Nuacht an Tuaiscirt: Danielle Mc Laughlin

Nuacht an Tuaiscirt: Danielle Mc Laughlin

Danielle Mc Laughlin

Tá an dlíodóir atá i gceannas ar an fheachtas 'Truth for Danielle' ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí i láthair ag an Fhéile i nGoa san Ind ar an mhí is a chuaigh thart, an fhéile céanna a raibh Danielle Mc Laughlin i láthair aige, aon taifid nó pictiúirí atá acu a chur ar fáil daofa.  Tá an feachtas idirnáisiúnta ag iarraidh a chinntiú go gcuirfear an dlí ar an té a rinne Danielle Mc Laughlin as Bun Crannacha a éigniú agus a dhúnmharú le linn na féile seo san Ind, ar an tríú lá déag de mhí Mhárta na bliana seo.  Dúirt an Saor Iriseoir Séamus Mac Cionnaith inniu go raibh eagla ar an Teaghlach nach ndéanfaí fiosrúcháin ceart ar an chás agus d'fhostaigh siad dlíodóir úr a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, sé sin Des Doherty as Doire, le fiosrúcháin iomlán ceart a dhéanamh ar chás Danielle.

Otharlanna

Deir Seán Ó Gallchóir as Gleann Fhinne, ata gníomhach sa Ghrúpa Sábháil ár nOtharlanna, nach bhfuil san mhéid a d'fhógair an tAire Stáit Diaspora Joe Mc Hugh ar an tseachtain is a chuaigh thart, maidir le hOtharlanna pobail Rath Mealtáin, Leifear agus Srath an Urláir ach plean go fóill, agus go gcaithfear maoiniú a cheadú.  Fógraíodh an tseachtain is a chuaigh thart go bhfuil infheistíocht de €4m le déanamh in Otharlanna Rath Mealtáin agus Srath an Urláir.  Deir Seán Ó Gallachóir go bhfuil eagla ar dhaoine go fóill i gceantar Shrath an Urláir go ndruidfear an Otharlann agus go mbogfar na hothair go dtí'n Otharlann úr atá beartaithe a thógáil i Leitir Ceanainn.  Dúirt ball den Ghrúpa Sábháil Otharlann Naomh Iosaf, tAthair John Joe Duffy, inné, nach bhfuil san fhógra uasghrádaithe a d'fhógair an Rialtas agus an Fheidhmeannacht Sláinte Déardaoin is chuaigh thart ach cleasaíocht, le dallamullóg a chur ar an phobal faoi thodhchaí na hOtharlainne.  Ach measann Sean Ó Gallchóir go gcaithfear fanacht go dtí go bhfógrófar airgead.

Oileáin

Dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallchóir go bhfuil se tábhachtach plean a chur i gcrích dona hOileáin agus liosta tosaíochta a leagan amach.  Dúirt sí gur léir nach bhfuil sciar cothrom airgid a chaitheamh ar na hOileáin agus deir sí go bhfuil sé tábhachtach brú a chur ar an Phríomh Fheidhmeannach, Séamus Neely agus ar Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle, Gary Martin, allúntas cothrom airgid a chur ar fáil.  Measann sí go bhfuil leithcheal a dhéanamh ar bhunadh na nOileán agus dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach an cheist seo a thógáil le hard bhainistíocht na Comhairle Contae.


 

Tástálacha drugaí

Rachaidh Gardaí Dhún na nGall i mbun tástálacha drugaí ar thiománaithe ón lá inniu ar aghaidh, i ndiaidh daofa traenáil a fháil ar an dóigh cheart leis na hinnill tástála a úsáid. Tá gléasanna faighte ag Cór tráchta na nGardaí le tástáil seile a dhéanamh ar thiománaithe a bhfuil amhras fúthu a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí.  Beifear in ann tástáil a dhéanamh do cheithre chineál éagsúil druga, ina measc cocaine, cannabas agus heroin. Tá fáilte mhór curtha ag grúpaí sábháilteachta bóthar Dhún na nGall roimh an scéala.

Straitéis Náisiúnta Pleanála

Má chloífear leis an Straitéis Náisiúnta Pleanála mar atá sé  leagtha amach faoi láthair,  deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go mbeidh Dún na nGall mar cheantar turasóireachta agus ní bheidh fostaíocht bhuan sa chontae.  Dúirt sé gur turasóirí agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre a bhéas ina gcónaí sa chontae.  Tá Straitéis úr a ullmhú faoi láthair agus tá molta ag an Seanadóir Ó Domhnaill go mbeadh na deiseanna céanna sa chontae agus atá in áit ar bith eile sa tír, ó thaobh fostaíochta, infrastructúr agus seirbhísí de.  Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cothromaíocht i bhforbairt réigiúnach.  Tá aighneacht déanta ag an Seanadóir O Domhnaill chomh maith le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Cóiríocht éigeandála

Tá Dún na nGall ar cheann d'ocht gceantar úra a bhfuil sé beartaithe scéim maidir le cúram páistí a chur ar bun ann do theaghlaigh atá i gcóiríocht éigeandála.  Tá an scéim ar bun faoi láthair i mBaile Átha Cliath áit a bhfuil go leor daoine gan dídean agus iad ag stopadh i dtithe nó i gcóiríocht éigeandála.  Faoin scéim, cuirtear cúram saor in aisce suas le cúig uair is fiche sa tseachtain ar fáil do pháistí faoi chúig bliana d'aois chomh maith le béile amháin sa lá.  Dúirt an tAire Leanaí, Katherine Zappone, go bhfuil costas iontach ard ag baint le cúram páistí agus go gcuireann seo cosc ar thuismitheoirí fostaíocht a lorg nó pilleadh ar an oideachas.  Dúirt sí, mar sin, go gcuideoidh an scéim seo le tuismitheoirí atá ag streachailt.
 

Beo

Scoth na Máirte

Scoth na Máirte

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 22ú Lúnasa 2017

An Saol ó Dheas 22ú Lúnasa 2017

 
Muireann Ní Dhraighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta.

Muireann Ní Dhraighneáin, ó Ealaín na Gaeltachta.

 
Róise Ní Ghallchóir as an Fhál Carrach.

Róise Ní Ghallchóir as an Fhál Carrach.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Edel Ní Chuireáin agus Gráinne Mhic Giolla Bhríde.

Edel Ní Chuireáin agus Gráinne Mhic Giolla Bhríde.

 
An Príomhaoire Joe Mc Hugh.

An Príomhaoire Joe Mc Hugh.

 
An tAthair Donncha Ó Cuinn.

An tAthair Donncha Ó Cuinn.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 220817.

Barrscéalta, Clár iomlán, 220817.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Dáithí O Sé;Féile Rós Thráilí

Dáithí O Sé;Féile Rós Thráilí

 
Gerry Motherway; Bás an aisteora Michael Twomey.

Gerry Motherway; Bás an aisteora Michael Twomey.

 
Doireann Ní Shé; Dileachtlainn na Rómáine.

Doireann Ní Shé; Dileachtlainn na Rómáine.

 
Aodán Mac Gearailt; Lúthcleasaíocht na n-óg.

Aodán Mac Gearailt; Lúthcleasaíocht na n-óg.

 
Micheál O Muircheartaigh; CLG;

Micheál O Muircheartaigh; CLG;

 
Saol ó Dheas 21ú Lúnasa 2017

Saol ó Dheas 21ú Lúnasa 2017

 
Aodh Mac Laifeartaigh.

Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Róise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Róise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Rachel Nic Aoidh agus Roisín Nic Pháidín.

Rachel Nic Aoidh agus Roisín Nic Pháidín.

 
Éamonn Ó Coilm, Fear óg as Gaoth Dobhair.

Éamonn Ó Coilm, Fear óg as Gaoth Dobhair.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Aoife Nic Nichol, ball do Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola agus Courtney Ní Bhaoill as Banna Ceoil an Mhachaire.

Aoife Nic Nichol, ball do Banna Ceoil Chloich Cheann Fhaola agus Courtney Ní Bhaoill as Banna Ceoil an Mhachaire.

 
Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

Eimear Nic Comhaill, Gavin Mac Comhaill, Roise Edelston agus Avril Nic Aoidh.

 
Barrscéalta: Dé Luain 21 Lúnasa 2017.

Barrscéalta: Dé Luain 21 Lúnasa 2017.

 
Gearóid Ó Cribín, Réalteolaíocht Éireann.

Gearóid Ó Cribín, Réalteolaíocht Éireann.

 
Colm Healy, Seacláid na Scilige.

Colm Healy, Seacláid na Scilige.

 
Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Póilín Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair

Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair

 
Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Iar cheannfort Airm.

Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Iar cheannfort Airm.

 
Cathal Gronell, Iasc Mara.

Cathal Gronell, Iasc Mara.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Betty McLaughlin, Iar Uachtarán Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

Betty McLaughlin, Iar Uachtarán Institiúid na dTreoirchomhairleoirí.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - Gráinne Uí Dhomhnaill seanchaí

Siúlach Scéalach - Gráinne Uí Dhomhnaill seanchaí

 
Siúlach Scéalach - Scoil Éigse agus Seanchais Chonamara

Siúlach Scéalach - Scoil Éigse agus Seanchais Chonamara

 
Siúlach Scéalach - Séamus Ó hEocha

Siúlach Scéalach - Séamus Ó hEocha

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Lúnasa 2017

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Lúnasa 2017

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Údar Cainte

Údar Cainte

Scéal Aniar

Scéal Aniar

GaYel

GaYel

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís