Nuacht an Tuaiscirt: Dún na nGall faoi mhíbhuntáiste

Nuacht an Tuaiscirt: Dún na nGall faoi mhíbhuntáiste

Dún na nGall faoi mhíbhuntáiste - Pobal

Tá Dún na nGall ar cheann de na contaetha is mó atá faoi mhíbhuntáiste sa tír, de réir an innéacs úr atá foilsithe ag an ghrúpa POBAL.  

Tá ceantracha áirithe sa chontae ina bhfuil an pobal go mór faoi mhíbhuntáiste, mar shampla, i gceantracha Gaeltachta i nGaoth Dobhair, sna Rosa, sa Ghaeltacht Lár agus in Ard an Rátha.  

Rinneadh an innéacs a chur le chéile le heolas ó Dhaonáireamh 2016.  Bhí leibhéal dífhostaíochta de 20.2% i measc na bhfear sa chontae, agus 15.9% i measc na mban.  

Ar Oileán Árainn Mhór, atá aitheanta mar cheantar atá go mór faoi mhíbhuntáiste, tá 42.5% den phobal nach bhfuil ach oideachas bunscoile acu.  

Bhí leibhéal dífhostaíochta de 48.5% i measc fir an oileáin, agus 28.3% i measc na mban.  I Mín an Chladaigh, ceantar eile atá go mór faoi mhíbhuntáiste bhí ráta dífhostaíochta de os cionn 50 % i measc fir agus mná.  

Luadh an Ghaeltacht Lár agus an ceantar in aice leis an Dubhchoraidh mar cheantar atá buailte ag dífhostaíocht, tá os cionn 30% i measc fir agus mná.  

Táthar ag súil go mbainfidh an Roinn Oideachais úsáid as na stataisticí seo le scoilteanna a rangú faoi Scéim Deis agus ag na húdaráis sláinte le seirbhísí breise a sholáthar don phobal.

Fóram Alcóil i Leitir Ceanainn inniu

Beidh Comhdháil Náisiúnta ag an Fhóraim Alcól inniu i Leitir Ceanainn.  

Sé 'Éirinn, Éireannachas agus Alcól, agus ag athrú an chaidrimh le halcól' téama na comhdhála a bhéas ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.  

Beidh plé a dhéanamh ar an dochar a ní an iomarca alcóil agus ar an tionchar a bhíonn aige ar shaol agus ar shláinte.  

I measc na gcainteoirí a bhéas i láthair beidh an Dr Jean Long ón Bhord Taighde Sláinte, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh agus an Dr David Jernigan ón Lár Ionad do Mhargaíocht Alcóil.  Seo an ceathrú comhdháil náisiúnta ag an Fhóraim Alcól. 

Comhlacht ag bagairt bogadh trasteorainn

Tá an baol ann go mbeidh ar Chomhlacht mór Treidliachta atá lonnaithe i Leitir Ceanainn druid agus athlonnú i gContae Thír Eoghain.  

Dúirt Gerard Roarty ó Otharlann na nAinmhithe i nDún na nGall, gur an Bhreatain a bheith ag fágáil Aontas na hEorpa agus ganntanas  tréidlianna a earcú, an dá chúis ata leis an chinneadh seo.  

Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí móra acu tréidlianna a earcú a bhíonn ag obair le hainmhithe móra agus go bhfuil rialacha atá deacair a chomhlíonadh a gcur i bhfeidhm ag an Roinn Talmhaíochta sa tír seo.  

Dúirt sé go bhfuil sé níos fusa ag Tréidlianna oibriú sna 6 chontae áit nach bhfuil an oiread coinníollacha le comhlíonadh.
 

Ola ar bhóithre le bheith fiosruithe

Tá sé cinntithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall don Chomhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfiosróidh  Grúpa Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall an chúis atá leis an oiread ola a bheith doirtithe ar bhealtaí na contae le gairid.  

Mhol an Comhairleoir Ó Fearraigh an mhí is a chuaigh thart go mbeadh comhoibriú idir na páirtithe agus áisíneachtaí éagsúla sa Chomhairle leis an scéal a fhiosrú, mar gheall ar an oiread taismí bóthair a tharla le tamall.  

Pléifear seo ag cruinniú a bhéas ar siúl maidin inniu ag a mbeidh baill de na Gardaí, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Seirbhís Óige Dhún na nGall agus Bonneagar Iompar Éireann.  

Tá an Comhairleoir Ó Fearraigh ag lorg eolais ar an líon uaireanta ar baineadh úsáid as trealamh speisialta le dhul i ngleic le taismí bóthair áit a raibh ola doirtithe.

€11k do Bhuíonn Ceoil Chloich Cheann Fhaola

Tá deontas thar €11,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh do Bhuíon Cheoil Sinsir Chloich Cheann Fhaola le huirlisí ceoil a cheannacht.  

Bunaíodh Buíon Cheoil Sinsear Chloich Cheann Fhaola arís i mí Lúnasa 2016 le fáilte a chur roimh an bhuíon cheoil sóisir na bhaile i ndiaidh daofa Craobh na hÉireann a bhaint ag Fleadh Cheoil na hÉireann.  

Socraíodh go ndéanfaí iarracht an bhuíon cheoil a choinneáil le chéile agus d'fhreastal siad ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i mbliana le 36 ball.  

Dúirt an tAire Stáit Mc Hugh go bhfuil sé sásta an t-airgead seo a cheadú do bhuíon cheoil atá ag cur chun cinn cúrsaí ceoil agus teanga i gCloich Cheann Fhaola.

Gradaim Gnó

Beidh ócáid bhronnta ghradaim gnó Leitir Ceanainn, atá eagraithe ag Cumann tráchtála Leitir Ceanainn, ar siúl anocht.  

Tá deis ag an phobal bhóta a chaitheamh de phearsa gnó Leitir Ceanainn na bliana seo atá urraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  

Tá triúr ainmnithe don Ghradam i mbliana, Manus Kelly ó chomhlacht TFS agus a mbeadh aithne air mar thiománaí Railí a bhain Railí idirnáisiúnta Dhún na nGall i mbliana.  

Chomh maith leis sin tá Christopher Molloy atá i mbun gnó an Lemon Tree Restaurant agus an tríú duine nó Mark Doherty atá ina stiúrthóir ar Phictiúrlann Century Cinemas.


 

Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Margret Uí Riada.

Margret Uí Riada.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Cathal Ó Conchubhair CC.

Cathal Ó Conchubhair CC.

 
Póilín Ní Chiaráin.

Póilín Ní Chiaráin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Mír ón gcartlann le Tomás Ó Cinnéide; Máiréad Ní Chinnéide

Mír ón gcartlann le Tomás Ó Cinnéide; Máiréad Ní Chinnéide

 
Eoin Warner agus a bheirt mhac, Tristan agus Ferdia

Eoin Warner agus a bheirt mhac, Tristan agus Ferdia

 
Toiréasa Ní Fhearaíosa

Toiréasa Ní Fhearaíosa

 
Diarmuid Ó Sé

Diarmuid Ó Sé

 
An Saol Ó Dheas, Dé Luain 20ú Samhain 2017

An Saol Ó Dheas, Dé Luain 20ú Samhain 2017

 
Anne Marie Ní Chuirreáin.

Anne Marie Ní Chuirreáin.

 
Colm Ó Dúlacháin. Cllr. Michéal Cholm & Hiudaí Ó Fearraigh

Colm Ó Dúlacháin. Cllr. Michéal Cholm & Hiudaí Ó Fearraigh

 
Damien Ó Dónaill.

Damien Ó Dónaill.

 
Fionnán Ó hÓgáin.

Fionnán Ó hÓgáin.

 
An T.D. Piaras Ó Dochartaigh .

An T.D. Piaras Ó Dochartaigh .

 
Barrscéalta Dé Luain 20-11-2017.

Barrscéalta Dé Luain 20-11-2017.

 
Dr. Niall O Cléirigh, Uachtarán -Acadamh na Lianna.

Dr. Niall O Cléirigh, Uachtarán -Acadamh na Lianna.

 
Donncha Ó Conchúir, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid.

Donncha Ó Conchúir, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid.

 
Séamus Ó Domhnaill , Comhairleoir contae , Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill , Comhairleoir contae , Dhún na nGall.

 
Colm Ó Mainnín, Ros Muc.

Colm Ó Mainnín, Ros Muc.

 
An tAth. Pádraig Ó Neachtain,  Capetown ,  An Afraic Theas.

An tAth. Pádraig Ó Neachtain, Capetown , An Afraic Theas.

 
Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach , Gaillimh.

Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach , Gaillimh.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Micheál  Ó Leidhin, Ard Fheis Shinn Féin.

Micheál Ó Leidhin, Ard Fheis Shinn Féin.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Stephen King ar scáileáin

Stephen King ar scáileáin

 
Bruadar

Bruadar

 
This Beach

This Beach

 
Romeo and Juliet

Romeo and Juliet

 
'Star of the Sea'

'Star of the Sea'

 
An Cheárta 19 Samhain

An Cheárta 19 Samhain

 
Julian de Spáinn ar Bhliain na Gaeilge

Julian de Spáinn ar Bhliain na Gaeilge

 
Gearóidín Nic an Iomaire

Gearóidín Nic an Iomaire

 
Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

 
Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

 
Daniel Mac Gaoithín & Tom Mac Giolla Easpaig.

Daniel Mac Gaoithín & Tom Mac Giolla Easpaig.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Éamonn Ó Gallachóir.

Éamonn Ó Gallachóir.

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
Brian Ó Cuinneagáin.

Brian Ó Cuinneagáin.

 
An Cllr. Séamus Ó Domhnaill.

An Cllr. Séamus Ó Domhnaill.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís