Nuacht an Tuaiscirt: Bainisteoir úr á lorg

Nuacht an Tuaiscirt: Bainisteoir úr á lorg

Bainisteoir úr á lorg

Tá tús curtha inniu leis na hiarrachtaí le post bainistíochta fhoireann peile shinsear Dhún na nGall a líonadh, agus tá iarratais a lorg ag Bord na Contae, as seo go dtí Dé Sathairn, an séú lá is fichead do mhí Lúnasa.  Seo post an Iar Bhainisteora, Ruairí Ó Gallchóir, a d'éirigh as ar na moillibh. Bhí dhá bhliain fágtha ag Rory Gallagher ar a chonradh agus bhí tri bliana caite aige mar bhainisteoir ón uair gur ghlac sé an post a bhí ag Jim McGuinness sa bhliain 2014. D'éirigh sé as go díreach naoi lá i ndiaidh do Chontae na Gaillimhe, Dún na nGall a bhuaileadh sna cluichí cáilithe.

Thomas Pringle


Tá an Teachta Dála áitiúil, Thomas Pringle, ag teacht chuige féin in Otharlann na hOllscoile , Leitir Ceanainn, tar éis gur éirigh sé iontach tinn ina theach cónaithe sna Cealla Beaga, Dé Sathairn. Tá teachtaireacht seolta ag Teachta Neamhspleách, chuig a lucht tacaíochta, ag gabháil buíochais as na teachtaireachtaí dea-mhéine uilig atá faighte aige, agus ag cuir in iúl 'nach bhfuil an bás aige' go fóill.  Tá Thomas Pringle as na Cealla Beaga, ina Theachta Dala , ón bhliain 2011.

Loinneog Lúnasa

Beidh ócáid chuimhneacháin Oireachtas na Gaeilge 1977, an chéad Oireachtas náisiúnta a eagraíodh i nGaoth Dobhair ar siúl sa Chrannóg anocht, mar chuid d'imeachtaí Loinneog Lúnasa 2017. Beidh ceol, lúibíní agus craic mar chuid den ócáid anocht, ag ceiliúradh 40 bliain  ón uair go raibh an chéad Oireachtas anseo i nGaoth Dobhair, agus beidh Noel Ó Gallchóir ag déanamh cuir síos ar an chéad Oireachtas sin, a mhair 9 lá. I measc buaiteoirí an Oireachtais sa bhliain 1977, bhí Gracie Mc Ginley, Grainne Mhic Giolla Bhrighde a bhain Corn Chonail Ui Fhearraigh, agus b;iad Neilly Mulligan agus Francie Diver a bhain an chead ait sa chomórtas Agallaimh Beirte. B'Iad Clannad a bhí ar an ardán ag ceolchoirm na féile, agus bhí Liam Ó Murchú sa cheantar ag taifeadadh eagrán den chlár Trom agus Éadrom. Cuirfear tús leis an ócáid , sa Chrannog i Srath na Corca, ag a hocht a chlog. Beidh oscailt oifigiúil na féile , Loinneog Lúnasa, le Iar Cheannasai TG4, Cathal Goan,  san Amharclann, oíche amárach.
 

Táillí bruscair

Tá an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh ag iarraidh ar Comhairle Contae Dhún na nGall gan  na táillí úra bruscar atá beartaithe ag an Rialtas a chur i bhfeidhm. Tá sé beartaithe ag an Roinn Comhshaoil go mbeidh táillí a ghearradh de réir meáchan seachas mar tháille seasta.  Deir an Comhairleoir Ó Fearraigh gur shocraigh Comhairle Contae Dhún na nGall anuraidh ar scéim phíolóiteach a thosú i nGaoth Dobhair áit a gcuirfidh boscaí bruscar donna ar fáil in achan teach. B'éigean do na comhlachtaí bailithe bruscar treallamh úr  a cheannach do na leoraithe le meáchan na  mboscaí bruscar a mheá ach níor cuireadh tús leis  an scéim a riamh agus tá na comhlachtaí as póca dá bharr . Dúirt Oifigigh na Comhairle Contae le John Shéamuis nach raibh a fhios acu cé air a bhéas an fhreagracht na táillí úra a shocrú nuair a thagann siad i bhfeidhm am éigin ar an mhí seo chugainn. 

Cathaoir rotha úr

Dhéanfar cathaoir rotha úr trá chur os comhair an phobail, ag an Aerfort ag  trá na Carraige Finne ar maidin inniu ag a 11am. Is cathaoir rotha atá ann a chuideos le daoine a úsáideann cathaoireacha rotha, nó daoine a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu a bheith ábalta dhul isteach chuig an trá. Is é Aerfort Dhún na nGall a chuirfidh an chathaoir rotha ar fáil trí chóras áirithintí. Tá an chathaoir rotha úr seo mar chuid de chlár oibre Chomhairle Contae Dhún na nGall le seirbhís níos fearr ar thránna a chur ar fáil do chuairteoirí a bhfuil cumais éagsúla acu.

Beo

Tequila Tíre

Tequila Tíre

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Cheárta 17 Nollaig

An Cheárta 17 Nollaig

 
Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

Micheál O Síocháin: Cluiche ceannais Chiarrai Theas

 
Grett O Connor; Iriseoir.

Grett O Connor; Iriseoir.

 
Helen Ferris; Togra Niall Mellon

Helen Ferris; Togra Niall Mellon

 
Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

Dáithí de Mórdha; Daonáireamh

 
An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 15ú Nollaig 2017

 
Barrscéalta Dé hAoine  15-12-2017.

Barrscéalta Dé hAoine 15-12-2017.

 
Harry Mc Gee, The Irish Times.

Harry Mc Gee, The Irish Times.

 
Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

Eoghan Corry, eagarthóir Travel Extra.

 
Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

Des O' Grady Sinn Féin, Comhairleoir Contae, Corcaigh.

 
Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

Peter Rigney, Cónaidhm na gCeardchumann, ICTU.

 
Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchuir, An Bhruiséil.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

 
Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

Cathal Ó Cuaig, Tráchtaire a bhfuil cónaí air sa Spáinn.

 
Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

Aongus Ó Snodaigh, Teacht Dála de chuid Shinn Féin.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 14 Nollaig 2017

 
Deirdre Hines.

Deirdre Hines.

 
Micheál Ó Dúgáin.

Micheál Ó Dúgáin.

 
Gráinne Ní Ghilín.

Gráinne Ní Ghilín.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

Máire Áine Gardiner & Séamus Mac Cionnaith.

 
Barrscéalta  Déardaoin  14-12-2017

Barrscéalta Déardaoin 14-12-2017

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

Máirín Sarikaya, ó Chomharchumann Rath Cairn.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Nollag 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

Helen McGinn, Tráchtaire i New Jersey, Mheiriceá.

 
Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

Muireann Ní Loingsigh, Oifigeach Taighde leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta.

 
Frank Reidy, Ceannfort Airm.

Frank Reidy, Ceannfort Airm.

 
An Seanadóir, Rónán Mullen.

An Seanadóir, Rónán Mullen.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2017

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Ciara Ní Riagáin.

Ciara Ní Riagáin.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Máire Bríd Nic Gairbhé.

Máire Bríd Nic Gairbhé.

 
Colm Ó Dúlacháin.

Colm Ó Dúlacháin.

 
Barrscéalta  Dé Céadaoin 13-12-2017.

Barrscéalta Dé Céadaoin 13-12-2017.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís