Nuacht an Iarthair: Cruinniú práinneach

Nuacht an Iarthair: Cruinniú práinneach

Cruinniú práinneach

Tá cruinniú práinneach tarraingthe ag Cumann Thithe Altranais Príobháideacha na hÉireann i mBaile Cláir amárach ag a bpléifear socruithe nua do dhaoine a dteastaíonn tuilleadh aire uathu tar éis dóibh a bheith san ospidéal. Ní thugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte deis do dhaoine anois dul chuig a rogha teach altranais i gContae na Gaillimhe sa gcás agus go dteastaíonn aire agus cúnamh uathu ar feadh píosa nuair a thagann siad amach as an ospidéal.  Má théann duine chuig teach altranais taobh amuigh de na ceanna atá roghnaithe ag an bhFeidhmeannacht caithfidh an té sin íoc as. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa tóir faoi láthair ar thairiscintí ó thithe altranais a bheadh sásta leapacha a chur ar fáil, ach caithfidh na tithe altranais sin a bheith i bhfoisceacht 30 cileaméadar de chathair na Gaillimhe de réir na dtéarmaí atá leagtha síos ag an bhFeidhmeannacht.  Dúirt Cumann na dTithe Altranais nach bhfuil an socrú sin i gclár ná i bhfoirm agus gur cheart go bhféadfadh daoine dul chuig a rogha teach altranais.  Tá cuireadh tugtha do Theachtaí Dála agus d'ionadaithe poiblí eile chuig an gcruinniú in Óstán Bhaile Cláir ag a 4.00 a chlog tráthnóna amárach.

Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh


Ní raibh an oiread daoine ag fanacht ar thralaithe in Ospidéal na hOllscoile, i nGaillimh riamh agus a bhí an mhí seo caite de réir na bhfigiúirí atá foilsithe ag Cumann na nAltraí agus na mBancabhrach. 638 duine a bhí ag fanacht le leaba a fháil san ospidéal i mí an Mhárta - sin ionann is 100 duine níos mó ná mar a bhí ann i Márta na bliana seo caite. 12 duine atá ar thralaithe san ospidéal inniu.

Múinteoirí 

Dúirt Rúnaí Chraobh Chonnacht de Cheardchumann an INTO, Michéal S. Mac Donncha gurbh fhearr leis féin go mbeadh daoine nó eagraíocht taobh amuigh de na scoileanna, cosúil leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, ag cur oiliúna ar fáil do na scoileanna uilig ó taobh an Pholasaí Oideachais Gaeltachta. Ag labhairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé gur cheart níos mó oiliúna a chur ar thuismitheoirí agus ar bhoird bhainistíochta mar gurb iadsan a chaithfidh cinneadh a dhéanamh faoin bpolasaí i ndeireadh an lae. Dúirt sé go bhfuil go leor ceisteanna praiticiúla nach bhfuil réitithe fós, cosúil le ceisteanna faoin tumoideachas agus an n-oibreoidh an polasaí i scoileanna ina bhfuil beirt mhuinteoirí, áit a bhfuil trí nó ceithre rang ag 'chaon mhúinteoir.

Tubaiste héileacaptair

Dúirt lucht an Aonaid Fiosraithe Timpistí Aeir gur lean siad an cleachtas idirnáisiúnta agus reachtaíocht náisiúnta nuair a d'fhoilsigh siad an réamh-thuarascáil faoin tubaiste aeir a tharla amach ó chósta an Fhóid Dhuibh i gContae Mhaigh Eo. Rinne siad an ráiteas mar fhreagra ar an gcáineadh láidir a rinne Cumann Píolótaí Aerlínte na hÉireann inné faoin mbealach ar foilsíodh an t-eolas a bhí ar an taifead deiridh a bhí ar héileacaptar 116 an gharda cósta. Dúirt an lucht fiosruithe gur chreid siad go raibh an-tábhacht le foilsiú an eolais mar go dtabharfadh sé tuiscint níos fearr do ghaolta na marbh, do lucht eitleoireachta agus do phíolótaí ar fud an domhain faoi chuile bhlas a tharla sular tharla an timpiste. Dúirt siad freisin go leanfadh siad orthu lena bhfiosrúchán faoin tubaiste nó go mbeidh sé críochnaithe acu. Dúradh go mbíonn fiosrúcháin den tsórt seo príobháideach agus rúnda agus nach mbeadh aon bhlas á rá faoi ach an méid a bheadh le foilsiú.

Portaigh

Ar an 27 lá den mhí seo a thosófar an staidéar eolaíochta atá le déanamh ar phortaigh as an Spidéal siar chomh fada le crosbhóthar Scríbe féachaint cé na portaigh a bheidh le baint amach as ceantair speisialta caomhnaithe SPA. Thug Maidhc Ó Curraoin ó Choiste Caomhnaithe Cladaigh agus Criathraigh Chonamara le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta gur ar na portaigh i gCamus a chuirfidh an t-eolaí Jackie Hunt tús lena cuid taighde ar feadh dó nó trí de laethanta roimh dheireadh na míosa. Beidh sí ag iarraidh casadh le húinéirí na bportach na laethanta sin agus a gcuid straidhpeanna a shiúl. Beidh a fhios tar éis an staidéir an mbeifear in ann portaigh a bhaint amach as an gceantar speisialta caomhnaithe nó an gcaithfear iad a fhágáil ann.

Príomhchathair chultúrtha

Reáchtálfar cruinniú poiblí i dTeach na Cúirte in Uachtar Ard ag a 7.00 a chlog tráthnóna inniu faoi stádas na Gaillimhe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa sa mbliain 2020. Tá lucht an choiste ag iarraidh go mbeadh muintir na Gaillimhe i gcroílár an fheachtais. Tabharfar eolas ag an gcruinniú faoin gcaoi a ndéanfar iarracht borradh a chur faoi Ghaillimh sna blianta seo amach romhainn. Tabharfar léargas freisin faoi chéard a chiallóidh an stádas do phobal ar nós pobal Uachtar Ard agus faoin gcaoi a bhféadfaidh daoine a bheith páirteach sa bhfeachtas. 

Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Brian Ó Ceallaigh.

Brian Ó Ceallaigh.

 
An Feisire Eorpach Seán Kelly.

An Feisire Eorpach Seán Kelly.

 
Póilín Ní Chiaráin.

Póilín Ní Chiaráin.

 
Peadar  Ó Caomhánaigh.

Peadar Ó Caomhánaigh.

 
Mícheal Ó Leidhin.

Mícheal Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Donal Lunny agus Pauline Scanlon

Donal Lunny agus Pauline Scanlon

 
Dick Beamish; Comhaltas Ceoltoirí Eireann

Dick Beamish; Comhaltas Ceoltoirí Eireann

 
Ceanntracha i Múscraí fós gan chomhacht eibhléise

Ceanntracha i Múscraí fós gan chomhacht eibhléise

 
An Saol  ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2017

 
Caoimhe Ní Mhaoleoin, Ceoltóirí Ghoill.

Caoimhe Ní Mhaoleoin, Ceoltóirí Ghoill.

 
Michelle Nic Pháidín, iriseoir leis an Donegal Democrat.

Michelle Nic Pháidín, iriseoir leis an Donegal Democrat.

 
Claire Ní Dhubhcháin ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

Claire Ní Dhubhcháin ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann.

 
Fionnán Mac Giolla Chomhaill, Ciarán Mac Pháidín agus Pól Mac Aodha.

Fionnán Mac Giolla Chomhaill, Ciarán Mac Pháidín agus Pól Mac Aodha.

 
Emmet Ó Flatharta ón Príomh Oifig Staidrimh.

Emmet Ó Flatharta ón Príomh Oifig Staidrimh.

 
Bríd Ní hIcí.

Bríd Ní hIcí.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Deireadh Fómhair 2017.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Deireadh Fómhair 2017.

 
Kathleen McMahon, Cisteoir Chumann Liam & Thomáis Ó Flaithearta.

Kathleen McMahon, Cisteoir Chumann Liam & Thomáis Ó Flaithearta.

 
Caroline Ní Fhrighil & ár dtuairisceoir Jó Ní Chéide.

Caroline Ní Fhrighil & ár dtuairisceoir Jó Ní Chéide.

 
Tina Griffin, Oisín Ó Cualáin, Áine Bairéad & Méadhbh Ní Lochnáin.

Tina Griffin, Oisín Ó Cualáin, Áine Bairéad & Méadhbh Ní Lochnáin.

 
An Dr. Liz Coleman, ó Roinn na Fisice in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

An Dr. Liz Coleman, ó Roinn na Fisice in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Máirtín Ó Laoi & Pádraig Mac Donnacha.

Máirtín Ó Laoi & Pádraig Mac Donnacha.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Dáithí Ó hÉallaithe, Cairde Comhshaoil na hÉireann.

Dáithí Ó hÉallaithe, Cairde Comhshaoil na hÉireann.

 
Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

 
Bleachtaire Sáirsint, Colm Mac Donnchadha, An Garda Síochána

Bleachtaire Sáirsint, Colm Mac Donnchadha, An Garda Síochána

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Tír Chonaill.

Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Tír Chonaill.

 
An tOllamh Jim Mc Closkey, Ollscoil Santa Cruz.

An tOllamh Jim Mc Closkey, Ollscoil Santa Cruz.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Aidan Fitzmaurice, Iriseoir leis an Herald.ie

Aidan Fitzmaurice, Iriseoir leis an Herald.ie

 
Lorcan Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

Lorcan Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael.

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.

 
Richie Ó hEadhra, Urlabhraí UISCE ÉIREANN.

Richie Ó hEadhra, Urlabhraí UISCE ÉIREANN.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta agus Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2017

 
An TD. Piaras Ó Dochartaigh .

An TD. Piaras Ó Dochartaigh .

 
Jim Herron.

Jim Herron.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Alan Ó Baoid.

Alan Ó Baoid.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Fidelma Ní Dhochartaigh .

Fidelma Ní Dhochartaigh .

 
Barrscéalta Dé Máirt 17-10-2017.

Barrscéalta Dé Máirt 17-10-2017.

 
Ferdia Mac Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

Ferdia Mac Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Cheárta

An Cheárta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís