Nuacht an Tuaiscirt: Óstán an Regency

Nuacht an Tuaiscirt: Óstán an Regency

Óstán an Regency

Tá grúpa ostáin Mhic Geiteagáin atá lonnaithe i nDún na nGall, agus a bhfuil ostáin agus tábhairní acu i mBaile Átha Cliath, Signapore, Nua Eabhrac agus i Dubai, le uasghrádú a dhéanamh ar ostán an Regency i mBaile Átha Cliath. Beidh Ostán an Regency a mhaisiú an dóigh céanna le ostán eile dá gcuid, Ostán an Bonnington i Dubai, a dúirt James McGettigan, Bainisteoir Stiúrtha an ghrúpa. Mairfidh an obair ar an ostán ar feadh ocht mí dhéag. San áireamh beidh obair athnuachana agus athchóirithe ar sheomraí leapa agus ar sheomraí comhdhála an Regency. Beidh ainm an ostáin a athrú ó Ostán an Regency go Ostán Bonnington. Tá 240 seomra leapa san ostán, ionad sólainne agus ionad comhdhála.

Othair ar thralaithe

Bhí an dara líon is mó othair ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu. 35 othar a bhí ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn ag am lóin inniu. Bhí 21 othar ar thralaithe inniu in Otharlann Shligigh.

Fáilte Éireann

Beidh comhdháil d'earnáil na turasóireachta a eagrú ag Fáilte Éireann, ar siúl i mBun Dobhráin amárach. Beidh aird faoi leith ar caide is féidir le gnóanna a dhéanamh le dhul i ngleic le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach. Dhéanfar cur i láthair ar na pacáistí tacaíochta éagsúla atá ar fáil don earnáil. Beidh sraith comhdhálacha mar seo a n-eagrú ag Fáilte Éireann ar fud na tíre, le cur i láthair a dhéanamh do lucht ostáin agus lucht turasóireachta ar na dóigheanna gur féidir le cur lena ngnó agus tréimhse dúshlánach rompu.

John Shéamuis Ó Fearraigh

Dúirt ionadaí nuathofa Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Bhord Údarás na Gaeltachta, an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh, go ndéanfaidh sé ionadaíocht do achan cheantar Gaeltachta sa chontae ina chuid oibre mar Chomhalta Údaráis. Dúirt sé gur ábhar bróid dó a bheith roghnaithe mar ionadaí na Comhairle ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá obair thábhachtach ar bun sna Gaeltachtaí ag an Údarás, a dúirt sé, agus deir sé go mbeidh sé ag iarraidh díriú ar chúrsaí fostaíochta agus ar phleanáil teanga le linn a thréimhse ar an Bhord.

Míshásamh faoi cheapachán

Beidh comhairle dlí a lorg arís ag an Chomhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill, a deir sé, maidir le cinneadh na Comhairle Contae inné faoi líonadh folúntais ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Níor reáchtáladh an córas ainmniúcháin go daonlathach, a dúirt sé. Dúirt sé go bhfuil díomá agus fearg air faoin dóigh ar caitheadh leis, agus dúirt sé go gcaithfear na botúin a measann sé a rinneadh, a chur ina gceart.

Maoiniú úr

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh mhaoiniú de €14.85m atá faighte ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Bháin ó Chiste Eorpach Interreg le cosán siúil agus rothaíochta trasteorann,  46.5km ar fhad, a fhorbairt. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall mar pháirtnéirí sa togra seo, os rud é gur togra tras-teorann atá ann. Beidh  an slí siúil agus rothaíochta is faide, aistear 32.5km, a fhorbairt ó Dhoire go Ceann an Droichid, fhad le Bun Crannacha agus ar aghaidh go Leitir Ceanainn.  Beidh slí eile ón Mhagh go Doire  agus slí eile ón Srath Bán go Leifear. Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Gerry MacMonagail go mbeidh buntáistí mór timpeallachta ag eascairt ón togra, le cois go mbeidh seacht bpost lán aimseartha ag eascairt ón togra.

Slándáil

Dhéanfar plé ar shlándáil do ghnóanna ag cruinniú atá a eagrú ag Cumann Tráchtála Ghaoth Dobhair i gcomhair leis na Gardaí i nGaoth Dobhair anocht. Bhí sé cinn d'eachtraí i nDún na nGall le roinnt seachtainí, inár bhris gadaithe isteach in ionaid gnó tríd díon na bhfoirgnimh. Beidh cur i láthair a dhéanamh ar dhóigheanna gur féidir le lucht gnó feabhas a chur ar shlándáil. Tá sé ráite ag comhlacht slándála amháin i nDún na nGall, a sholáthraíonn ceamaraí slándála agus córais aláraim, go bhfuil siad iontach gnóthach le roinnt seachtainí, agus lucht gnó ag cur córais feabhsaithe slándála ina n-ionaid gnó.

Glaineacht

Léiríonn iniúchadh a rinneadh ar chúrsaí glaineachta in otharlanna na tíre le gairid, go bhfuil an leibhéal is airde den fhoireann a nígheann a lámha, in Otharlann Leitir Ceanainn.  Tá 97.1% den fhoireann in Otharlann Leitir Ceanainn ag cloí le Beartais Rialaithe Ionfhabhtaithe, le srian a chur ar spréadh víris agus frídíní. Tá sé molta go láidir, le srian a chur ar spréadh frídíní, go nighfeadh foirne leighis a gcuid lámha sula mbíonn siad ag plé le othar, agus nuair a bhíonn siad reidh ag plé le othar.

Scéim tionóntaí

Caithfear an athbhreithniú ar scéim ceannaigh tionóntaí a fhoilsiú, a deir an Teachta Dála Charlie McConalogue. D'iarr sé ar an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil tuairisc ar an athbhreithniú ar an scéim a fhoilsiú láithreach. Cuireadh an scéim seo ar bun anuraidh, agus é dírithe ar thionóntaí údaráis áitiúla, le cur ar a gcumas a dtithe a chéannacht, ach dúirt an Teachta McConalogue go bhfuil coinníollacha na scéim i bhfad ródhian, agus dá bharr, nach gcáilíonn mórán daoine faoin scéim. Deir sé go bhfuair sé go leor gearáin ó dhaoine i nDún na nGall  a raibh fadhbanna acu a díthe a cheannacht ón Chomhairle Contae.
 

Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Dónal Ó Buachalla.

Dónal Ó Buachalla.

 
Dónal Ó Céilleachair.

Dónal Ó Céilleachair.

 
Áine Ní Chiaráin.

Áine Ní Chiaráin.

 
Mícheal Ó hUanacháin.

Mícheal Ó hUanacháin.

 
Mícheal Ó Leidhin.

Mícheal Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

 
Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

 
Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

 
Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

 
Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

 
An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

 
Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

 
Caitríona Hastings, Údar.

Caitríona Hastings, Údar.

 
Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

 
Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

 
Fionnuala Uí Neachtain, léiritheoir an chláir Iris Aniar.

Fionnuala Uí Neachtain, léiritheoir an chláir Iris Aniar.

 
Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

 
Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

 
Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin.

Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin.

 
Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró.

Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró.

 
Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir.

Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir.

 
Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine.

Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine.

 
Micheál Ó Conchúir.

Micheál Ó Conchúir.

 
Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil.

Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

 
Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

 
Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

 
Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

 
Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

 
Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

 
Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

 
Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

 
Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

 
Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

 
An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

 
Ailbhe Ó Monacháin TG4.

Ailbhe Ó Monacháin TG4.

 
Antóin De Blárach, as Dobhair.

Antóin De Blárach, as Dobhair.

 
Micheál  Tunney, duine de lucht eagraithe Gradaim Tipp O' Neill.

Micheál Tunney, duine de lucht eagraithe Gradaim Tipp O' Neill.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís