Nuacht an Iarthair: Iarrtha ar OÉG a gcinneadh a athrú

Nuacht an Iarthair: Iarrtha ar OÉG a gcinneadh a athrú

Éileamh an athuair ar OÉG a gcinneadh Uachtarán le Gaeilge a athrú

Tá sé iarrtha ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dul siar a gcinneadh deireadh a chur leis an gcoinníoll go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag uachtarán nua na hollscoile.

Sa bhfógra do phost an Uachtaráin a foilsíodh ar an 13ú Aibreán, ní raibh caint ar bith go dteastódh Gaeilge ón té a cheapfar sa bpost.

Níl ráite sa bhfógra ach go bhfuil ról ar leith ag an ollscoil in earnáil ardoideachais na hÉireann le chuile thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann.

Dúradh go bhfuil lucht na hollscoile i mbun machnaimh faoin gcás.

Agóid theaghlaigh saighdiúirí

Bhí agóid shíochánta ag Dún Uí Mhaoilíosa ar an Rinn Mhóir i nGaillimh inniu ag mná chéile, fir chéile agus ag páirtithe le saighdiúirí san arm mar chuid d'fheachtas náisiúnta in aghaidh pá íseal agus míshástacht faoi choinníollacha oibre.

Shocraigh siad tabhairt faoin agóid mar gheall nach bhféadfaidh a bpáirtithe atá san arm a leithéid a dhéanamh ná leas a bhaint as cúrsaí caidrimh tionsclaíochta.

Ón 12.00 go dtí'n 2.00 a bhí an agóid ar bun.

Liús i Loch Coirib ina bhaol d'éisc - Ó Cuív

Tá sé iarrtha ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar an Aire Heather Humphreys a chinntiú go bhfaighfear réidh leis an liús a scaoileadh isteach i roinnt lochanna suas ó Loch Coirib le gairid. 

Tá sé ina imní ar an Teachta Ó Cuív go bhféadfadh an t-iasc seo cur as don diúilicín péarlach atá sna lochanna atá i gceist má itheann sé éisc bheaga ar a mbíonn an diúilicín ag brath le maireachtáil é féin.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Humphreys don Teachta Ó Cuív go bhfuil sé i gceist suirbhé a dhéanamh ar na héisc bheaga seo i mbliana agus go mbeadh Abhainn an Chnoic in Uachtar Ard i measc na lochanna a bheidh sa gcomhaireamh.
 

Cuardach criú R116

Tá foireann ón arm agus saineolaithe teicniúla de chuid na nGardaí le dhá lá a chaitheamh ag cuartú thart ar an Tor amach ó chósta an Fhóid Dhuibh i gContae Mhaigh Eo don mbeirt chriú ó héileacaptar tarrthála R116 an gharda cósta atá fós ar iarraidh - Paul Ormsby agus Ciarán Smith.

Tá lucht an Aerchóir le haghaidh iad a thabhairt chuig an gceantar inniu agus fanfaidh siad go dtí amárach.

Tá siad le suirbhé cuimsitheach a dhéanamh thart ar an Tor féin.

Tá tumadóirí na nGardaí agus an chabhlaigh le dul ar ais i mbun oibre sa gceantar freisin.

Plean turasóireachta Chonamara & Árainn

Inniu a gheofar an chéad léargas poiblí ar dhréacht den phlean turasóireachta atáthar a réiteach do Chonamara agus d'Árainn ag cur i láthair a dhéanfar in oifigí Chomharchumann Forbartha Árann in Inis Mór ag a 2.00 a chlog.

Chaith comhairleoirí ó Team Tourism atá fostaithe ag Fáilte Éireann 10 lá i mí Feabhra ag breathnú ar a bhfuil ar fáil do thurasóirí i gConamara agus in Árainn.

Beidh moltaí sa bplean atá siad a chur le chéile faoi bhealaí a bhféadfaí turasóirí a mhealladh le tuilleadh ama a chaitheamh sa gceantar agus cuairt a thabhairt ar áiteacha nach mbíonn mórán turasóirí ag teacht chucu faoi láthair.

Beidh an chéad chur i láthair faoin bplean in oifig an chomharchumainn in Inis Mór inniu, beidh ceann eile ar an Tulaigh amárach agus an tríú ceann sa gClochán ar an Luan.

Tá fáilte roimh an bpobal chuig na hócáidí seo.

Laghdú i gceannach cáranna

Tháinig laghdú 14.7% i gContae na Gaillimhe agus 13.9% i gContae Mhaigh Eo ar líon na gcarranna nua a ceannaíodh sa gcéad ráithe den bhliain seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá ar fáil.

2,961 carr nua a ceannaíodh sna chéad trí mhí den bhliain seo i gContae na Gaillimhe i gcomparáid le 3,472 anuraidh.

I gContae Mhaigh Eo, ceannaíodh 1,444 carr nua sa gcéad ráithe de 2017 - 1,677 a ceannaíodh san achar céanna anuraidh.

Is iad Cumann Thionscal Mótar na hÉireann - an SIMI - i gcomhar le DoneDeal a chuir na figiúirí ar fáil.
 

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an  Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Eddie Hutch; Regatta an Daingin.

Eddie Hutch; Regatta an Daingin.

 
Eoin Ó Cruadhlaoich; Tionscail tógála i CA.

Eoin Ó Cruadhlaoich; Tionscail tógála i CA.

 
Micheál Ó Conchúir; Duibhneach san Eoraip.

Micheál Ó Conchúir; Duibhneach san Eoraip.

 
Áine Moynihan: An Lab.

Áine Moynihan: An Lab.

 
An Saol ó Dheas; Dé Ceadaoin, 16ú Lúnasa 2017.

An Saol ó Dheas; Dé Ceadaoin, 16ú Lúnasa 2017.

 
Rónán Mac Aodh ag caint le Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair Séamus Ó Briain, agus daltaí na scoile.

Rónán Mac Aodh ag caint le Príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair Séamus Ó Briain, agus daltaí na scoile.

 
Máire Ní Mhianáin Slater as Oileán Thóraigh ó dhúchas.

Máire Ní Mhianáin Slater as Oileán Thóraigh ó dhúchas.

 
Mír faoi Biddy Bharney Mhic Grianna, as Gort An Choirce.

Mír faoi Biddy Bharney Mhic Grianna, as Gort An Choirce.

 
Bairbre Ní Chathail.

Bairbre Ní Chathail.

 
Barrscéalta, clar iomlán, 160817.

Barrscéalta, clar iomlán, 160817.

 
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Anne Threasa Nic Fhionnghaile, Óstán Radharc na Céibhe.

Anne Threasa Nic Fhionnghaile, Óstán Radharc na Céibhe.

 
Eimear Ní Mhurchú, Coláiste na Sceilge.

Eimear Ní Mhurchú, Coláiste na Sceilge.

 
Meadhbh Seoighe, Údarás na Gaeltachta

Meadhbh Seoighe, Údarás na Gaeltachta

 
Betty Mc Loughlin, Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

Betty Mc Loughlin, Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

 
Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, An Bhruiséil.

 
Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Micheál Ó Laoghaire agus Tadhg Ó Dubhshláine, Marcas Mac Domhnail,  Oidhreacht.

Micheál Ó Laoghaire agus Tadhg Ó Dubhshláine, Marcas Mac Domhnail, Oidhreacht.

 
Jamie Coistín; Feachtas bailithe airgid do Charraig Liath.

Jamie Coistín; Feachtas bailithe airgid do Charraig Liath.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt, 15ú Lúnasa 2017.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt, 15ú Lúnasa 2017.

 
Aoibhinn Nic Mhonagáil agus a h-athair Enda as an Fhál Carrach.

Aoibhinn Nic Mhonagáil agus a h-athair Enda as an Fhál Carrach.

 
Seán Mac Seaghain as Béal Feirste agus Malachy Duffin.

Seán Mac Seaghain as Béal Feirste agus Malachy Duffin.

 
Seán Ó Conacháin ó Chumann Slat Iascairí Chloich Cheann Fhaola.

Seán Ó Conacháin ó Chumann Slat Iascairí Chloich Cheann Fhaola.

 
An Dr Ilona Duffy.

An Dr Ilona Duffy.

 
Rachel Nic Aoidh, Fiona Ní Rabhartaigh, Carol Anne Ní Chasaoide agus Aisling Ní Giolla Easpaig.

Rachel Nic Aoidh, Fiona Ní Rabhartaigh, Carol Anne Ní Chasaoide agus Aisling Ní Giolla Easpaig.

 
Barrscéalta: Dé Ceadaoin, 15 Lúnasa 2017.

Barrscéalta: Dé Ceadaoin, 15 Lúnasa 2017.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh,  An Dream Dearg .

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg .

 
Cormac Mc Cashin , An Fóras Pátrúnachta.

Cormac Mc Cashin , An Fóras Pátrúnachta.

 
John Shéamuis Ó Fearraigh , Comhairleoir Contae , Tír Chonaill.

John Shéamuis Ó Fearraigh , Comhairleoir Contae , Tír Chonaill.

 
Áine Ní Chiaráin , Tuairisceoir .

Áine Ní Chiaráin , Tuairisceoir .

 
Paddy Ó Gríofa, RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

Paddy Ó Gríofa, RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

 
Fergus Ó Dowd , Teachta Dála .

Fergus Ó Dowd , Teachta Dála .

 
Dr. Seán Ó Conaill , An Roinn Dlí , Ollscoil Chorcaigh.

Dr. Seán Ó Conaill , An Roinn Dlí , Ollscoil Chorcaigh.

 
Póilin Ní Chiaráin, RTÉ Raidió Na Gaeltachta , Béal Feirste.

Póilin Ní Chiaráin, RTÉ Raidió Na Gaeltachta , Béal Feirste.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Údar Cainte

Údar Cainte

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís