Nuacht an Tuaiscirt: Lucht siúil

Nuacht an Tuaiscirt: Lucht siúil

Lucht siúil

D'éirigh le cás Ard Chúirte a thug teaghlach ón lucht siúl as Bun Dobhráin, i gcoinne chinneadh Chomhairle Contae Dhún na nGall moill a chur ar chinneadh teach a sholáthar fána gcoinne. Thug Brian agus Eileen Ward, agus a gcúigear clainne, cás i gcoinne na Comhairle, de bharr nár sholáthar siad teach daofa mar gur mheas an Chomhairle go raibh baol go mbeadh siad i mbun iompar mí shóisialta. Tá an teaghlach ina gcónaí i gcarbhán i mBun Dobhráin, agus níl uisce reatha nó ceangal leictreachais acu, ach amháin ó ghineadóir. 

Fiosrúchán faoi dhochtúir

Tá fiosrúchán ar bun maidir le dochtúir as an Iordáin a bhí mar dhochtúir sinsearach in Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn tráth, maidir leis an cúram a thug sí do sheisear othar. Tá líomhaintí faoi mí iompar proifisiúnta déanta i gcoinne an Dochtúir Niveen Al-Khayatt, maidir le heachtraí idir Feabhra agus Iúil 2015 in Otharlann Leitir Ceanainn. Dúirt an Dr Al-Khayatt ag an fhiosrúchán inniu gur dearnadh tromaíocht uirthi i Leitir Ceanainn agus gur caitheadh go holc lei. Dúirt sí fosta go ndearna sí gearán faoi mar a caitheadh lei, agus nár dearnadh rud ar bith faoina gearán.

Árachas

Deir comhlacht árachais FBD go mbeidh suim airgid a bheas seacht figiúr a íoc acu le feirmeoirí i nDún na nGall, ag eascairt as éilimh de bharr damáiste a rinne tuile in Inis Eoghain i mí Lúnasa. Tá sé tugtha le fios ag comhlacht FBD go bhfuair siad 32 éilimh ar chúitimh árachais de bharr tuilte Inis Eoghain, agus go bhfuil leath acu sin ag baint le feirmeoirí. 

Tuilte

Tá teaghlaigh in Inis Eoghain ag fulaingt go mór de bharr na dtuilte ceithre seachtainí ó shin, agus tá achainí déanta ag Cumann Naomh Uinseann de Pól ar an phobail síntiús a thabhairt don chumann le cuidiú le pobal Inis Eoghain. Deir Rosa Glacken, leas chathaoirleach réigiún an Iarthuaiscirt den chumann go bhfuil feirmeoirí go háirithe buailte go dona. Deir Rosa Glacken go bhfuair an cumann éadach, bia, troscáin agus ábhair eile ón phobal, agus go bhfuil siad iontach buíoch don phobal.   Is airgead atá de dhíth anois le cuidiú leis na teaghlaigh atá ar an ghannchuid, fhad agus atá siad ag fanacht le cuidiú Stát nó íocaíochtaí árachais, a dúirt Rosa Glacken. Deir sí go raibh go leor teaghlaigh faoi bhrú sular tharla na tuilte agus iad ag ceannacht éadach scoile agus téacsleabhair don scoil bhliain úr ach go bhfuil siad fágtha anois ar an ghann cuid.

Campas oideachais

Tá súil ag príomh fheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne McHugh ceist an champais oideachais i mBun Crannacha a thógáil leis an Aire Oideachais Richard Bruton ar an tseachtain seo. Beidh siad i láthair ag  ócáid a bheas ar siúl ag Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i gCill Chainnigh agus deir sí go bhfuil siúl aici litir a thabhairt don Aire ag lorg cruinnithe leis  le campas oideachais Bhun Crannacha a phlé. Rinneadh plé ar an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh le suíomh a aimsiú do thrí scoil i mBun Crannacha ag cruinniú míosúil an Bhoird inne. Tugadh le fios go bhfuil trí litir curtha ag an Bhord chuig an Aire  ag lorg cruinnithe  ach nach bhfuil scéala ar bith faighte acu ar ais ón Roinn go fóill.

Múinteoir gairmthreorach

Níl múinteoir gairmthreorach lánaimseartha in aon scoil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, de réir Phríomhfheidhmeannach an Bhoird Anne Mc Hugh. Tá cúig scoil déag faoi chúram an Bhoird, agus deir sí go bhfuil ganntanas múinteoirí gairm threoracha in achan scoil dá gcuid. Dúirt Anne Mc Hugh go gcaitheann múinteoirí cuid mhór ama ag plé le daltaí scoile a bhfuil fadhbanna pearsanta nó meabhair shláinte acu. Deir Anne Mc Hugh go bhfuil sé beartaithe ag  an Bhord brú a chur ar bhaill Oireachtais na Contae   leis an cheist a thógáil ag leibhéil Rialtais. Deir sí go mbeidh an Bord ag castaí le baill Oireachtais na Condae go luath.

Maoiniú

Tá fáilte curtha ag Chomhairleoir Contae Jimmy Kavanagh roimh mhaoiniú de €49,000 atá curtha ar fáil ag an Aire Michael Creed do Chomhairle Contae Dhún na nGall do thogra turasóireachta dá gcuid. Bhí an togra seo i measc sé cinn go náisiúnta a fuair maoiniú ó chiste €277,000. Cuireadh an mhaoiniú ar fáil faoi Chiste Forbartha Nuálaíoch Tuaithe. Dúirt an Comhairleoir Contae Jimmy Kavanagh go bhfuil a dtogra féin ag Comhairle Contae Dhún na nGall, dírithe ar cheantair cósta agus oileáin Dhún na nGall, ag cur san áireamh bia mara. 

Féile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach

Beidh Féile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach ar siúl i Leitir Ceanainn ar an bhliain seo chugainn, ón 3ú lá go dtí'n 8ú lá d'Aibreán agus arís in 2019. Bhéarfaidh coiste fhéile Pan Cheilteach Cheatharlaigh  Cairt na féile do Choiste Leitir Ceanainn inniu. Táthar ag súil le 5,000 duine cuairt a thabhairt ar an  bhaile le linn na féile  óna tíortha ceilteacha, mar an Bhreatain Bheag, Albain, Oileán Mhanainn, An Chorn agus an Bhriotáin. Meastar gur fiú €2m an Fhéile Pan Cheilteach d'eacnamaíocht bhaile Leitir Ceanainn. Beidh ócáid ar siúl in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn inniu ar a 11.00 ar maidin  leis an ócáid a chomóradh.

Seirbhísí meabhairshláinte

Tá gá le breis agus 2,000 de fhoireann breise a earcú sna seirbhísí meabhairshláinte leis an leibhéal cúraim atá leagtha síos ag an Rialtas a bhaint amach, faoina bpolasaí "Fís chun Athrú" a deir an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir. Deir sé nach bhfuil ach 93 de fhoireann breise earcaithe sna seirbhísí meabhair shláinte go dtí seo i mbliana, agus go bhfuil géar ghá le níos mó de fhoireann a earcú. Tá brú mór ar bhaill foirne sna seirbhísí seo, agus tá moill fhada comhar leighis mar is ceart a chur ar othair, de bharr easpa foirne, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir. Measann an HSE go dteastaíonn 12,778 de fhoireann le seirbhís mar is ceart a sholáthar, agus faoi láthair tá foireann de 10,815   ag plé le cúrsaí meabhair shláinte, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Dr. Ian Malcolm.

An Dr. Ian Malcolm.

 
Jim Foran.

Jim Foran.

 
Micheál Ó Leidhin & an tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh

Micheál Ó Leidhin & an tAire Stát Gaeltachta Joe Mc Hugh

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

Barrscéalta, Clár iomlán, 16/02/2018, An Clochán Liath.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Nóra Coyne as Leitir Caladh.

Nóra Coyne as Leitir Caladh.

 
Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

Saera Ní Fhinneadha as an gCloch Mhór.

 
Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

Pádraig Griallais ó Ghrúdlann Mhicil.

 
Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

 
John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

John O’ Brien, Iascaire, Machaire Rabhartaigh.

 
Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

Barra Ó Ceallaigh, Cumann Iascach Intíre na hÉireann.

 
Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

Séin Ó Muineacháin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh Na Gaeilge/An Dream Dearg.

 
An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin.

 
Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

Michael Ó Gliasáin, Comhairleoir Contae, Ciarraí .

 
Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

Seán Ó Riain, Ollscoil Mhaigh Nuad.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide;Oíche CLG na Gaeltachta.

 
Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

Aodh Ó Coileáin;Cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce

 
Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

Micheál Ó Móráin;Cruinniú cínn bhliana C. Uan Chiarrai.

 
Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

Micheál Ó Céadagáin; Solas Charraig Aonair.

 
Ferdia Mac Crann;Stáisiún aimsire Dhairbhre.

Ferdia Mac Crann;Stáisiún aimsire Dhairbhre.

 
An Saol ó Dheas 15ú Feabhra 2018

An Saol ó Dheas 15ú Feabhra 2018

 
Gay Mc Keon.

Gay Mc Keon.

 
Cluiche Ceannais Corn Club Uladh faoi 21.

Cluiche Ceannais Corn Club Uladh faoi 21.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
An  tAire Stát Joe Mc Hugh.

An tAire Stát Joe Mc Hugh.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Barrscéalta Déardaoin 15-02-2018.

Barrscéalta Déardaoin 15-02-2018.

 
An tAire Stáit Seán Kyne & An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

An tAire Stáit Seán Kyne & An Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

 
An Comhairleoir Eilís Ryan & An Dr. Anne Gillan.

An Comhairleoir Eilís Ryan & An Dr. Anne Gillan.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Catherine Boothman / Rachel Holstead.

Catherine Boothman / Rachel Holstead.

 
Séamus Martin.

Séamus Martin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraíochtaí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraíochtaí Polaitíochta.

 
Póilín Ní Chiaráin, iriseoir.

Póilín Ní Chiaráin, iriseoir.

 
Catherine Connolloy.

Catherine Connolloy.

 
Máire Bríd Ní Chualáin.

Máire Bríd Ní Chualáin.

 
Spórt.

Spórt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt:

Nuacht an Tuaiscirt:

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Load More...
Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís