Nuacht an Tuaiscirt: Railí Dhún na nGall

Nuacht an Tuaiscirt: Railí Dhún na nGall

Railí Dhún na nGall

Dhearbhaigh na Gardaí inniu gur gabhadh 90 duine ina iomláine le linn Rallaí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine. Gabhadh cúig nduine is fiche acu sin mar go amhras ann go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar an óil. Tiocfaidh cuid acu sin os comhair na cúirte inniu. Tháinig ardú ar líon na ndaoine a gabhadh i mbliana i gcomparáid le anuraidh ach níor tharla mór eachtraí ar bith eile ag an deireadh a dhearbhaigh na Gardaí.

Coiste Forbartha

Tá díomá léirithe ag Coiste Forbartha Phort Artúir i nGaoth Dobhair de bharr gur tógadh gaineamh ón cheantar sin ar an tseachtain s'chuaigh thart. Deirtear i ráiteas ó Choiste Forbartha Phort Artúir  i nGaoth Dobhair inniu le RTÉ Raidió na Gaeltachta go dtug leoraithe móra lódaí gainimh ón trá luath ar maidin ar an tseachtain s'chuaigh thart. Tá obair ar bun ag an choiste maidir le caomhnú agus cosaint na timpeallachta. Deir siad go bhfuil poll mór fágtha anois, áit a raibh talamh glas agus go bhfuil an poll seo ag cur isteach go mór ar thírdhreach an cheantair. Chuir an coiste an Chomhairle Contae ar an eolas faoin tochailt a bhí ar bun ansin, agus ag eascairt ó sin, cuireadh deireadh leis an obair thochailte agus na leoraithe a bheith ag iompar gaineamh ón láthair. Is ábhar díomá, a deir an Coiste, nach bhfuil níos mó a dhéanamh ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le cosaint mar is ceart a thabhairt do cheantar atá aitheanta mar cheantar speisialta caomhnaithe 

Otharlann Leitir Ceanainn

Bhí an mhí seo chuaigh thart ar an mhí is measa le deich mbliana anuas ina raibh daoine ag fanacht ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála in otharlann Leitir Ceanainn. 507 othar a bhí ag fanacht ar thralaithe san otharlann an mhí seo caite i gcomparáid le 38 sa tréimhse céanna anuraidh.  Léiríonn na figiúirí a d'fhoilsigh cumann altraí agus banchabhrach na hÉireann go raibh otharlann Leitir Ceanainn ar an tríú otharlann is gnoithí sa tír i mí Bealtaine i mbliana ina raibh daoine ag fanacht ar thralaithe. Dúirt Liam Doran, rúnaí ginearálta cumann Altraí agus ban chabhrach na hÉireann nach bhfuil leapacha a chur ar fáil san otharlann mar gheall ar ghanntanas altraí agus fágann sin an otharlann faoi bhrú ollmhór.

Ionad cúraim


Tá an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn ag iarraidh go ndéanfaidh an t-aon ionad cúraim do phaistí agus do dhaoine óga a bhí i nDún na nGall á athoscailt. Caithfidh Tusla, an ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach freagraí a thabhairt don phobal ar an fáth nach bhfuil an t-ionad a druideadh anuraidh ath oscailte aríst, cé go bhfuil bainisteoir úr ceapaí le dhul i mbun oibre san ionad. Níl sé maith go leor a dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn go bhfuil páistí agus daoine óga leochaileach fágtha gan aonad cónaithe sa chondae seo le bliain anuas.

Ócáid eolais

Beidh ócáid eolas ag Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn inniu maidir le forbairt Phairtneireacht Sláinte trasteorann. Tá tacaíocht airgid faighte ag Clár Eorpach Interreg ó Ghrúpa trasteorann CAWT áit a bhfuil sé  beartaithe 8 nIonad Sláinte  a bhunú  ar dhá thaobh den teorann.
Cuirfear tacaíocht ar fáil maidir le meabhair shláinte, mí úsáid alcóil, cúrsaí aclaíochta agus cúrsaí bidh.
Tá dearcadh an phobail a lorg ar an dóigh  is fearr le tabhairt faoin togra sa dóigh is go gcomhlíontar éileamh na ndaoine agus na bpobail. Beidh ócáid eolais dírithe ar dheisceart Dhún na nGall ar siúl i mBéal Átha Seanaidh amárach.
 

Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth an Luain

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Eagrán speisialta faoi stoirm Ophelia.

Eagrán speisialta faoi stoirm Ophelia.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúntas & Áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúntas & Áitiúil.

 
An Saol ó Dheas 16ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 16ú Deireadh Fómhair 2017

 
Áine Ní Bhreisleáin

Áine Ní Bhreisleáin

 
Shaunie Ó Baoill.

Shaunie Ó Baoill.

 
Tuairisc ó Damien Ó Domhnaill.

Tuairisc ó Damien Ó Domhnaill.

 
An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Ferdia Mc Crann.

Ferdia Mc Crann.

 
Eilís Barrett.

Eilís Barrett.

 
An tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh.

An tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Barrscéalta De Luain  16-10-2017

Barrscéalta De Luain 16-10-2017

 
Ferdia McCrann. Oifigeach Meitreolaíochta

Ferdia McCrann. Oifigeach Meitreolaíochta

 
Micheál Ó Drisleáin, Coláiste na Rinne

Micheál Ó Drisleáin, Coláiste na Rinne

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Áine Uí Laoithe, RTE Raidió na Gaeltachta

Áine Uí Laoithe, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Micheál Ó Céadagáin, Oileán Chléire

Micheál Ó Céadagáin, Oileán Chléire

 
Ferdia McCrann, Oifigeach Meitreolaíochta

Ferdia McCrann, Oifigeach Meitreolaíochta

 
Scéalta Spóirt

Scéalta Spóirt

 
Príomhscéalta na Nuachtán

Príomhscéalta na Nuachtán

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta Náisúnta & Idirnáisiúnta

Príomhscéalta Náisúnta & Idirnáisiúnta

 
Siúlach Scéalach - Séamus Ennis

Siúlach Scéalach - Séamus Ennis

 
Siúlach Scéalach - Aodh Ó Domhnaill ó Rann na Feirste ag ceol

Siúlach Scéalach - Aodh Ó Domhnaill ó Rann na Feirste ag ceol

 
Siúlach Scéalach - Beirtle Ó Conghaile, Carna.

Siúlach Scéalach - Beirtle Ó Conghaile, Carna.

 
Siúlach Scéalach - Dónall Ó Móráin

Siúlach Scéalach - Dónall Ó Móráin

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Helen Maginn a bhfuil cónaí uirthí i Meiriceá.

Helen Maginn a bhfuil cónaí uirthí i Meiriceá.

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

Conall Ó Móráin, Craoltóir agus Saineolaí Airgeadais.

 
Séamus Mac Cionnaith, Iriseoir leis an Irish News.

Séamus Mac Cionnaith, Iriseoir leis an Irish News.

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire san Aontas Eorpach.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire san Aontas Eorpach.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas: 13 Deireadh Fómhair 2017.

An Saol ó Dheas: 13 Deireadh Fómhair 2017.

 
An Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill.

An Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill.

 
Pacáiste faoi cluichí ceannais peile na Condae a bheas ar siúil Dé Domhnaigh.

Pacáiste faoi cluichí ceannais peile na Condae a bheas ar siúil Dé Domhnaigh.

 
Rónán Mac Aodh Bhuí, RTÉ RnaG.

Rónán Mac Aodh Bhuí, RTÉ RnaG.

 
Joy Harron, Oifigeach turasóireachta mara le  Comhairle Condae Dhún na nGall.

Joy Harron, Oifigeach turasóireachta mara le Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Johnny Ó Colla, Ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair.

Johnny Ó Colla, Ó Cheiltigh Ghaoth Dobhair.

 
Aoibhinn Ní Churraighín ó Choiste Pleanála Teanga Réigiún an Iarr Dheisceart.

Aoibhinn Ní Churraighín ó Choiste Pleanála Teanga Réigiún an Iarr Dheisceart.

 
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 131017.

Barrscéalta, Clár iomlán, 131017.

 
Maidhc Ó Conghaile, ó Chumann Mhicheál Breathnach agus Máirtín Ó Dubhghaill.

Maidhc Ó Conghaile, ó Chumann Mhicheál Breathnach agus Máirtín Ó Dubhghaill.

 
Máire Mac Lochlainn.

Máire Mac Lochlainn.

 
Bertie Ó Flaithearta, Ceannaitheoir Éisc.

Bertie Ó Flaithearta, Ceannaitheoir Éisc.

 
Séamus Jaimsie Ó Flaithearta agus An Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Séamus Jaimsie Ó Flaithearta agus An Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

 
Miriam Ní Néill, Feidhmeannach Fiontraíochta agus Fostaíochta, Údarás na Gaeltachta.

Miriam Ní Néill, Feidhmeannach Fiontraíochta agus Fostaíochta, Údarás na Gaeltachta.

 
Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.

Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig.

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís