Nuacht an Tuaiscirt: Inis Eoghain

Nuacht an Tuaiscirt: Inis Eoghain

Inis Eoghain

Tá íocaíochtaí faighte ag trí scór teaghlach as Inis Eoghain a chaill maoin sna tuilte le troscáin agus earraí leictreach a cheannacht, do réir an eolais atá tugtha inniu ag an Aire Stáit Joe McHugh. Dúirt an tAire McHugh gur cuireadh tacaíocht ar fáil faoi scéim eile do 140 teaghlach in Inis Eoghain cheana féin,  le bia agus éadach a cheannacht go díreach i ndiaidh na dtuilte.

Bonneagar

Beidh cruinniú amárach ag Bonneagair Iompair Éireann leis na conraitheoirí atá i mbun na hoibre ar an droichead ag stáisiún Ghaoth Dobhair, ar iarratas ón Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Cuireadh tús dhá mhí ó shin le obair ag láidriú an droichid. Rinne an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig teagmháil le Bonneagair Iompair Éireann faoina soilse tráchta do thrácht atá ag dul ón Bhun Bheag i dtreo Dhún Lúiche, agus an mhoill fhada a bhíonn leo.

Múinteoirí ionadaíocha

Tá fadhbanna ag bunscoileanna tuaithe i nDún na nGall múinteoirí ionadaíocha a aimsiú, a thug Uachtarán Chumann Múinteoirí Éireann John Boyle le fios inniu. Dúirt sé go bhfuil fadhb mhór i mbunscoileanna i gcathracha na tíre le múinteoirí a fháil le tréimhse ionadaíochta a dhéanamh, mar go bhfuil múinteoirí óga imithe ar imirce, ach go bhfuil fadhb anois fosta le easpa múinteoirí i Leitir Ceanainn agus i gceantracha eile i nDún na nGall.

Míol mór

Deir Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil siad go fóill ag scrúdú na roghanna maidir le réitigh a fháil den mhíol mór a tháinig i dtír in oileán Árainn Mhór ag deireadh na seachtaine. D'iarr an Chomhairle Contae ar an phobal gan a dhul in aice an míol mór, atá ag lobhadh ar an tráigh. 
 

Otharlann Leitir Ceanainn

Léirítear i bhfigiúirí a d'fhoilsigh Cumann Altraí agus Ban chabhrach na hÉireann go raibh plódú i bhfad níos measa in Otharlann Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair i mbliana i gcomparáid leis an am ceanna anuraidh. Léirítear sna figiúirí go raibh 121 duine ar thralaithe i mí Dheireadh Fómhair anuraidh i gcomparáid le 459 duine i mí Deireadh Fómhair i mbliana. Bhí 8,903 duine ar thralaithe in Otharlanna na tíre i mí Dheireadh Fómhair i mbliana,  méadú de 15% ar an am céanna anuraidh.

Toscaireacht i mBoston

Bhéarfaidh toscaireacht as Dún na nGall cuairt ar Bhoston níos moille an tseachtain seo mar pháirt de chomhoibriú atá idir Dún na nGall, Doire agus an Srath Bán. Beidh ionadaithe o Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin ar an toscaireacht chomh maith le ionadaithe ó chomhlachtaí as an réigiún.   Dúirt Príomh fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh  gur cuairt fiontraíochta agus nuálaíochta atá i gceist agus go dtabharann an turas  deis do  chomhlachtaí  castáil le gnóanna eile  le margaidh  agus nascanna a chothú. I measc na gcomhlachtaí Gaeltachta a bheas ar an turas, beidh   Randox ar an Chlochán Liath, Meastóirí Domhanda ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus Algaran Teo i nGleann Cholm Cille.

Dúnmharú

Tá Gardaí Leitir Ceanainn ag leanstan dá bhfiosrúcháin faoi dhúnmharú fir i Leitir Ceanainn ar an tseachtain s'chuaigh thart. Dúnmharaíodh fear 36 bliain d'aois, Sebastian Adamowicz, gur as an Pholainn ó dhúchas dó. Fuarthas an fear gortaithe go holc i dteach  i bPáirc na Coille, Dé Céadaoin s'chuaigh thart, agus fuair sé bás in Otharlann Leitir Ceanainn lá arna mhárach mar gheall ar na gortaithe a bhain dó. Tá na Gardaí ag impí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu maidir leis an eachtra teagmháil a dhéanamh leo. Bhí cónaí ar an fhear i Leitir Ceanainn le roinnt blianta.

€14,000 sábháilte

Tá €14,000 sábháilte ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar a mbille leictreachais ar fud na hionaid seirbhísí poiblí atá acu sa chontae agus in Áras na Comhairle Contae i Leifear i mbliana. Thug an Chomhairle le fios gur sin sábháil 10% san méid leictreachais a bhí siad ag baint úsáide as sna foirgnimh seo. Thug Paddy Mullen, Bainisteoir Áiseanna na Comhairle le fios go bhfuiltear ag cur solais a oibríonn ar fhuinneamh níos ísle in Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlochán Léith agus Charn Domhnaigh roimh dheireadh na bliana seo. Tá an Chomhairle ag gearradh siar ar an teas a úsáidtear ina bhfoirgnimh fosta, agus tá laghdú de 12% déanta acu le bliain.

Uisce Éireann

Tá an obair chothabhála ar 4 chiliméadar de phíopaí uisce i gceantracha Phort Nua, na Fearthanna, An Chlochán Liath agus Leitir Mhic an Bhaird críochnaithe ag Uisce Éireann, ar chostas de €970,000. Bhí leibhéal den ceimic THM iontach ard i gcóras uisce Phort Nua, rud a chruthaigh baol sláinte don phobal.  Ní bheidh an fhadhb céanna le brisithe sa chóras uisce amach anseo a dúirt Uisce Éireann mar gheall ar an infheistíocht seo. B'iad na conraitheoirí O'Hearty Teoranta a rinne an obair ar an chóras uisce i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

 
Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

 
Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

 
Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

 
Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

 
Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

 
John Boyle, INTO.

John Boyle, INTO.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

 
Tríona Ní Lionáin; gradaim All stars gnó

Tríona Ní Lionáin; gradaim All stars gnó

 
Micléinn Ard dioplóma Nemeton

Micléinn Ard dioplóma Nemeton

 
Dáithí de Mordha;Cáipéise 1846 maidir le Dún Chaoín.

Dáithí de Mordha;Cáipéise 1846 maidir le Dún Chaoín.

 
Máire Seó Breathnach;Féile Bídh agus cúrsaí gaolainne sa Chomhairle

Máire Seó Breathnach;Féile Bídh agus cúrsaí gaolainne sa Chomhairle

 
An Saol ó Dheas 18ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 18ú Aibreán 2018

 
Clodagh Ní Ghallachóir & Étáin Haicéad.

Clodagh Ní Ghallachóir & Étáin Haicéad.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Conal Ó Máirtín .

Conal Ó Máirtín .

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
Dónal K Ó Baoill.

Dónal K Ó Baoill.

 
Pól Mac Cumhaill.

Pól Mac Cumhaill.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Céadaoin 18-04-2018.

Barrscéalta Dé Céadaoin 18-04-2018.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séamus Ó Drisceoil, Comhlacht Farantóireachta Oileán Cléire.

Séamus Ó Drisceoil, Comhlacht Farantóireachta Oileán Cléire.

 
Páidí Ó Dochartaigh, Oifigeach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Páidí Ó Dochartaigh, Oifigeach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire.

 
Siobhán Denvir Bairéad, Baile Éamoinn Teoranta.

Siobhán Denvir Bairéad, Baile Éamoinn Teoranta.

 
Richie Ó hEadhra, Uisce Éireann.

Richie Ó hEadhra, Uisce Éireann.

 
An Feisire Eorpach Seán Kelly.

An Feisire Eorpach Seán Kelly.

 
An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, T.D.

An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh, T.D.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Priomhscéalta na Nuachtán.

Priomhscéalta na Nuachtán.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Rónán Beo@3

Rónán Beo@3

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Rónán Beo

Rónán Beo

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís