Nuacht an Deiscirt: Gá le breis infheistíochta sna h-ealaíona
Breis infheistíochta sna h-ealaíona
Caithfimid, idir phobal agus Rialtas, breis infheistíochta a dhéanamh sna h-ealaíona, má teastaíonn uainn go mbeadh rath ar thodhchaí agus ar gheilleagar na tíre, a deir Philip King, bunaitheoir na féile Other Voices, in agallamh don chlár Adhmhaidin inniu.
Cúrsa Nemeton
Tabharfaidh rannpháirtithe an chúrsa Iarchéime Ard Dioplóma, i léiriú teilifíse agus na meáin dhigiteacha leis an gComhlacht Nemeton, i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, a gcéad léiriú don phobal inniu, ar na cláracha teilifíse atá déanta acu mar chuid den chúrsa.