Nuacht an Iarthair: Seán Kyne

Nuacht an Iarthair: Seán Kyne

Seán Kyne

Tá baill sinsearacha i bhFine Gael i nGaillimh Thiar thar a bheith diomúch nár  tugadh aon phost don Teachta Dála Sean Kyne nuair a dfhógair an Taoiseach Leo Varadkar a chuid Airí nua sa Rialtas. Deir siad i ráiteas a thug siad don stáisiún seo go bhfuil siad dóchasach go gceapfar ina Aire stáit i Roinn éigin  é an tseachtain seo chugainn. Tá obair mhór déanta ag an Teachta Seán Kyne don Ghaeltacht, do na hOileáin agus do Ghaillimh a deir siad ó ceapadh ina Aire Stáit é, a dúirt siad.  Dhéileáil sé go maith leis na fadhbanna mhóra a bhí ag pobal na tuaithe sa tréimhse a chaith sé mar Aire stáit a dúradh. Dúirt na hoifigí sinsearacha sa bpáirtí i nGaillimh Thiar agus i Maigh Eo Theas, go mbainfeadh an Teachta Kyne leas as an taithí atá aige in aon Roinn stáit a gcuirfí ann é. Tuigtear gur chuir na hoifigí sinsearacha sa bpáirtí a gcuid mí-shástachta in iúil don Taoiseach inné.


Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Inniu a fógraíodh go bhfuil an folúntas do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le líonadh. Is iad an comhlacht earcaíochta Sigmar as Gaillimh a bheidh i mbun na hoibre. Tá sé luaite le cuspóirí an phoist go gcaithfidh tuiscint mhaith a bheith ag an té a cheapfar ar gníomhaireachtaí an stát, ar an earnáil phoiblí agus ar an gcaoi le polasaithe náisiúnta a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh cur amach maith acu freisin ar fhorbairt eacnamaíochta, pobail agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Tá go dtí deireadh na míosa ag a a cúig a chlog ag daoine le cur isteach ar an bpost. Beidh an Príomhfheidhmeannach Steve O Culáin ag éirigh as a chuid cúramaí leis an Údarás sa bhFómhar.

Teideal na Roinne

Deir an Teachta Dála Eamonn Ó Cuív gur chóir go mbeadh an focal 'Gaeltacht' luaite i dteideal na Roinne, ach a dtabharfar eolas faoi na ranna rialtais an tseachtain seo chugainn. Dúradh sa Dáil go mbeadh Aire don Chultúr ann a deir O Cuív, ach go bhfuil súil aige go mbeidh 'An Ghaeltacht' luaite go sonrach. Nuair a bhí sé ag tagairt faoin mbéim atá an Taoiseach Leo Varadkar ag cur ar labhairt na Gaeilge ar fud na tíre, dúirt Eamonn O Cuív go bhfuil sprioc leagtha síos go gcuirfí le líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge ach go gcaithfear an tacaíocht chuí a thabhairt do phobal na Gaeltachta lena chinntiú go bhfuil an tobar sin lán a deir sé. Maidir leis an Teachta Joe McHugh a bheith ina Phríomh Aoire agus ina Aire Stáit Gaeltachta, léirigh Eamonn O Cuív imní go bhfuil an dá chaipín á chaitheamh aige. Dúirt sé óna thaithí féin nach mbíonn aon deis chainte ag an bPríomh Aoire faoi aon rud ag bord an rialtais seachas nithe a bhaineann le vótaí rialtais.

Aitheantas Gaeltachta

Níl sé i gceist ag Scoil Náisiúnta Thulach Uí Chadhain i Maigh Cuilinn,  aitheantas a chuardach mar scoil Ghaeltachta. Vótáil 80% de phobal na scoile sa gceantar i gcoinne stádas Gaeltachta a fháil don scoil.
Thóg Bord Bainistíochta na scoile cinneadh aréir nach mbeidís ag léiriú spéise ná ag lorg stádas mar scoil Ghaeltachta ón Roinn Oideachais. Dúirt Príomhoide na Scoile, Christopher O Neill ar an gclár adhmhaidin go gcaithfidh an polasaí a bheith i bhfad níos soiléire agus ó tharla go bhfuil na naíonáin agus rang a 1 sa seomra céanna sa scoil go mbeadh sé níos deacra an polasaí a chur i bhfeidhm. Chuir an méid a bhí luaite leis an tumOideachais as go mór do phobal na scoile a dúirt an Príomhoide, agus an tionchar a bheadh ag an bPolasaí ar chumas na bpáistí roinnt d'ábhair na scoile a fhoghlaim. Dúirt an Príomhoide go gcaithfear a bheith cúramach agus a fháil amach ar dtús an gcuirfidh an Roinn na hacmhainní atá ag teastáil leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm ar fáil ar dtús. 600 páiste atá ag freastal ar bhunscoileanna i Maigh Cuillinn.

Seán Kyne


Dúirt an Teachta Dála Seán Kyne go bhfuil díomá air nár bhfuair sé post aireachta nuair a rinne an Taoiseach nua Leo Varadker a chuid ceapúcháin Dé Máirt. Dúirt sé go bhfuil súil aige go bhfaighfidh sé post mar Aire Stáit Dé Máirt seo chugainn, ach ní raibh sé sásta a thabhairt le fios cén aireacht stáit a thaitneodh leis. Thug an Teachta Kyne le fios ar adhmhaidin gur dhúirt sé ag cruinniú a bhí aige leis an Taoiseach inné go mbeadh sé tábhachtach go mbeadh "Gaeltacht" luaite i dteideal na Roinne a bhfuil cúramaí Gaeltachta uirthi. D'aontaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur cheart go mbeadh ainm na Gaeltachta luaite leis an Roinn.

Otharcharr

Tá an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív ag iarradh ar an Aire Sláinte go dtógfaí ionad nua don tseirbhís othar chairr i bPáirc Mheirlinne i nGaillimh.  Níl an t-ionad sealadach atá in úsáid ansin le trí bliana feiliúnach ar chor ar bith a deir an Teachta. Masla atá ann don fhoireann atá ag obair ansin go bhfuil an fhoirgnimh chomh beag  agus gur fritheadh lorg den bhaictéir E-Coli san uisce ansin a deir sé. Níor cheart go mbeadh oibrithe sa tseirbhís éigeandála ag obair in ionad nach bhfuil feiliúnach agus tá sé náireach go bhfuil siad fágtha ar an gcaoi sin le trí bliana a dúirt an Teachta. Cé go bhfuil conraitheoir leis ionad nua don tseirbhís othar chairr a dhearadh roghnaithe, caithfear tús a chur leis an obair láithreach, sa gcaoi agus nach leanfar leis na droch choinnéalacha oibre atá ag na hoibrithe seo a mhínigh an Teachta Ó Cuív. 

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Lúnasa 2017

An Saol ó Dheas 22ú Lúnasa 2017

 
Muireann Ní Dhraighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta.

Muireann Ní Dhraighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta.

 
Róise Ní Ghallchóir as an Fhál Carrach.

Róise Ní Ghallchóir as an Fhál Carrach.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Edel Ní Chuireáin agus Gráinne Mhic Giolla Bhríde.

Edel Ní Chuireáin agus Gráinne Mhic Giolla Bhríde.

 
An Príomhaoire Joe Mc Hugh.

An Príomhaoire Joe Mc Hugh.

 
An tAthair Donncha Ó Cuinn.

An tAthair Donncha Ó Cuinn.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 220817.

Barrscéalta, Clár iomlán, 220817.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dáithí O Sé;Féile Rós Thráilí

Dáithí O Sé;Féile Rós Thráilí

 
Gerry Motherway; Bás an aisteora Michael Twomey.

Gerry Motherway; Bás an aisteora Michael Twomey.

 
Doireann Ní Shé; Dileachtlainn na Rómáine.

Doireann Ní Shé; Dileachtlainn na Rómáine.

 
Aodán Mac Gearailt; Lúthcleasaíocht na n-óg.

Aodán Mac Gearailt; Lúthcleasaíocht na n-óg.

 
Micheál O Muircheartaigh; CLG;

Micheál O Muircheartaigh; CLG;

 
Saol ó Dheas 21ú Lúnasa 2017

Saol ó Dheas 21ú Lúnasa 2017

 
Aodh Mac Laifeartaigh.

Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Róise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Róise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Rachel Nic Aoidh agus Roisín Nic Pháidín.

Rachel Nic Aoidh agus Roisín Nic Pháidín.

 
Éamonn Ó Coilm, Fear óg as Gaoth Dobhair.

Éamonn Ó Coilm, Fear óg as Gaoth Dobhair.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Aoife Nic Nichol, ball do Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola agus Courtney Ní Bhaoill as Banna Ceoil an Mhachaire.

Aoife Nic Nichol, ball do Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola agus Courtney Ní Bhaoill as Banna Ceoil an Mhachaire.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Barrscéalta: Dé Luain 21 Lúnasa 2017.

Barrscéalta: Dé Luain 21 Lúnasa 2017.

 
Gearóid Ó Cribín, Réalteolaíocht Éireann.

Gearóid Ó Cribín, Réalteolaíocht Éireann.

 
Colm Healy, Seacláid na Scilige.

Colm Healy, Seacláid na Scilige.

 
Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair

Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair

 
Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Iar cheannfort Airm.

Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Iar cheannfort Airm.

 
Cathal Gronell, Iasc Mara.

Cathal Gronell, Iasc Mara.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Betty McLaughlin, Iar Uachtarán Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

Betty McLaughlin, Iar Uachtarán Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - Gráinne Uí Dhomhnaill seanchaí

Siúlach Scéalach - Gráinne Uí Dhomhnaill seanchaí

 
Siúlach Scéalach - Scoil Éigse agus Seanchais Chonamara

Siúlach Scéalach - Scoil Éigse agus Seanchais Chonamara

 
Siúlach Scéalach - Séamus Ó hEocha

Siúlach Scéalach - Séamus Ó hEocha

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Lúnasa 2017

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Lúnasa 2017

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

GaYel

GaYel

Údar Cainte

Údar Cainte

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís