Nuacht an Iarthair: Gaillimh agus an Chatalóin

Nuacht an Iarthair: Gaillimh agus an Chatalóin

Gaillimh agus an Chatalóin

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tacú le muintir na Catalóine, faoi thoradh an reifrinn a bhí acu le gairid inar vótáil an pobal ar son a bheith neamhspleách ón Spáinn. Is í an Comhairleoir Cathrach Mairéad Farrell a mhol an rún le comhbhá a léiriú, le linn chruinniú na Comhairle a bhí ar bun in Ollscoil na hÉireann Gaillimh inné. Thacaigh an Comhairleoir Cathrach Billy Cameron léi.  Vótáil an Chatalóin i bhfabhar an neamhspleáchais sa reifreann - ach tá rialtas na Spáinne ag rá go bhfuil toradh an reifrinn mí-dhleathach.  Deir an Comhairleoir Cathrach, Mairéad Farrell, nár mhór don phobal idirnáisiúnta a chinntiú go bhféadfaidh an Chatalóin féin-riail a bhaint amach.  Ceaptar go ndéanfaidh Uachtarán Rialtas Réigiúnach na Catalóine, Carles Puigdemont fógra maidir le todhchaí na Catalóine níos deireanaí tráthnóna. 

Scéim do thionóntaí

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil teipthe go hiomlán ar an scéim a thug rialtas Fhine Gael isteach sa mbliain 2016, faoinar féidir le tionónta teach a cheannach ón údarás áitiúil. Níor díoladh ach aon teach déag faoin scéim seo ó cuireadh ar bun í dhá bhliain ó shin, a dúirt an Teachta Dála Ó Cuív. Níor díoladh teach ar bith i gContae na Gaillimhe agus níor díoladh ach ceann amháin i gContae Mhaigh Eo. Tá an Teachta Ó Cuív ag iarraidh ar an rialtas an scéim a leasú le go mbeadh sí níos tarraingtí do thionóntaithe.  Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, a deir sé, níl teaghlaigh a bhfuil formhór a n-ioncam ag teacht ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim seo.

Iascach Intíre Éireann

Tá fiosrúchán ar bun ag Iascach Intíre Éireann faoi bhradáin a d'éalaigh as feilmeacha éisc i gContaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo le roinnt laethantaí.  Rugadh ar 65 bradán feilme in abhantrach na Coille Móire, Bhun Abhann, na hOirife agus i mBaile Uí Fhiacháin. Léiríonn anailís atá déanta ar an iasc a tógadh, gur bradáin fhireann iad agus iad in ann síolrú - rud a d'fhéadfadh cur isteach go mór ar an stoc bundúchasach bradán.  Thug Iascach Intíre Éireann le fios nach bhfuil aon tuairisc faighte ag an Roinn Talmhaíochta ó úinéirí feilimeacha éisc faoi bhrádáin a d'éalaigh - rud a chaithfear a dhéanamh de réir dlí, a deir siad. Dúirt an eagraíocht Cuan na Gaillimhe in aghaidh Chliabháin Éisc, go bhfuil imní anois orthu, má éalaíonn éisc feilime agus má shíolraíonn siad leis an stoc éisc fiáin, go gcuirfeadh sé cúrsaí géineolaíochta na mbradán fiáin i mbaol. 

Comhaontú Phoitiers

Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Jim Browne, ar an gclár Adhmhaidin inniu gur comhaontú tábhachtach é comhaontú Phoitiers leis an gcathair agus an ceantar timpeall uirthi a chur chun cinn. Thagair an tUachtarán le linn don chomhaontú a bheith a shíniú tráthnóna inné, don tábhacht atá leis an Ollscoil ó thaobh na  Gaeltachta de. Dúirt sé go raibh dualgas reachtúil ar an ollscoil oiliúint a chur ar fáil a chinnteos go mbeidh daoine cáilithe ar fáil le dul ag obair i gceantair Ghaeltachta.

Cathal Ó Conchúir

Dúirt an Comhairleoir Cathal Ó Conchúir nach gcreideann sé fhéin go bhfuil Ollscoil na hÉireann Gaillimh ag cur oiliúint ar dhaoine ionas go mbeidh siad cáilithe le freastal ar riachtanais fostaíochta na Gaeltachta. Níl an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla san Ollscoil níos mó a deir sé.  Bhí an tráth ann go raibh an Ghaeilge i bhfad níos láidre i réimsí éagsúla ar fud na hOllscoile ach níl sé sin amhlaidh anois, a deir an comhairleoir Ó Conchúir.  Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin inniu dúirt sé go raibh géarghá ar fud na tíre le múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu idir phríomhoidí agus mhúinteoirí ábhar a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge agus gur cheart tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Ba cheart an stádas céanna a bhíodh ag an teanga san ollscoil a thabhairt arís dhi, a deir Ó Conchúir, lena chinntiú go mbeidh fáil sa nGaeltacht ar fhostaithe le Gaeilge atá cáilithe i réimsí ar leith.

Muintearas

Pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an Straitéis Óige don Ghaeltacht atá ullmhaithe ag Muintearas, le ionadaithe na heagraíochta sin, ag cruinniú a bheas ar siúl i dTeach Laighean tráthnóna. Tá Muintearas freagrach as gníomhaíochtaí agus imeachtaí a phleanáil agus a reáchtáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta agus réitigh siad an Straitéis Óige i ndiaidh dóibh comhairliúchán fairsing a dhéanamh le daoine aonair agus le grúpaí ar fud na Gaeltachta. Deir Cathaoirleach an Chomhchoiste, Catherine Connolly, go bhfáiltíonn an Coiste roimh fhoilsiú na Straitéise agus go bpléifear ag cruinniú an lae inniu an bealach is fearr len í a chur i bhfeidhm lena chinntiú go ndéanfar soláthar ar na seirbhísí a theastaíonn ó ghlúin óg cainteoirí dúchais, ionas go bhféadfaidh siad fanacht ina gceantar áitiúil. Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 5pm inniu. 

Beo

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a hAon

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir RTE Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir RTE Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste

 
Dáithí Ó hÉallaithe, Cairde Comhshaoil na hÉireann

Dáithí Ó hÉallaithe, Cairde Comhshaoil na hÉireann

 
Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin

Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin

 
Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnchadha, An Garda Síochána

Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnchadha, An Garda Síochána

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Tír Chonaill

Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Tír Chonaill

 
An tOllamh Jim Mc Closkey, Ollscoil Santa Cruz

An tOllamh Jim Mc Closkey, Ollscoil Santa Cruz

 
Scéalta Spóirt

Scéalta Spóirt

 
Príomhscéalta na Nuachtán

Príomhscéalta na Nuachtán

 
Séamus Ó Scanláin

Séamus Ó Scanláin

 
Michelle Nic Pháidín

Michelle Nic Pháidín

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

 
Antaine Ó Conghaile

Antaine Ó Conghaile

 
Aidan Fitzmaurice, Iriseoir leis an Herald.ie

Aidan Fitzmaurice, Iriseoir leis an Herald.ie

 
Lorcan Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

Lorcan Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.

 
Richie Ó hEadhra, Urlabhraí UISCE ÉIREANN.

Richie Ó hEadhra, Urlabhraí UISCE ÉIREANN.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2017

 
An TD. Piaras Ó Dochartaigh .

An TD. Piaras Ó Dochartaigh .

 
Jim Herron.

Jim Herron.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Alan Ó Baoid.

Alan Ó Baoid.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Fidelma Ní Dhochartaigh .

Fidelma Ní Dhochartaigh .

 
Barrscéalta Dé Máirt 17-10-2017.

Barrscéalta Dé Máirt 17-10-2017.

 
Ferdia Mac Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

Ferdia Mac Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

 
Paddy Ó Fiannachta, Beachadóir.

Paddy Ó Fiannachta, Beachadóir.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Éamonn Ó hUanacháin.

Éamonn Ó hUanacháin.

 
Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Oileán Chléire.

Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Oileán Chléire.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Eagrán speisialta faoi stoirm Ophelia.

Eagrán speisialta faoi stoirm Ophelia.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúntas & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúntas & Áitiúil.

 
An Saol ó Dheas 16ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 16ú Deireadh Fómhair 2017

 
Áine Ní Bhreisleáin

Áine Ní Bhreisleáin

 
Shaunie Ó Baoill.

Shaunie Ó Baoill.

 
Tuairisc ó Damien Ó Domhnaill.

Tuairisc ó Damien Ó Domhnaill.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Ferdia Mc Crann.

Ferdia Mc Crann.

 
Eilís Barrett.

Eilís Barrett.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís