Nuacht an Iarthair: Siopa nua ag Cló Iar-Chonnacht

Nuacht an Iarthair: Siopa nua ag Cló Iar-Chonnacht

Ag oscailt a siopa nua ar an Spidéal, dúirt Stiúrthóir Clór Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile gurb é dáiliú leabhair an dúshláin is mó rompu ach go bhfuil bhorradh ar díolachán i mbliana.  

Joe-Steve Ó Neachtain i mbun siosúir agus ag seoladh siopa nua Chló Iar-Chonnacht taobh le Ceardlann an Spidéil inniu. Tá cliar Chló Iar-Chonnachta - Lochlainn Ó Tuairisg (ar chlé), Lisa Mc Donagh, Micheál Ó Conghaile, Deirdre Ní Thuathail agus Bríd Bhreathnach ag faire agus ag ceiliúradh 


Cuirtear tuairim agus leathchéad scríbhinn chuig Cló Iar-Chonnacht sa bhliain. Foilsítear an tríú chuid acu; thart ar 1,000 cóip d’achan ceann.

Dúirt Micheál Ó Conghaile go bhfuil na haistriúcháin Gaeilge ar leabhair atá aitheanta i mBéarla ag cuidiú léitheoirí óga a mhealladh.

Cóip ó láimh an údair -  an file Áine Durkin ag síniú ceann dá gcnuasaigh sa tsiopa inniu


Le linn oscailt an tsiopa nua, sheol Joe Steve Ó Neachtain, cnusach filíochta le hÁine Durkin, saothar  a thuill aitheantas ag an Oireachtas. Tráthnóna, seoladh an tsraith leabhar do ghasúir, An Seachtar Stuama.

Bhunaigh Micheál Ó Conghaile an comhlacht foilsitheoireachta ina theach -  i mBéal a’ Daingean in 1985. Díolann an comhlacht foilsitheoireachta 30% dá leabhair ar an idirlíon.

Éirí as Sinn Féin an Seanadóra Trevor Ó Clochartaigh

- Clr. Ó Conchúir ag seasamh le Sinn Féin 

Deir an Comhairleoir Cathrach i nGaillimh le Sinn Féin, Cathal Ó Conchúir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil sé ag seasamh leis an bpáirtí faoi láthair agus go bhfuil sé le labhairt leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, a d'éirigh as an páirtí, as seo go ceann roinnt laethantaí.  

Thug sé le fios ar an gclár Adhmhaidin níos túisce, nár raibh aon tsúil aige le fógra an tSeanadóra Uí Chlochartaigh, mar go bhfuil an t-uafás oibre déanta aige ó toghadh é roinnt blianta siar. 

Duirt an Comhairleoir Cathrach, nach mbeadh iontas nach seasfadh Ó Clochartaigh don pháirtí mar gheall, bhí soiléar nach bhfaighfeadh sé ainmniúchán ag an gcoinbhinsiún Dé Domhnaigh. 

Tá agus bhí Cathal Ó Conchúir ar an eolas faoina líomhaintí a bhí déanta agus go raibh fiosrúchán ar bun maidir leis seo. 

Léirigh an Comhairleoir Cathrach Ó Conchúir a thacaíocht do pháirtí Shinn Féin ar maidin agus síleann sé nach mbeidh ag dul chun cinn ach iarrthóir amháin ag an gcoinbhinsiún roghnúcháin Dé Domhnaigh, sin í an Comhairleoir Cathrach Mairéad Farrell as Gaillimh. 

- Iontas ar Mhairéad Farrell faoi éirí as Uí Chlochartaigh

Dúirt an Comhairleoir Cathrach do Ghaillimh le Sinn Féin, Mairéad Farrell, ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, go raibh  iontas agus díomá uirthi féin gur éirigh Trevor ó Clochartaigh as an bpáirtí inné. 

Thug sí le fios go raibh súil aici go mbeadh an Seanadóir a cur a ainm chun cinn ag an gcoinbhinsiún Dé Domhnaigh. 

Ach deir an Comhairleoir Farrell, nach bhfuil aon bhunús leis an  gcaint atá déanadh inné gur cuireadh méadú súntasach ar bhallraíocht an pháirtí in achar gairid.

Conradh farantóireachta go hÁrainn bronnta ar Aran Ferries Teo go 2022

Tá an conradh don tseirbhís farrantóireachta go dtí 3 Oileán Árann ó Ros an Mhíl bronnta ag Roinn na Gaeltachta agus na nOileán ar Aran Ferries Teo.

Is é Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an T.D. Joe McHugh, a rinne an fógra faoin tseirbhís fharantóireachta phaisinéirí go dtí na hoileáin as Ros an Mhíl chomh maith le seirbhís iompair bóthair idir Ros an Mhíl agus Cathair na Gaillimhe, don tréimhse 2017 - 2022.

Cuirfear tús leis an gconradh inniu an 1ú Nollaig 2017 agus leanfar leis go dtí an lá deireanach de Samhain 2022.

Faoin gconradh seo beidh turais fillte ar fáil idir Inis Mór agus Ros an Mhíl agus idir Inis Meáin/Inis Oírr agus Ros an Mhíl chuile mhaidin agus tráthnóna seacht lá na seachtaine chomh maith le seirbhís lár an lae ar an Domhnach sna míonna ó Bhealtaine go dtí Meán Fómhair.  

Post HSE le bogadh go Gaillimh 

D'fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go bhfuil an post mar Oifigeach Forbartha Gaeilge do Réigiún an Oirthir len aistriú go Gaillimh.

Tá an té a bhí sa bpost do réigiún an Oirthir éirithe as, agus beidh cúramaí an oirthir fós i gceist leis an bpost ach gur i nGaillimh a bheidh an post lonnaithe feasta a thug urlabhraí de chuid na Feidhmeannachta le fios do Nuacht an Iarthair.

Anna Ní Laoi le díospóireacht sa Seanad

Tá Anna Ní Laoi ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua roghnaithe le páirt a ghlacadh i nDíospóireacht na nÓg i Seanad Éireann mar chuid den chlár cuimhneacháin 100 bliain ó fuair mná cead vótála sa tír seo.

Beidh ar an dream atá roghnaithe don díospóireacht freastal ar trí cheardlann díospóireachta i dTeach Laighean le réiteach don phríomh-dhíospóireacht a bheidh acu sa Seanad ar an 17ú lá d'Aibreán na bliaian seo chugainn.

Inniu a bheidh an chéad cheardlann ar bun.
 

Beo

Cóisir Cheoil

Cóisir Cheoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Seanadóir Rónán Mullan.

An Seanadóir Rónán Mullan.

 
John Downing.

John Downing.

 
Brian Ó Broin.

Brian Ó Broin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Seán Ó Loingsigh;Trácht ar Tom Crean

Seán Ó Loingsigh;Trácht ar Tom Crean

 
Gillian Ní Bhriain agus Émonn Mac Muiris;Cúrsa caide na Cásca

Gillian Ní Bhriain agus Émonn Mac Muiris;Cúrsa caide na Cásca

 
Muiris Ó Fiannachta;Babhláil

Muiris Ó Fiannachta;Babhláil

 
John Spillane;Finscéál an Locha

John Spillane;Finscéál an Locha

 
Tommy Jim Mac Gearailt Coláistí Chorca Dhuibhne

Tommy Jim Mac Gearailt Coláistí Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 22ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 22ú Feabhra 2018

 
Antaine Ó Donnaile.

Antaine Ó Donnaile.

 
Máire Ní Chasaide.

Máire Ní Chasaide.

 
Micheál Mac Aoidh & Áine Durkin.

Micheál Mac Aoidh & Áine Durkin.

 
Mairéad Uí Fhuaruisce.

Mairéad Uí Fhuaruisce.

 
Mairtín Ó Faoláin.

Mairtín Ó Faoláin.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Barrscéalta  Déardaoin 22-02-2018.

Barrscéalta Déardaoin 22-02-2018.

 
An Comhairleoir Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.

An Comhairleoir Mícheál Mac Donncha, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.

 
Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin Cluain Dolcáin.

Brian Ó Gáibhín, Áras Chrónáin Cluain Dolcáin.

 
Pádraig Ó hUiginn, Institiúid Uí Riain, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Pádraig Ó hUiginn, Institiúid Uí Riain, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Séamus Ó Drisceoil, Bainisteoir Chomharchumann Chléire.

Séamus Ó Drisceoil, Bainisteoir Chomharchumann Chléire.

 
Alan Ó Baoid, Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gaeltachta.

Alan Ó Baoid, Feidhmeannach Forbartha Údarás na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Rónán Mac Con Iomaire- Straitéis nua RTÉ

Rónán Mac Con Iomaire- Straitéis nua RTÉ

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Diarmuid Mulcahy, as Ciarraí ó dhúchas ach atá ina chonaí i nGaillimh.

Diarmuid Mulcahy, as Ciarraí ó dhúchas ach atá ina chonaí i nGaillimh.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Feabhra 2018.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Micheál Ó hUanacháin, Tráchtaire ar chúrsaí sa meánmhuir.

Micheál Ó hUanacháin, Tráchtaire ar chúrsaí sa meánmhuir.

 
Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Janet Muller, Stiúrthóir POLAB.

Janet Muller, Stiúrthóir POLAB.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2018

 
Pluincéad Ó Fearraigh.

Pluincéad Ó Fearraigh.

 
Máire Ní Bhraonáin.

Máire Ní Bhraonáin.

 
Caitríona Ní Fhrighil. Slimming World.

Caitríona Ní Fhrighil. Slimming World.

 
Rosaleen Mhic  Gairbheith.

Rosaleen Mhic Gairbheith.

 
Todhchaí Otharlainn Pobail i nDún na nGall.

Todhchaí Otharlainn Pobail i nDún na nGall.

 
Barrscealta De Ceadaoin 21-02-2018

Barrscealta De Ceadaoin 21-02-2018

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Thomas Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil.

Thomas Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil.

 
Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach COGG

Dónal Ó hAiniféin, cathaoirleach COGG

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís