Nuacht an Tuaiscirt: Meánchíos tí

Nuacht an Tuaiscirt: Meánchíos tí

Meánchíos tí

Tá an meánchíos tí i nDún na nGall ar an dara leibhéal is ísle sa tír, de réir staidéar atá foilsithe ag an suíomh idirlíne Daft.ie inniu. 592 euro sa mhí an meánchíos ar theach sa chondae seo, sin  ardú de 5.5 fán gcéad le bliain anuas. Ach deir an Teachta Dála Thomas Pringle go bhfuil an mean chíos tí i gCondae Dhún na nGall ró-ard agus  gur ardaigh an cíos sa chondae  22% on am is isle a bhí an rata cíosa , ach  nár ardaigh scéim HAP , a bheir tacaíocht cíosa do dhaoine ach uair amháin.  Dúirt se go bhfuil deacrachtaí móra ag teaghlaigh a gcuid cíosa a ioc agus nar leor méid an  tacaíochta  a fhaigheann siad  on Rialtas. Deir an Teachta Pringle fosta go gcaithfear brú a chur ar an Rialtas níos mó aonaid tithíochta sóisialta a thógáil i gContae Dhún na nGall.  

Iascaireacht

Rialaigh an Breitheamh Paul Kelly ag Cúirt Dúiche an Chlochán Léith inniu go gcaithfidh an Stáit íoc as costaisí do na cosantóirí ar fad do na suíonna cúirte a bhain le iascaireacht gan ceadúnas ar abhainn Ghaoth Beara. Bhí breis agus 150 toghairm cúirte i gceist in éadan leathchéad iascaire, cásanna a ghlac Iascach Intíre na hÉireann a chuaigh siar go 2008, ach caitheadh an cás amach i mí an Mhárta anuraidh. Dúirt an Breitheamh Kelly  gur tarraingíodh siar na cásanna seo mar gheall ar easnamh sa dlí a chur bac ar na húdaráis dhul ar aghaidh le na cásanna maidir le daoine bheith ag iascaireacht gan na ceadúnais chearta.
Chuaigh na cásanna ar aghaidh ar feadh tamall fada a dúirt sé, agus nár chóir do Iascach Intíre na hÉireann a ghabháil ar aghaidh le na cásanna seomuna raibh siad in ann iad a ionchúiseamh agus go raibh costas measartha mór ar na cosantóirí.  Dúirt an Breitheamh Paul Kelly nach ag tabhairt a bhreithiúnas ar an chás féin a bhí sé, ach ar na costaisí agus rialaigh sé go níocfaí costaisí achan chosantóir. Cuireadh an cás siar go dtí'n 13ú Márta le deis a thabhairt don dá thaobh theacht ar shocrú faoi mhéid na gcostas. 

Otharlann Leitir Ceanainn


Dúirt an dochtúir teaghlaigh Tony Delap as Gaoth Dobhair go bhfuil na liostaí feithimh ata in Otharlann Leitir Ceanainn ar na liostaí is faide sa tír agus gur chun olcais ata cúrsaí ag gabháil. Dúirt se go mbeidh géarchéim arís in Otharlann Leitir Ceanainn an geimhreadh seo mar go bhfuil an Otharlann ró-bheag don Chontae. Dúirt an Dr Delap nach bhfuil se ceart ná cóir go bhfuil ar othair as Dun na nGall taisteal go hOtharlanna i mBaile Átha Cliath le cóir leighis a fháil mar gheall ar dheacrachtaí le plódú in Otharlann Leitir Ceanainn.  Agus Beidh an Teachta Dála Charlie McConalogue ag cur ceiste sa Dáil tráthnóna ar an Aire Oideachais ag iarraidh air maoiniú de 1.8 milliún euro a chur ar fáil le barda gearrthéarmach 20 leaba a oscailt ag Otharlann Leitir Ceanainn, le cuid den bhrú a thógáil ón Otharlann. 

Séarachas

Bhí scrúduithe déanta ar 100 damhach séarachais i gCondae Dhún na nGall anuraidh, de réir figiúirí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Fuarthas amach go raibh 52 damhach acu seo a bhí ag cloí le treoirlínte sláinte agus sábháilteachta agus go raibh 48 nach raibh ag cloí leis na treoracha seo. Bhí ábhar ag sileadh ó 25 damhach a dearnadh scrúduithe orthu, bhí 44 ceann acu nach raibh an diúscaradh ag cloí le rialach comhshaoil agus 47 ceann a raibh baol ann do shláinte nó don timpeallacht mar gheall ar an bhail a bhí ar an damhach. 

Cíos tí

Tá an meánchíos tí i nDún na nGall ar an dara leibhéal is ísle sa tír, de réir staidéar atá foilsithe ag an suíomh idirlíne Daft.ie inniu. 592 euro sa mhí an meán chíos ar theach sa chondae seo, sin  ardú de 5.5 fán gcéad le bliain anuas. 

Jim Ferry

D'ordaigh an Ard-Chúirt inné go gcaithfidh úinéir ants a chuir ar fail don Chúirt ar an tsuim airgid a d'íoc Wers Waste as Gaillimh leis, as a ghnó a ghlacadh idir lámha. Rinneadh na horduithe seo ar iarratas ó Chomhairle Condae Dhún na ngall. Ní raibh Jim ferry sa chúirt inné agus ta barántas gabhála amuigh fána choinne. Fuarthas na mílte tonna de bhruscar a cuireadh agus a fágadh ar an láthair go mídhleathach i mí na Samhna anuraidh nuair a rinne an Chomhairle Contae ruathar a chuid tailte.

Daoine gan dídean

Pléifear an fhadhb atá i Leitir Ceanainn le daoine atá fágtha gan dídean nó lóistín ag cruinniú de Cheantar Bardais Leitir Ceanainn inniu. Tarraingíodh aird ar an fhadhb ag an deireadh seachtaine mar go raibh triúr fear ina gcodladh ar na sráideacha i lár Leitir Ceanainn , mar nach raibh an brú a chuireann leapacha ar fáil daofa siúd gan dídean in ann cuidiú leo. Tá an brú sin , ina bhfuil 10 seomra, lán faoi láthair agus níl spás ann do dhaoine úra a dúradh. Dúirt an Comhairleoir Ciarán Brogan go gcaithfear iarracht a dhéanamh breis lóistín gearrthéarmach a aimsiú do dhaoine gan dídean nó ar an ghannchuid sa chondae.

Ionad gaoithe

Beidh ócáid eolais ag Comhlacht Gaoithe Huntstown Windfarm in Ionad Pobail Inbhear inniu  le heolas a thabhairt an  fhorbairt atá beartaithe ag an Chomhlacht. Tá pleananna idir lámha ag an Chomhlacht trí thuirbín ghaoithe a thógáil ag Min na Gráinneoige agus Alt Corr i bParóiste Inbhear.  Tá cuid den talamh faoi chúram Coillte agus beidh ionadaí ó Choillte i láthair ag an ócáid inniu chomh maith. Bhéarfar deis don phobal na pleananna a scrúdú inniu agus ceisteanna a chur maidir leis na pleananna. Beidh an ócáid inniu idir 2 agus 6 a chlog.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

 
Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

 
Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

 
Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

 
Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

 
Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

 
John Boyle, INTO.

John Boyle, INTO.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

 
Tríona Ní Lionáin; gradaim All stars gnó

Tríona Ní Lionáin; gradaim All stars gnó

 
Micléinn Ard dioplóma Nemeton

Micléinn Ard dioplóma Nemeton

 
Dáithí de Mordha;Cáipéise 1846 maidir le Dún Chaoín.

Dáithí de Mordha;Cáipéise 1846 maidir le Dún Chaoín.

 
Máire Seó Breathnach;Féile Bídh agus cúrsaí gaolainne sa Chomhairle

Máire Seó Breathnach;Féile Bídh agus cúrsaí gaolainne sa Chomhairle

 
An Saol ó Dheas 18ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 18ú Aibreán 2018

 
Clodagh Ní Ghallachóir & Étáin Haicéad.

Clodagh Ní Ghallachóir & Étáin Haicéad.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Conal Ó Máirtín .

Conal Ó Máirtín .

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
Dónal K Ó Baoill.

Dónal K Ó Baoill.

 
Pól Mac Cumhaill.

Pól Mac Cumhaill.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Céadaoin 18-04-2018.

Barrscéalta Dé Céadaoin 18-04-2018.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séamus Ó Drisceoil, Comhlacht Farantóireachta Oileán Cléire.

Séamus Ó Drisceoil, Comhlacht Farantóireachta Oileán Cléire.

 
Páidí Ó Dochartaigh, Oifigeach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Páidí Ó Dochartaigh, Oifigeach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire.

 
Siobhán Denvir Bairéad, Baile Éamoinn Teoranta.

Siobhán Denvir Bairéad, Baile Éamoinn Teoranta.

 
Richie Ó hEadhra, Uisce Éireann.

Richie Ó hEadhra, Uisce Éireann.

 
An Feisire Eorpach Seán Kelly.

An Feisire Eorpach Seán Kelly.

 
An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, T.D.

An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, T.D.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Priomhscéalta na Nuachtán.

Priomhscéalta na Nuachtán.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Rónán Beo@3

Rónán Beo@3

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís