Nuacht an Iarthair: Uisce Éireann

Nuacht an Iarthair: Uisce Éireann

Uisce Éireann

Tá plean oibre aontaithe ag an gcomhlacht, Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe le lucht graithe i gceantar Chloch na Rón leis an uisce a spáráil, le go mbeidh soláthar ag an gcuid is mó dá gcuid custaiméirí, nuair is graithí a bhíonn daoine sa gceantar. Casfar as an soláthar san ionad a bhí ag cur tuilleadh brú faoin uisce ó mheánlae go dtí an 6 a chlog tráthnóna, chuile lá, ar mhaithe lena spáráil. Fágfaidh sin go mbeidh brú níos fearr ar an uisce i sráidbhaile Chloch na Rón féin, cé go bhféadfadh sin deacrachtaí a chothú do dhaoine amuigh faoin tír. Coinneoidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe súil ar mar atá atá ag éirí leis an gcóras as seo go ceann cúpla seachtain. Tá a leithscéal gafa ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae na Gaillimhe le custaiméirí sa gceantar a fágadh gan uisce le gairid, nó a raibh brú íseal air.

Othair ar thralaithe

Don dara lá as a chéile, is in ospidéal na hOllscoile, Gaillimh is mó atá daoine sínte ar thralaithe ag fanacht go gcuirfear cóir leighis orthu. Tá sé tugtha le fios ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh cúigear déag is fiche othar ag fanacht ar maidin inniu go gcuirfí cóir leighis orthu. Fuair foireann an aonaid éigeandála in ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, a ndóthain le déanamh inné agus cóir leighis a chur ar an líon mór othar a tháinig chomh fada leis an aonad ansin. Tá an bhainistíocht ag achainí ar an bpobal, gan drannadh leis an aonad éigeandála ansin, mura bhfuil géarghá leis.

FEICIM Inis Oírr

Eagróidh FEICIM Inis Oírr deireadh seachtaine do dhaoine singile a bhfuil suim acu sa nGaeilge ar an 15ú lá de mhí Mheán Fómhair. Deis atá inti seo a deir stiúrthóir FEICIM Bríd Ní Chualáin do Ghaeil a theacht le chéile agus b'fhéidir titim i ngrá. Tá deireadh seachtaine lán le spraoi eagraithe ag an bhfoireann le caint, comhrá, ceardlann scileanna, siorcais, seó tine agus go leor eile. Beidh siorcas an ghrá ar bun in Inis Oírr, an t-oileán is lú d'Oileáin Árann agus costas €150 atá ar thicéad deireadh seachtaine.
 

Ros an Mhíl

Tá tionscal na ronnach agus na scadán i mbaol i Ros an Mhíl amach anseo a deir Cathal Groonell, bainisteoir Iasc Mara Teoranta. Níl aon seans ag monarchan ar nós Iasc Mara maireachtáil ná coinneáil ag imeacht leis an gcaoi a bhfuil an cuóta roinnte anois a deir sé.  Is léir nár thug an tAire Talmhaíochta ná a chuid feidhmeannaigh aon aird ar an aighneacht a rinneadh - ag moladh go mbreathnófaí go grinn ar cheantair cois cósta agus ar na bealaí a bhféadfaí pobail a choinneáil beo iontu nuair a bhí an cinneadh á dhéanamh faoi chuóta na ronnach, a dúirt Cathal Groonell.

Banc na hÉireann

Is cúis díomá é a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív go bhfuil ciorruithe déanta ar roinnt de chraobhacha Bhanc na hÉireann agus go mbeidh ar dhaoine taisteal níos faide le seirbhís baincéireachta a fháil anois. Tá na craobhacha i mBóthar na Trá, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Órán Mór.  Tá an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag iarradh ar an Aire a bhfuil cúramaí tuaithe air - sin é Michael Ring -  labhairt le Banc na hÉireann, mar cé go dtuigeann sé gur comhlacht príobháideach iad Banc na hÉireann - go mbeidh tionchar ag na ciorraithe seo ar cheantair tuaithe.

Breandán Ó Conghnámha

Éireoidh an Garda Breandán Ó Conghnámha, as Dubhros i gCorr na Móna ó dhúchas, ag éirí as a chuid cúramaí mar Gharda inniu. Is Ros Muc anseo i gConamara a bhí Breandán ina Gharda le chúig bhliana agus fiche.  Chaith sé na chéad bhlianta sa tseirbhís, i mBleá Cliath agus chuaigh sé as sin go hÁrainn. Táthar ag eagrú ócáid omóis don Gharda Conghnámha Tigh Pheacock ar an Teach Dóite anocht ag a 20:00.  

Beo

Tequila Tíre

Tequila Tíre

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Cheárta 17 Nollaig

An Cheárta 17 Nollaig

 
Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

 
Grett O Connor; Iriseoir.

Grett O Connor; Iriseoir.

 
Helen Ferris; Togra Niall Mellon

Helen Ferris; Togra Niall Mellon

 
Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

 
An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

 
Barrscéalta Dé hAoine  15-12-2017.

Barrscéalta Dé hAoine 15-12-2017.

 
Harry Mc Gee, The Irish Times.

Harry Mc Gee, The Irish Times.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

 
Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

 
Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

 
Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

 
Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

 
Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

 
Deirdre Hines.

Deirdre Hines.

 
Micheál Ó Dúgáin.

Micheál Ó Dúgáin.

 
Gráinne Ní Ghilín.

Gráinne Ní Ghilín.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

 
Barrscéalta  Déardaoin  14-12-2017

Barrscéalta Déardaoin 14-12-2017

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

 
Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Seanadóir, Rónán Mullen.

An Seanadóir, Rónán Mullen.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Ciara Ní Riagáin.

Ciara Ní Riagáin.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Máire Bríd Nic Gairbhé.

Máire Bríd Nic Gairbhé.

 
Colm Ó Dúlacháin.

Colm Ó Dúlacháin.

 
Barrscéalta  Dé Céadaoin 13-12-2017.

Barrscéalta Dé Céadaoin 13-12-2017.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís