Nuacht an Tuaiscirt: Damáiste tuilte i nDún na nGall aréir

Nuacht an Tuaiscirt: Damáiste tuilte i nDún na nGall aréir

Tuilte in athuair i nDún na nGall

Dhearbhaigh Comhairle Condae Dhún na nGall inniu na háiteanna ar fud a rinneadh damáiste de mar gheall ar thuilte na hoíche aréir sna Cealla Beaga.

Fuair rannóg seirbhísí bóithre na Comhairle Contae an chead glaoch ag 6 tráthnóna inné agus bhí siad ar an láthair go dtí 9.30 aréir gur shocair an aimsir.

Cuireadh na seirbhísí dóiteáin chomh fada le scoil náisiúnta Fhionntrá  agus bhí seirbhís dóiteáin Bhaile Dhún na nGall ag obair ar shráid an droichid.

Bhí oibrithe chomhairle contae Dhún na nGall ar an láthair aríst ar maidin inniu. 

Iarrtar ar dhaoine a chur tuilte na hoíche isteach orthu dhul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí trí scairt a chur ar oifig Bhealach Féich ar an uimhir 91 31154

Tharla na tuilte seo mar gheall ar an díle a bhí ann le roinnt laethanta agus bhris bruach na hAbhann amach ar shráid an droichid agus bealach an chladaigh.

Ceann dena foirgnimh ar dearna damáiste de na oifig an teacht Dála Thomas Pringle agus scoil Náisiúnta Fhionntrá.

Dúirt an t-iriseoir Tony Ó Ceallacháin as na Cealla Beaga gur beag a féidir le Oifig na n-oibreacha Poiblí a dhéanamh faoi na tuillte seo, mar go bhfuil tionchar mhór  ag an lán mhara air, mar a mhínigh sé ar Bharrscéalta.

Suirbhé geolaíoch Tellus déanta

Tá an suirbhé deireanach géolaíochta  i mbliana déanta ag na heitleáin TELLUS  a bhí i mbun suirbhéireacht i nDún na nGall agus i Maigh Eo le cúig mhí anuas.

Tá uas dátú déanta anois ar 50% de thalamh na tíre ag an Roinn cumarsáide agus Timpeallachta. 

Le roinnt míonna anuas bhí eitleán éadroma ag eitilt go híseal sa spéir i mbun suirbhé ar thalamh agus ar thírdhreach chondae Dhún na nGall. 

Siad an grúpa TELLUS, a bhaineann le Cumann Geolaíocht na hÉireann a bhí i mbun na hoibre seo agus bhí teicneolaíocht ar na heitleáin le léarscáil dhigiteach a dhéanamh den chontae agus le pictiúir agus taifead a fhail den talamh.

Tosaíodh ar na suirbhéanna seo i 2005 agus tá suirbhéanna déanta ar  go leor de chontaetha cois teorann agus contaetha an Iarthair anois.

Dearbhaíodh inniu go bhfuil Dún na nGall clúdaigh go hiomlán acu anois agus go mbeidh an t-eolas is úire seo atá cruinnigh acu a chur leis na léarscáil oifigiúil a sheolfar go hoifigiúil in Earrach na bliana seo chugainn. 

Baintear úsáid as na léarscáileanna seo le eolas a fháil ar mhianraí agus acmhainní atá faoin talamh sna contaetha éagsúla, agus ar an dóigh a bhfuil feirmeoireacht agus curaíocht ag cur as do thírdhreach na hÉireann.

Comhbhrón le teaghlach an iar-Thaoisigh

Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag an Iar Aire Stáit Gaeltachta agus an tIar theachta Dála Donnchadh Mac Fhionnghaile ar bhás an Iar Thaoisigh Liam Cosgrave, a fuair bás inné

Dúirt Donnchadh Mac Fhionnghaile gur ceannaire láidir a bhí i Liam Cosgrave agus fear uasal a raibh suim mhór aige i gcultúr na hÉireann agus go hairithe i gcúrsaí an Chumainn Lúthchleas Gaeil.

Threoraigh sé an tír seo le linn tréimhse a bhí thar a bheith dúshlánach a dúirt an tUasal Mac Fhionnghaile. 

Chuir sé aithne cheart ar Liam Cosgrave ar dtús a dúirt sé ag ócáid stocaireachta toghchánaíochta a bhí ar siúl in Óstán Mhic Pháidín i nGort a Choirce ag deireadh na seachtóidí, mar a mhínigh sé ar Bharrscéalta.

23 ag fanacht ar leaba san aonad éigeandála Leitir Ceanainn

Tá 23 duine ag fanacht san Aonad Éigeandála inniu in Otharlann Leitir Ceanainn de réir na bhfigiúir a d'fhoilsigh Cumann Altraí agus Banchabhrach na hÉireann.

Bhí aon chloigeann déag ag fanacht ar thralaithe agus dhá chloigeann déag sna bhardaí.

Tá otharlann Leitir Ceanainn ar an cúigiú Otharlann is gnoithí sa tír inniu agus iarrtar ar dhaoine freastal ar a ndochtúirí teaghlaigh.
 

Tuilleadh damáiste deanta ag tuilte sna Cealla Beaga aréir

Rinne tuilte damáiste d'fhoirgnimh agus do ghnónna sna Cealla Beaga aréir. 

Tharla na tuilte seo mar gheall ar an díle a bhí ann le roinnt laethanta agus bhris bruach na hAbhann amach ar Shráid an Droichid agus Bealach an Chladaigh.

Ceann de na foirgnimh ar ndearnadh damáiste dóibh ná oifig Dáilcheantair an Teachta Dála Thomas Pringle agus scoil Náisiúnta Fhionntrá.

Bhí foireann na Comhairle Condae, na seirbhísí dóiteáin agus muintir an cheantar ar an láthair aréir le hiarracht a dhéanamh maoin sna foirgnimh agus tithe a shábháil. 

Fodar d'ainmhithe Inis Eoghain tagtha ó oirthear na tíre

Tháinig lasta fodair go hInis Eoghain aréir, ó fheirmeoirí in Oirthear na tíre atá mar bhaill de Chumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann.

Bhí 200 burla sadhlais mar chuid den lasta, le cuidiú le feirmeoirí a chaill fodair an gheimhridh le linn tuilte Lúnasa san leathinis.

Dúirt Francis Byrnes, ó Chraobh Dhún na nGall den IFA go mbeidh an lasta seo ina chuidiú mhór d'fheirmeoirí stoic Inis Eoghain, a chaill barr agus fodair sna páirceanna. 

Comhdháil Gaeloideachas san Acadamh

Cuirfear tús tráthnóna inniu le Comhdháil ar an Ghaeloideachas in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.

'Sealbhú na Gaeilge ag an tríú leibhéal, ábhar oidí agus sealbhú teanga sa Ghaeltacht' teideal na comhdhála agus pléfear na dúshláin a bhaineann le teagasc na Gaeilge d'ábhar oidí agus caighdeán na Gaeilge i measc na múinteoirí.  

Tosóidh an imeacht  ag 6:30 tráthnóna le caint ón Dr Muiris Ó Laoire as Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí ar an Tumg-fhoghlaim.

Amárach beidh léachtaí agus painéail plé ann i rith an lae ar theagasc na Gaeilge agus na cúrsaí Gaeltachta d'ábhar oidí,  le ionadaithe ó institiúid tríú leibhéal na tíre.
 

Beo

Ceol an Tráthnóna

Ceol an Tráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Cheárta 17 Nollaig

An Cheárta 17 Nollaig

 
Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

 
Grett O Connor; Iriseoir.

Grett O Connor; Iriseoir.

 
Helen Ferris; Togra Niall Mellon

Helen Ferris; Togra Niall Mellon

 
Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

 
An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

 
Barrscéalta Dé hAoine  15-12-2017.

Barrscéalta Dé hAoine 15-12-2017.

 
Harry Mc Gee, The Irish Times.

Harry Mc Gee, The Irish Times.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

 
Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

 
Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

 
Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

 
Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

 
Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

 
Deirdre Hines.

Deirdre Hines.

 
Micheál Ó Dúgáin.

Micheál Ó Dúgáin.

 
Gráinne Ní Ghilín.

Gráinne Ní Ghilín.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

 
Barrscéalta  Déardaoin  14-12-2017

Barrscéalta Déardaoin 14-12-2017

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

 
Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Seanadóir, Rónán Mullen.

An Seanadóir, Rónán Mullen.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Ciara Ní Riagáin.

Ciara Ní Riagáin.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Máire Bríd Nic Gairbhé.

Máire Bríd Nic Gairbhé.

 
Colm Ó Dúlacháin.

Colm Ó Dúlacháin.

 
Barrscéalta  Dé Céadaoin 13-12-2017.

Barrscéalta Dé Céadaoin 13-12-2017.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís