Nuacht an Tuaiscirt: Díomá ar ÚnaG faoi chinneadh SLM Teo

Nuacht an Tuaiscirt: Díomá ar ÚnaG faoi chinneadh SLM Teo

Díomá ar ÚnaG nár pléadh fadhbanna SLM leo

Tá díomá ar Údarás na Gaeltachta nár dearnadh plé ar bith leo go raibh fadhbanna ag comhlacht SLM i nGaoth Dobhair, agus nár tugadh le fios daofa roimh ré go mbeadh an comhlacht ag druid.  

32 oibrí atá ag cailleadh a bpostanna.  Tugadh le fios dona hoibrithe nach bhfuil praifid a dhéanamh ag an chomhlacht i nGaoth Dobhair agus go raibh costais arda an gnó a reáchtáil i nGaoth Dobhair.  

Tá leachtaitheoir, Friel Stafford as Baile Átha Cliath ceaptha ar iarratas ó SLM.  Dúirt ionadaí an leachtaitheora go bhfuil tuarastal na n-oibrithe le híoc faoin 7ú lá d'Eanáir chomh maith le cibé íocaíochtaí saoire agus liúntas seachtaine scoir le híoc fosta.

Is ábhar díomá nach raibh plé ag SLM le hÚdarás na Gaeltachta sular fógraíodh cinneadh an chomhlachta tráthnóna inné, a deir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.  

Tá seans go mbeadh réiteach ag an Údarás ar cibé fadhbanna a bhí ag an chomhlacht, a dúirt sé.  

Níl sé maith go leor nach ndearna comhlacht a fuair an oiread tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta teagmháil leis an Údarás faoi na fadhbanna a bhí acu, a dúirt sé.  

Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go bhfuil teagmháil déanta aige leis an Aire Stáit Gaeltachta, an Teachta Dála Joe McHugh, ag iarraidh air castáil leis na hoibrithe a chaill a bpostanna, chomh luath agus is féidir.

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh gur drochscéala é do phobal Ghaoth Dobhair go bhfuil an comhlacht SLM ag druid.  

Dúirt siad go gcaithfidh Údarás na Gaeltachta gníomhú láithreach anois le cinntiú go bhfaighfear aon tacaíocht airgid a tugadh don chomhlacht arais.

 Ach sé'n rud is tábhachtaí anois ná tacú leis na daoine atá ag cailleadh a bpostanna, a dúirt ionadaithe poiblí Shinn Féin sa cheantar.  

Deir siad fosta go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh Bord úr Údaras na Gaeltachta a ainmniú á luaithe agus is féidir.

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go gcaithfear athrú a dhéanamh ar na cineál comhlachtaí atá ag teacht isteach go Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.  

Dúirt sé go bhfuil sé ag tarlú ró-mhinic go bhfaigheann comhlachtaí tacaíochta móra airgid ó Údarás na Gaeltachta le gnó a bhunú i nGaoth Dobhair agus ansin nach maireann siad i bhfad.  

Ní bhfaighidh an tÚdarás an t-airgead uilig a thug siad i bhfoirm deontais don chomhlacht SLM arais, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig agus níl seo maith go leor, a dúirt sé.

Breis maoinithe á thairiscint do limistéir pleanála teanga ag ÚnaG

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil €50,000 sa bhreis a cheadú acu do Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt lena bplean teanga a chur i bhfeidhm.  

D'fhógair an Roinn go mbeadh airgead breise a bhronnadh acu ar chúig Limistéar Pleanála Teanga, Limistéar Pleanála an Iarthuaiscirt ina measc.  

Clúdaíonn Limistéar Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Loch an Iúir agus Anagaire.  

Dúirt ball de Limistéar Pleanála an Iarthuaiscirt, Cathal Ó Gallachóir, níos luaithe an tseachtain seo, go raibh siad ag iarraidh cead beirt nó thriúr a fhostú leis an phlean a chur i bhfeidhm mar nach raibh glacadh acu le duine amháin.

 Bhí tairiscint €100,000 déanta ag an Údarás don phlean ach ní raibh an grúpa sásta leis an méid sin agus dúirt siad go raibh gá tuilleadh airgid a cheadú leis an phlean a chur i bhfeidhm.

Comórtas Gailf an Irish Open in Inis Eoghain

Dúirt John Mc Laughlin, Stiúrthóir Bóthair na Comhairle Conrae go bhfuil ullmhúcháin ar siúl faoi láthair maidir le Comórtas Idirnáisiúnta Gailf an Irish Open a bheas ar siúl in Inis Eoghain ar an bhliain seo chugainn.  

Dúirt sé go raibh cruinnithe le Garraíodóirí i mBaile Bhun Crannacha  faoi dhóigheanna leis na Timpealláin i Mainéar Uí Chuinneagáin, i gCeann a Droichid agus i mBun Crannacha a fhorbairt agus a mhaisiú.  

Beidh comhráití ar siúl fosta le Garraíodóirí Bhaile Leitir Ceanainn faoi dhóigheanna le Togra Comhpháirteach idir Leitir Ceanainn agus Inis Eoghain a chur ar bun.  

Measann John Mc Laughlin go mbeidh buiséad de €175,000 a dhíth leis na pleananna atá acu a chur i gcrích. Dúirt sé go ndéanfar plé ar chúrsaí tráchta agus sláinte amach anseo.

Lá oscailte d'eolaithe

Beidh Lá oscailte ag Comhlacht Randox ar an Chlochán Liath inniu.  Tá bainistíocht an Chomhlachta ag iarraidh ar Chéimithe, ar mhic léinn chomh maith le daoine proifisiúnta eile atá ag lorg poist mar eolaithe, nó innealtóirí teagmháil a dhéanamh leo.  

Dúirt Ciaran Richardson, Ceannasaí  Taighde agus Forbartha Randox,  go bhfuil  eolaithe  ag obair acu ar thograí  dírithe ar chúrsaí leighis agus sláinte agus go bhfuil deiseanna móra fostaíochta sa Chomhlacht.

Beidh an Lá eolais ar siúl inniu ón 10 go dtí'n 2 i Monarcha Randox, ar an Chlochán Liath.

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pól Mac Ruairí, ó Oileán Thoraigh.

Pól Mac Ruairí, ó Oileán Thoraigh.

 
An t-Easpag Fiontán Ó Monacháin, Easpag Chill Dara.

An t-Easpag Fiontán Ó Monacháin, Easpag Chill Dara.

 
Mír Spóirt.  Paddy Ó Gríofa

Mír Spóirt. Paddy Ó Gríofa

 
Seán Mac Congamhna, Comhairleoir Condae agus Ball ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta.

Seán Mac Congamhna, Comhairleoir Condae agus Ball ainmnithe ar Bhord nua Údarás na Gaeltachta.

 
Aindreas Ó Muineacháin, Teachta Dála.

Aindreas Ó Muineacháin, Teachta Dála.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Fiachna Ó Braonáin ó na Hot House Flowers.

Fiachna Ó Braonáin ó na Hot House Flowers.

 
Seán Ó Ciobháin, Iar-Chomhleacaí linn in Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.

Seán Ó Ciobháin, Iar-Chomhleacaí linn in Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Niamh Ní Dhrisceoil agus Ciara Ní Iceadha.

Niamh Ní Dhrisceoil agus Ciara Ní Iceadha.

 
John Ó Muircheartaigh; Dolores O' Riordan

John Ó Muircheartaigh; Dolores O' Riordan

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Uí Chofaigh, agus Máire Uí Mhurchú

Cáit Uí Chofaigh, agus Máire Uí Mhurchú

 
An Saol ó Dheas:  Dé Máirt 16 Eanáir 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 16 Eanáir 2018.

 
Patricia Ní Fhlatharta, múinteoir gairmthreorach i gColáiste na bPiarsach.

Patricia Ní Fhlatharta, múinteoir gairmthreorach i gColáiste na bPiarsach.

 
Micheál Ó Gionnáin, Cisteoir le Cumann Rothaíocht West Coast Wheelers.

Micheál Ó Gionnáin, Cisteoir le Cumann Rothaíocht West Coast Wheelers.

 
Pádraicín Beag Ó Súilleabháin, as Cuan na Loinge.

Pádraicín Beag Ó Súilleabháin, as Cuan na Loinge.

 
Muireann Ní Bhaoill, as Baile Locha a Riach agus an banna ceoil Sruth na Maoile.

Muireann Ní Bhaoill, as Baile Locha a Riach agus an banna ceoil Sruth na Maoile.

 
Donncha Ó hÉallaithe, ó Chumann Forbartha Chois Fharraige.

Donncha Ó hÉallaithe, ó Chumann Forbartha Chois Fharraige.

 
Aonghus McAnally, léiritheoir RTÉ.

Aonghus McAnally, léiritheoir RTÉ.

 
Norma Moriarty, Comhairleoir Contae, Ciarraí.

Norma Moriarty, Comhairleoir Contae, Ciarraí.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Déaglán de Bréadún.

Déaglán de Bréadún.

 
Ben Ó Ceallaigh, Comhairleoir Pleanála Teanga, Na Rosann.

Ben Ó Ceallaigh, Comhairleoir Pleanála Teanga, Na Rosann.

 
Pádraig Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

Pádraig Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

 
Tomás Ó Fátharta, Cumann Feilméaraí na hÉireann.

Tomás Ó Fátharta, Cumann Feilméaraí na hÉireann.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Caitríona Ní Cheannabháin, amhránaí.

Caitríona Ní Cheannabháin, amhránaí.

 
Frank Mac Brádaigh, Eagarthóir an Iris, An Timire.

Frank Mac Brádaigh, Eagarthóir an Iris, An Timire.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 15 Eanáir 2018.

Ardtráthnóna: Dé Luain 15 Eanáir 2018.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Éilís Ryan, Comhairleoir Condae.

Éilís Ryan, Comhairleoir Condae.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Ian Malcolm.

Ian Malcolm.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Seán Ó Lionáird.

Seán Ó Lionáird.

 
Donal Ó Conail, An Luan.

Donal Ó Conail, An Luan.

 
Debra Ní Shúilleabháin, Eimear Ní Mhurchú, Micheál Ó Braonáin agus Áine Uí Bheoláin.

Debra Ní Shúilleabháin, Eimear Ní Mhurchú, Micheál Ó Braonáin agus Áine Uí Bheoláin.

 
Conall Ó Móráin,agus Pádraig Ó hÉalaí.

Conall Ó Móráin,agus Pádraig Ó hÉalaí.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 15 Eanáir 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 15 Eanáir 2018.

 
Matt Ó Bradaigh.

Matt Ó Bradaigh.

 
Éamonn Ó Curráin.

Éamonn Ó Curráin.

 
Iarlaith Mac Fhionnghaile & Michéal Ó Giobúin

Iarlaith Mac Fhionnghaile & Michéal Ó Giobúin

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Paidí Ó Maolchiaráin

Paidí Ó Maolchiaráin

 
Load More...
Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís