Oifig na hAimsire arís inniu do chontaetha in iarthar na hÉireann, Co na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ina measc.

Tá feidhm leis an bhfógra aimsire flannbhuí go dtí an 2 a chlog inniu.

Toghcheantair na Gaillimhe

Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív do Nuacht an Iarthair nach féidir athbhreithniú a dhéanamh ar thoghcheantair na Gaillimhe mar atá á dhéanamh i dtoghcheantair eile, nó go mbeidh a fhios a bhfuil an dá rialtas áitiúil le cónascadh.

Tá cruinniú le bheith ag Teachtaí Dála na Gaillimhe, Dé Luain seo chugainn (8ú lá), le eolas a fháil faoi na cainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi chónascadh a dhéanamh idir Chomhairle Contae na Gaillimh agus an Chomhairle Cathrach.

Tá an Teachta Ó Cuív ag iarraidh eolas beacht a fháil ag an gcruinniú faoi chúrsaí maoinithe, agus cén t-athrú a thiocfadh ar líon na gcomhairleoirí dá dtarlódh an cónascadh. 

Damáiste ó Stoirm Dylan

Déanadh damáiste don áit nua atá dá thógáil do bháid phléisiúir i gcalafort Ros a' Mhíl, le linn stoirm Dylan san oíche Dé Sathairn seo caite.

Síneadh atá anseo, leis an áit atá ag an gcalafort cheana fhéin, do bháid phléisiúir.

Scuabadh na snámháin (floats) a bhí faoi na céibheanna beaga (finger piers) agus a choinníonn i mbarr uisce iad, le linn na stoirme, rud a d'fhág gur thit na céibheanna beaga i bhfarraige, mar nach raibh siad daingnithe.

Fritheadh arís na snámháin ar fad a d'imigh leis an stoirm, agus thug Máistir Cuain an chalafoirt le fios do Nuacht an Iarthair go gcuirfear tús an tseachtain seo chugainn leis an obair le caoi a chur orthu.

Dúirt sé nach bhfuil an damáiste a rinneadh chomh dona agus a bhreathnaíonn sé.

Bhí an t-ábhar ar fad leagtha do na pontúin, agus tá seirbhísí ar nós uisce agus leictreachas dá gceangal faoi láthair.

Táthar ag súil go mbeidh an áit réidh le n-úsáid san Earrach, de réir eolais atá faighte ag Nuacht an Iarthair ón Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara. 

Is ar an 15ú lá de mhí Lúnasa 2016, a cuireadh tús leis an obair agus is é an conraitheoir L&M Keating atá ina bhun. 
 

Beo

Manglam Ceoil

Manglam Ceoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Bernie Boyle.

Bernie Boyle.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Brian Ó Broin.

Brian Ó Broin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Liam Ó Rocháin,Tommy Jim Mac Gearailt,Fergal Ó Sé;An Ghaeltacht i gcluiche leathcheannais peile na h-Eireann

Liam Ó Rocháin,Tommy Jim Mac Gearailt,Fergal Ó Sé;An Ghaeltacht i gcluiche leathcheannais peile na h-Eireann

 
Caomhín Ó Flannúra;Mara Beo agus Oideachas.

Caomhín Ó Flannúra;Mara Beo agus Oideachas.

 
Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill;Seirbhís farrantóireachta idir Santander & Corcaigh

Lorcan Ó Cinnéide agus Con Ó Conaill;Seirbhís farrantóireachta idir Santander & Corcaigh

 
Jamie Ó Tuama;Gaelinn.

Jamie Ó Tuama;Gaelinn.

 
An Saol ó Dheas 19ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 19ú Eanair 2019

 
Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

Colm Mac Fhionnlaoich, Oifigeach Caidrimh Poiblí Gaeltacht Bheo Fhanada.

 
Róisín Ní Choistealla agus Ciara Ni Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

Róisín Ní Choistealla agus Ciara Ni Dhuibhir, Pobalscoil na Rosann, Seosamh Ó Ceallaigh agus Helena Mhic Laifeartaigh.

 
Tom Beag Mac Giolla Easpaig, bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

Tom Beag Mac Giolla Easpaig, bainisteoir Foireann F21 CLG Ghaoth Dobhair.

 
An Teachta Dála Pearse Doherty.

An Teachta Dála Pearse Doherty.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 19/01/2018.

Barrscéalta, Clár iomlán, 19/01/2018.

 
Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

Séamus Mac Coitir, iar gharda, atá ina chónaí i mBearna.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

Caoimhe Nic Cába, Oifigeach Eolais le Pavee Point.

 
Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

Máirín Ní Ghadhra agus An tOllamh Donncha Ó Conaill.

 
Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

Brian Ó Ceallaigh, Ollamh i Scoil Gnó Ollscoil Chathair B.Á.C.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Robert McMillan, Saor Iriseoir,

Robert McMillan, Saor Iriseoir,

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Peadar Ó Riada; Bonn Óir Seán Ó Riada

Peadar Ó Riada; Bonn Óir Seán Ó Riada

 
Dr. Seán Ó Ceallaigh; DNA

Dr. Seán Ó Ceallaigh; DNA

 
An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2018

An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2018

 
Máire Mhic Comhaill.

Máire Mhic Comhaill.

 
An Leas Cheann Comhairle TD. Pat the Cope.

An Leas Cheann Comhairle TD. Pat the Cope.

 
Hughie Mac Giolla Easpaig.

Hughie Mac Giolla Easpaig.

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
John Ó Gallachóir.

John Ó Gallachóir.

 
An Cllr Séamus Ó Domhnaill.

An Cllr Séamus Ó Domhnaill.

 
Barrscéalta Déardaoin 18-01-2018

Barrscéalta Déardaoin 18-01-2018

 
Breandán Breathnach, ó Fhéile Cheoil an Gheimhridh, Féile Cois Sionainne.

Breandán Breathnach, ó Fhéile Cheoil an Gheimhridh, Féile Cois Sionainne.

 
An Dr. Anne Gillan.

An Dr. Anne Gillan.

 
Seosamh Ó Laoi, ball de bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Seosamh Ó Laoi, ball de bhord nua Údarás na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Dunaird, Cill Chiaráin.

Micheál Ó Dunaird, Cill Chiaráin.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Roibeárd Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí.

Roibeárd Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Comhairle Condae Chiarraí.

 
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

 
Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Reigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Reigiún, An Bhruiséil.

 
Déaglán de Breádúin, iriseoir.

Déaglán de Breádúin, iriseoir.

 
Lisa Nic an Bhreithimh, Feachtas ar Son Airsghairm an Ochtú Leasú.

Lisa Nic an Bhreithimh, Feachtas ar Son Airsghairm an Ochtú Leasú.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dáithí Mac Cárthaigh ar AA

Dáithí Mac Cárthaigh ar AA

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Cheárta

An Cheárta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís