Nuacht an Iarthair: Ionad Séarachais an Spidéil le dearadh

Nuacht an Iarthair: Ionad Séarachais an Spidéil le dearadh

Comhlacht roghnaithe chun tabhairt faoi ionad séarachais an Spidéil a dhearadh

Tá sé deimhnithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, go bhfuil comhlacht roghnaithe ag Uisce Éireann le tabhairt faoi dhearadh agus faoi phleanáil ionad séarachais do bhaile an Spidéil. Bhí cruinniú aige níos túisce inniu le Comhlacht Forbartha an cheantair, áit ar pléadh na tránna agus na deacrachtaí atá ag an gceantar ó thaobh cúrsaí séarachais. Dúradh go mbeifí ag tosnú ar seo i lár an tsamhraidh. Thug sé le fios freisin, go bhfuil sé féin ag moladh do Uisce Éireann anois, breathnú ar an gceantar ar fad, is é sin, tithe príomháideacha atá thimpeall ar thrá an Spidéil nó na srutháin atá ag rith isteach ann, féachaint ar féidir iad a cheangailt don chóras séarachais poiblí. 

Trá na bhForbacha

Dúirt Bainisteoir Cláir leis an nGníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil, Andy Fanning ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, gur le abhainn i gceantar na bhForbacha atá an fhadhb faoi chúrsaí truaillithe ar an trá áitiúil ansin faoi láthair. D'fhéadfadh sé freisin, a deir sé, go bhfuil baint ag dabhachanna séarachais nó ag salachar ainmhithe leis an gceist. Léiríodh imní  i gceantar Chonamara faoin mbealach go bhfuil dhá thrá sa gceantar agus ceann eile as comharsanacht chathair na Gaillimhe, ar an liosta de shé cinn de thránna sa tír gur theip orthu i dtástálacha sábháilteachta uisce a rinne an Gníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil anuraidh.Maidir le cás thrá an Spidéil, thug Andy Fanning le fios gur taighde neamhspleách  atá ar bun ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh, maidir leis an mbaictéir CPE, ach nach bhfuil fhios cén baol atá ann ó thaobh snámha dhi. Níl trá an Spidéil ar an liosta do thránna gur theip orthu i dtástáileacha an EPA. Cé go bhfuil scéim séarachais nua i gceantar an Chlocháin, deir Andy Fanning go bhfuil fadhbanna eile ó thaobh truaillithe ann, ach go bhfuil Comhairle Condae na Gaillimhe ag iarraidh é seo a leigheas.  

Cábhán an Gharda Tarrthála ar an Spidéal á ghlanadh

Tá conraitheoirí le Comhairle Contae na Gaillimhe ag glanadh scríobh de chábán an gharda tarrthála ag Trá na mBan sa Spidéal faoi láthair. "GLAN SUAS É!!" - an ráiteas atá péinteáilte ar an gcábán. Thug Aodán Mac Donnacha ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil le fios gur mór an náire gur tharla a leithéid. Má theastaíonn ó dhaoine a dhul i mbun agóide, ba cheart dóibh a deir sé a theacht chomh fada leis an trá agus seasamh ansin le comharthaí lena gcuid míshástachta a chur in iúl.  B'fhearr go mór fada é seo a dhéanamh seachas damáiste a dhéanamh de do áis pobail ar nós cábán an gharda tarrthála a deir Aodán Mac Donnacha

Cruinniú faoi thránna an Spidéil

Beidh cruinniú an tseachtain seo chugainn ag na Feidhmeannaigh i gComhairle Contae na Gaillimhe, ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Uisce Éireann agus an an nGníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil le ceist na dtránna sa Spidéal a phlé. Pléifear an chomharthaíocht atá in úsáid ag na tránna sa cheantar, le daoine a chur ar an eolas faoi chaighdeán an uisce ag an gcruinniú chomh maith. Tá imní léirithe nach bhfuil na comharthaí sách feiceálach ag an dá thrá le daoine a chur ar an eolas.

2,000 gliomach le cur i bhfarraige

Tá dhá mhíle gliomach le cur i bhfarraige i gCuan na Gaillimhe an mhí seo mar chuid de thaighde atá ar bun ag Bord Iascaigh Mhara, Foras na Mara, Comhar Caomhán Inis Oírr, iascairí cois costa agus Ollscoil na Banríona. Cuirfear na gliomaigh i bhfarraige i gceithre láthair sa gcuan. Feisteofar córas ar na gliomaigh le eolas a chur ar fáil den taighde. Cuirfear i bhfarraige iad thimpeall Oileáin Árann, Iorras Aithneach, soir ó Bhearna agus ag Ceann Boirne.

Teacht altranais nua

Osclóidh an tAire Stáit Gaeltachta Séan Kyne teach altranais, an Caiseal Geal ar an gCaisleán Gearr i nGaillimh inniu. Is teach altranais nua é seo atá tógtha le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Beidh spás do dhá othar agus dhá scór sa teach altranais nua seo agus suas le leathchéad duine ag obair ann.
 

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Nuala Ní Chonghaile.

Nuala Ní Chonghaile.

 
Seán Ó Maolchalainn.

Seán Ó Maolchalainn.

 
An Dr. Conchúr Ó Giollagáin.

An Dr. Conchúr Ó Giollagáin.

 
Emmet Ó Fátharta.

Emmet Ó Fátharta.

 
An Feisire Eorpach Seán Kelly.

An Feisire Eorpach Seán Kelly.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúil.

 
Seán Ó Ceallaigh.

Seán Ó Ceallaigh.

 
Dáithí de Mórdha.

Dáithí de Mórdha.

 
Philip King.

Philip King.

 
Conall Ó Cíobháin.

Conall Ó Cíobháin.

 
Mait Ó Brádaigh.

Mait Ó Brádaigh.

 
Áine Moynihan.

Áine Moynihan.

 
Brian de Staic.

Brian de Staic.

 
An Saol Ó Dheas: Déardaoin 23 Samhain 2017.

An Saol Ó Dheas: Déardaoin 23 Samhain 2017.

 
Ailbhe Ó Monacháin ó Nuacht RTÉ.

Ailbhe Ó Monacháin ó Nuacht RTÉ.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
Séamus Ó Baoill, Cisteoir Chumann Tacaíochta Mhickey Joe Mc Monagle.

Séamus Ó Baoill, Cisteoir Chumann Tacaíochta Mhickey Joe Mc Monagle.

 
Andy Caomhánach, Fear na Riomhairí.

Andy Caomhánach, Fear na Riomhairí.

 
Andy Caomhanach agus Rosa Glackin, ó Chumann Naomh Uinseann de Pól.

Andy Caomhanach agus Rosa Glackin, ó Chumann Naomh Uinseann de Pól.

 
Andy Caomhánach .

Andy Caomhánach .

 
Catherine Lyster, Oifigeach Gairmeacha in Institiúid Teicneolaíocht.

Catherine Lyster, Oifigeach Gairmeacha in Institiúid Teicneolaíocht.

 
Barrscéalta: Déardaoin 23 Samhain 2017.

Barrscéalta: Déardaoin 23 Samhain 2017.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

Mícheál Ó hUanacháin, Tráchtaire.

 
Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

Éilís Ryan, Comhairleoir Cathrach i mBÁC ó Pháirtí na nOibrithe.

 
Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

Áine Máire Nic Dhiarmada, Iriseoir i Londain, Shasana.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

Gráinne Ní Chiobháin, Seoirse Ó Luasa agus Donald Ó Gruagáin

 
Áine Ní Shúilleabháin

Áine Ní Shúilleabháin

 
Dolores Ní Mháirtín

Dolores Ní Mháirtín

 
Joan Nic Uidhir

Joan Nic Uidhir

 
Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

Gearóid Mac Gearailt, Oifigeach de chuid na Comhairle Contae sa Daingean

 
An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

An Saol Ó Dheas, Dé Céadaoin 22 Samhain '17

 
Ailbhe Ó Monacháin, ó Nuacht RTÉ.

Ailbhe Ó Monacháin, ó Nuacht RTÉ.

 
Máire Mhic Comhaill.

Máire Mhic Comhaill.

 
Pádraigín Ní Uallacháin.

Pádraigín Ní Uallacháin.

 
Máire Uí Cheallaigh.

Máire Uí Cheallaigh.

 
Tony Ó Ceallacháin, as na Cealla Beaga.

Tony Ó Ceallacháin, as na Cealla Beaga.

 
Oisín Mac Eo, ón ngrúpa Misneach Thír Chonaill.

Oisín Mac Eo, ón ngrúpa Misneach Thír Chonaill.

 
Brian Ó Cuinneagáin.

Brian Ó Cuinneagáin.

 
An tAire Stáit Joe Mc Hugh agus Pat Ó Baoill.

An tAire Stáit Joe Mc Hugh agus Pat Ó Baoill.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 22 Samhain 2017.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 22 Samhain 2017.

 
Séamus Ó Lúing, máistir poist.

Séamus Ó Lúing, máistir poist.

 
Dr. Tony Canavan.

Dr. Tony Canavan.

 
Seán Ó Gallchóir.

Seán Ó Gallchóir.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

Dr. Ciarán Ó Gealbháin, UCC.

 
Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

Marie Ní Chonchubhair, Údar agus tráchtaire.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitíochta.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís