Nuacht an Tuaiscirt:Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

Nuacht an Tuaiscirt:Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

Gá le mionscrúdú ar shonraí POBAL

'Tá gá le saineolaí a theacht go ceantar Iarthuaisceart Dhún na nGall agus mionscrúdú a dhéanamh ar na sonraí a tháinig chun solais sa tuairisc a d'fhoilsigh an grúpa POBAL an tseachtain is a chuaigh thart', a deir Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Dúirt Séamus Ó Briain go gcaithfear staidéar sóisialta a chur i gcionn a chéile agus eolas a bhailiú a chuideodh plean a chur le chéile le fostaíocht cheart a chruthú daofa siúd a bhfuil cáilíochtaí tríú leibhéal bainte amach acu agus daoine óga a mhealladh ina bhaile.

Léiríodh sa tuairisc go bhfuil ceantair Ghaeltachta i gCo.Dhún na nGall, Gaoth Dobhair ina measc, atá go mór faoi mhíbhuntáiste.

'Dá mbeadh fostaíocht ar fáil sa cheantar agus an ghlúin óg ag fanacht, bheadh tionchar dearfach aige sin ar sheirbhísí, ar scoileann, ar chúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta', a dúirt sé.

'Ceantar saoire Samhraidh a bheas i dtuaisceart Dhún na nGall muna ndéanfar rud inteacht láithreach le fostaíocht a chruthú' a dúirt Séamus Ó Briain.

Toscaireacht ag dul go Boston

Bhéarfaidh   toscaireacht as Co.Dhún na nGall a n-aghaidh inniu  ar Bhoston mar pháirt de chomhoibriú atá idir Dún na nGall, Doire agus an Srath Bán.

Beidh ionadaithe o Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin ar an toscaireacht chomh maith le hionadaithe ó chomhlachtaí as an réigiún.  

I measc na gcomhlachtaí Gaeltachta ata ar an turas, tá Randox ar an Chlochán Liath, Meastóirí Domhanda ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus Algaran Teo i nGleann Cholm Cille, bhéarfar  deis do na  comhlachtaí castáil le gnóthaí eile le margaidh agus nascanna a chothú.

Caithfidh siad seachtain thall. 

Sraith cláracha 'Bus Ghlaschú' seolta in Amharclann Ghaoth Dobhair

Thug Ard Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont  le fios gur cheart do TG4 béim a chur ar chláracha pobal bhunaithe  atá déanta sa Ghaeltacht. 

Bhí sé ag tagairt don tsraith cláracha "Bus Ghlaschú" Le Helena Ní Ghallachóir as Oileán Árainn Mhór, a seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair inné.

Dúirt sé go raibh tús curtha acu le 'Comhlacht ANIAR' a bhfuil oifigí acu i nGaoth Dobhair agus i gConamara agus go bhfuil súil acu béim a chur ar scéalta a bhaineann leis an phobal.

Thug sé le fios go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann,  an BAI ,thar a bheith tábhachtach ó thaobh maoiniú a chur ar fáil de.

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil sé i gceist ag TG4 méadú a dhéanamh ar an nuacht agus ar chúrsaí reatha agus  go mbeidh comhoibriú á dhéanamh acu le RTÉ chun an tseirbhís nuachta agus cúrsaí  reatha a fhorbairt sa todhchaí.  

Cosc ar lánúin óga maidir le tógáil faoin tuath

Beidh cosc ar lánúin óga tithe cónaithe a thógáil faoin tuath de bharr athraithe atá beartaithe ag an Rialtas mar cuid de phlean forbartha 'Éire 2040- Ár bPlean'  a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill. 

'Cé go bhfuil bailte agus cathracha úra beartaithe sa phlean ní bheidh ceann ar bith tógtha  níos faide ó thuaidh ón líne idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh' a dúirt sé .

Deir an Seanadóir Ó Domhnaill go raibh moladh sa chéad dréachtphlean go mbeadh cathair le tógáil  sna blianta amach anseo le freastal ar réigiún  iarthuaisceart na tíre  ach  tá an moladh seo fágtha ar lár anois, rud a chiallaíonn go bhfágfar an réigiún scartha amach ón chuid eile den tír agus faoi  mhíbhuntáiste sóisialta.

Deir an Seanadóir O Domhnaill nach bhfuil   tagairt ar bith sa dréachtphlean do  cheantair  thíreolaíochta chontae Dhún na nGall, áit a bhfuil easpa infheistíochta agus forbartha ann le fada an lá.  

Deir sé  nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an tionchar a bheas ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar réigiúin na teorann  agus go gcaithfear an réigiún seo  a aithint  mar cheantar ina gcaithfear infheistíocht mar is ceart a dhéanamh ann .  

Deir Brian O Domhnaill in aighneacht atá curtha aige chuig an Rialtas  go gcaithfear  béim i bhfad níos mó a bheith ar na réigiúin  Ghaeltachta le haitheantas a thabhairt do thábhacht theangeolaíoch, shóisialta, agus chultúrtha na réigiúin seo 

Beidh agallamh leis an Seanadóir Ó Domhnaill ar 'Bharrscéalta'.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Gearóidín Nic an Iomaire

Gearóidín Nic an Iomaire

 
Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

 
Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

 
Daniel Mac Gaoithín & Tom Mac Giolla Easpaig.

Daniel Mac Gaoithín & Tom Mac Giolla Easpaig.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Éamonn Ó Gallachóir.

Éamonn Ó Gallachóir.

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
Brian Ó Cuinneagáin.

Brian Ó Cuinneagáin.

 
An Cllr. Séamus Ó Domhnaill.

An Cllr. Séamus Ó Domhnaill.

 
An tAthair Cathal Ó Fearraigh.

An tAthair Cathal Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 17-11-2017

Barrscéalta Dé hAoine 17-11-2017

 
Bliain na Gaeilge

Bliain na Gaeilge

 
Paddy Ó Gríofa

Paddy Ó Gríofa

 
Thomas Byrne, urlabhraí oidheachais Fhianna Fáil

Thomas Byrne, urlabhraí oidheachais Fhianna Fáil

 
Peadar Ó Caomhánaigh, Scor-Gníomhach Éireann

Peadar Ó Caomhánaigh, Scor-Gníomhach Éireann

 
An tAthair Pádraig Ó Neachain, Cape Town

An tAthair Pádraig Ó Neachain, Cape Town

 
Joe Tiernan, iriseoir agus tráchtaire ar chúrsaí coiriúlachta

Joe Tiernan, iriseoir agus tráchtaire ar chúrsaí coiriúlachta

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

 
Príomhscéalta na Nuachta Náisiúnta Idirnáisiúnta agus Gaeltachta

Príomhscéalta na Nuachta Náisiúnta Idirnáisiúnta agus Gaeltachta

 
Conchúir O Brosnachain;Brú ar óispidéil

Conchúir O Brosnachain;Brú ar óispidéil

 
Diarmaid O Donnabháin agus Johnny Mac Uidhir;Díomá i gCorcaigh agus i gCíll Airne gan Corn Rugbaí an Domhain bheith chughainn

Diarmaid O Donnabháin agus Johnny Mac Uidhir;Díomá i gCorcaigh agus i gCíll Airne gan Corn Rugbaí an Domhain bheith chughainn

 
Ailbhe Ní Ghairbheith;Trácht ar fhilíocht Bhríd Ní Mhóráin

Ailbhe Ní Ghairbheith;Trácht ar fhilíocht Bhríd Ní Mhóráin

 
Tríona Ní Lionnáin;sliocht an oileáin ag filleadh ar cuairt./

Tríona Ní Lionnáin;sliocht an oileáin ag filleadh ar cuairt./

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;oisirí.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;oisirí.

 
An Saol ó Dheas 16ú Samhain 2017

An Saol ó Dheas 16ú Samhain 2017

 
Séamus Mac Cionnaith.

Séamus Mac Cionnaith.

 
An TD. Pat the Cope Ó Gallachóir.

An TD. Pat the Cope Ó Gallachóir.

 
Terence Ó Duibhir.

Terence Ó Duibhir.

 
Cian Ó Murchú.

Cian Ó Murchú.

 
Catherine Lyster.

Catherine Lyster.

 
An tAire Stáit Joe Mc Hugh.

An tAire Stáit Joe Mc Hugh.

 
James Anthony Mac Fhionnghaile.

James Anthony Mac Fhionnghaile.

 
Barrscéalta  16-11-2017.

Barrscéalta 16-11-2017.

 
Jimmy Chearra, Lochlainn Ó Tuairisg, Breandán & Ruaidhrí Ó Tuairisg, Máirín Mhic Lochlainn, Seán Ó Neachtain & Donncha Ó hÉallaithe.

Jimmy Chearra, Lochlainn Ó Tuairisg, Breandán & Ruaidhrí Ó Tuairisg, Máirín Mhic Lochlainn, Seán Ó Neachtain & Donncha Ó hÉallaithe.

 
Annemarie McDermott, iriseoir, Londain.

Annemarie McDermott, iriseoir, Londain.

 
Caoimhín Ó hEaghra, Ardrúnaí, An Foras Pátrúnachta.

Caoimhín Ó hEaghra, Ardrúnaí, An Foras Pátrúnachta.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae Chiarraí.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála Gaillimh Thiar.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála Gaillimh Thiar.

 
Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, Comhairleoir Condae Dhún na nGall.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Éilís Ryan, Comhairleoir Bhaile Átha Cliath, Páirtí na nOibrithe.

Éilís Ryan, Comhairleoir Bhaile Átha Cliath, Páirtí na nOibrithe.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír Cartlainne.

Mír Cartlainne.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís