Nuacht an Tuaiscirt: Coiste cróinéara

Nuacht an Tuaiscirt: Coiste cróinéara

Coiste cróinéara

Éistfear an coiste cróinéara faoin tubaiste a tharla ag céidh Bhun Cranncha anuraidh, nuair a báitheadh 5 as an teaghlach amháin in Inis Eoghain ar an 22ú de Shamhain agus mairfidh sé dhá lá. Bhí réamhéisteacht ar siúl inniu in Óstán an Inishowen Gateway , faoi stiúr an Chroinéara an Dr Denis McCauley , le eolas a thabhairt faoin leagan amach a bheas ar an choiste cróinéara sin. Báthadh Sean McGrotty as Doire , a bheirt mhac Evan agus Mark, máthair mhór na bpáistí, Ruth Daniels agus iníon léithi, Jodie Lee, nuair a shleamhnaigh a gcarr ó chéidh Bhun Cranncha isteach i Loch Súilí i Márta anuraidh. Duirt an Dr Mcauley gur tubaiste uafásach a bhí san rud a tharla don teaghlach agus go raibh sé ag moladh go mbeadh giúiré i láthair don choiste cróinéara i mí na Samhna. Tugadh le fios go mbeidh dosaen ráiteas mar chuid den choiste cróinéara, go mbeidh fianaise ó bhaill de na Gardaí ar eachtraí na hoíche, chomh maith le eolas ó fhinnéithe as Údarás Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus Údarás Sabháilteacht Bóithre na hÉireann. Beidh duine i láthair ó Chomhairle Condae Dhún na nGall le eolas a thabhairt faoi shábháilteacht chéidheanna agus sleamhnáin na condae agus dúradh go mbainfidh an chéad pháirt den choiste le Seán mcGrotty, a bhí ag tiomáint an chairr Audi oíche na tubaiste. Bhi daoine muinteartha McGrotty i láthair ag éisteacht an lae inniu.

Eitilt sa bhreis

Beidh eitilt sa bhreis in aghaidh na seachtaine a chur leis an tseirbhís ó Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall go Glaschú ón Déardaoin seo chugainn, rud a chiallaíonn go mbeidh seirbhís  ann cúig la sa seachtain. Leanfaidh na h-eitiltí breise go deireadh an tsamhraidh.  Bhí 6 seirbhís in aghaidh na seachtaine go Glaschú  i rith an tsamhraidh  anuraidh ach tháinig laghdú ar líon na bpaisinéirí ag an am de bharr an titim ar luach an punt sterling agus ar an imní a bhí ar dhaoine faoi imeact na Breataine ón Aontas Eorpach. Rinne Eilis Barrett  bainiseoir feidhmiúcháin Aerfort Dhún na nGall cur síos ar Barrscéalta  ar an ardú ar líon na bpainsinéirí atá ag baint úsáid as na seirbhísí  ón aerfort go Baile Átha Cliath agus go Glaschú ó thus na bliana   

Scéim phíolótach

D'fhéadfadh scéim phíolótach atá ar bun ar an Chlochán Liath ag díriú ar phlandaí nach plandaí dúchasacha iad, a chur ar bun i bpáirteanna eile den chontae, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir. Tá an scéim a reáchtáil  ag  Comhairle Contae  Dhún na nGall le dul i ngleic le plandaí ar nós an ghlúineach bhiorach, an gunnaire agus an rós labhras atá ag fás go leitheadach sa cheantar. Tá  sé beartaithe ag an Comhairle Contae oiliúint a chur ar fáil  do ghrúpaí pobail i gceantar an Chlocháin Léith leis na plandaí   a aithint agus eolas a thabhairt  ar na dóigheanna le réitigh a fháil daofa.
Deir an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallchóir go gcaithfear monatóireacht a dhéanamh ar an scéim agus  má tá ag éirí leis gur cheart an múnla céanna a chur ar fáil i bpáirteanna eile den chontae.
 

Uisce Éireann

Tá conraitheoir fostaithe ag  Uisce Éireann atá  i mbun oibre ar Bóthar na Céibhe ar an Chlochán Liath le níos mó ná 10 seachtainí. Tá sé tugtha le fios ag Uisce Éireann don Chomhairleoir Contae  Marie Therese Ní Ghallchóir   nach mbeidh an obair críochnaithe anois go ceann 3 seachtain eile ar a laghad.
Deir  an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí go bhfuil na hionadaithe poiblí  a gcur ó dhoras ag Uisce Éireann agus eolas a lorg acu ar an togra seo.

Bun Cranncha

Beidh réamhéisteacht chróinéara faoin tubaiste a tharla ag céidh Bhun Cranncha anuraidh, nuair a báitheadh 5 as an teaghlach amháin, ar siúl inniu in Inis Eoghain. Sé an Croinéar an Dr Denis McCauley a bhéas ag stiúradh na hócáide, a thoiseos ag an mheánlae in Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha. Báthadh Sean McGrotty, a bheirt mhac Evan agus Mark, máthair mhór na bpáistí, Ruth Daniels agus iníon léithi, Jodie Lee, nuair a shleamhnaigh a gcarr ó chéidh Bhun Cranncha isteach i Loch Súilí i Márta anuraidh. Tuigtear go mbeidh eolas tugtha inniu faoin leagan amach a bhéas ar an choiste cróinéara amach anseo agus na grúpaí agus daoine éagsúla a bhéas ag tabhairt fianaise ann.

Ralaí Dhún na nGall

Tá Grúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall ag impí ar lucht leanta Ralaí Idirnáisúnta Dhún na nGall a bheith freagrach agus cloí  le na rialacha sábháilteacht bóthar  le linn na deireadh seachtaine seo. Deir Brian O'Donnell, Oifigeach um Shábháilteacht ar Bhóithre  go mbeidh na carranna sa Ralaí ag tiomáint ar ard-luas ach go mbeidh siad a dhéanamh seo ar bóithre a bhéas druidte , i carrana den ard -chaighdeán le treallamh sábháilteachta agus iad feistithe  mar is ceart. Ach deir sé go bíonn go leor daoine óga  ag   tiomáint  go contúirteach  i ngluaisteáin  atá athchóirithe go mí-dhleathach agus gan spéis dá laghad acu sa rallaí .Ní bhíonn de rún acu ach deacrachtaí a chruthu  do na Gardaí agus don phobal. 

Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin.

 
Majorie Uí Chearbhaill, Comharchumann Thoraigh.

Majorie Uí Chearbhaill, Comharchumann Thoraigh.

 
Padraigh ó Dubháin - Rásaí Thrá Bhéal Bán, Baile an Fheirtéaraigh

Padraigh ó Dubháin - Rásaí Thrá Bhéal Bán, Baile an Fheirtéaraigh

 
An Dr. John Walsh., Ollscoil Na hÉireann, Gaillimh.

An Dr. John Walsh., Ollscoil Na hÉireann, Gaillimh.

 
Éamon Mallie, Iriseoir , údar agus tráchtaire.

Éamon Mallie, Iriseoir , údar agus tráchtaire.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió Na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió Na Gaeltachta.

 
Jim O Callaghan Teachta Dála Fianna Fáil.

Jim O Callaghan Teachta Dála Fianna Fáil.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió Na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta / Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht a hAon.

Nuacht a hAon.

 
Marcas Mac Domhnaill.

Marcas Mac Domhnaill.

 
Peadar de Blúit.

Peadar de Blúit.

 
Tadhg Ó Súilleabháin.

Tadhg Ó Súilleabháin.

 
Darán Ó Droma.

Darán Ó Droma.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 27 Meitheamh 2017.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 27 Meitheamh 2017.

 
Tomás Ó hÉanacháin, Príomhoide Scoil Náisiúnta Choill an tSiáin, Tuar Mhic Éadaigh.

Tomás Ó hÉanacháin, Príomhoide Scoil Náisiúnta Choill an tSiáin, Tuar Mhic Éadaigh.

 
Pádraig Feirtéir, Stiúrthóir Coláistí Gaeilge Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéir, Stiúrthóir Coláistí Gaeilge Chorca Dhuibhne.

 
Séamus Ó Domhnaill.

Séamus Ó Domhnaill.

 
Máirtín Ó Muilleoir.

Máirtín Ó Muilleoir.

 
Siobhán Seoighe, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Siobhán Seoighe, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Ian Malcom.

An Dr. Ian Malcom.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Micheál Ó Céadagáin, Turas an Áras.

Micheál Ó Céadagáin, Turas an Áras.

 
Seán Breandán Ó Conchúir, Tigh TP.

Seán Breandán Ó Conchúir, Tigh TP.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Deontas ceadaithe ag Udarás na Gaeltachta.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Deontas ceadaithe ag Udarás na Gaeltachta.

 
Páidí Ó hEachthairn agus Micheál Ó Muircheartaigh 'Ceallunach Bhaile an tSagairt.

Páidí Ó hEachthairn agus Micheál Ó Muircheartaigh 'Ceallunach Bhaile an tSagairt.

 
Micheál Ó Muircheartaigh, CLG.

Micheál Ó Muircheartaigh, CLG.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 26 Meitheamh 2017.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 26 Meitheamh 2017.

 
Patsy Ní Chearnaigh, Eva Ní Dhoibhleann agus Courtney Ní Bhaoill.

Patsy Ní Chearnaigh, Eva Ní Dhoibhleann agus Courtney Ní Bhaoill.

 
Marie Muldowney, as Machaire Rabhartaigh.

Marie Muldowney, as Machaire Rabhartaigh.

 
Marjorie Uí Chearrbhaill agus Séamus Breathnach ó Bhord Iascaigh Mhara.

Marjorie Uí Chearrbhaill agus Séamus Breathnach ó Bhord Iascaigh Mhara.

 
Eimear Ní Mhathúna as ceantar Fhanada.

Eimear Ní Mhathúna as ceantar Fhanada.

 
Pacáiste ó Rás Ultra an Atlantaigh Fhiáin.

Pacáiste ó Rás Ultra an Atlantaigh Fhiáin.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 260617.

Barrscéalta, Clár iomlán, 260617.

 
John Harrington.

John Harrington.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís