Nuacht an Tuaiscirt:Agóid i gcuimhne ar Mary Boyle

Nuacht an Tuaiscirt:Agóid i gcuimhne ar Mary Boyle

Agóid i gcuimhne ar Mary Boyle

Bhí agóid i mBaile Átha Cliath inniu i gcuimhne ar Mary Boyle as Ceann Caslach i gCo.Dhún na nGall.

Tá sí ar iarraidh anois le 40 bliain.

Chonacthas Mary Boyle go deiridh ag teach a seantuismitheoirí ar fheirm i gCaiseal Ard i mBéal Átha Seanaidh cothrom an ama seo i 1977.

6 bliana d'aois a bhí sí.  

Cuireadh tús leis an agóid ag Oifigí Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, 150 Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath ar 2 a' chlog.

Shiúil  siad go dtí Oifigí na Roinne Dlí agus Cirt ag 51 Faiche Stiabhna.

Teachtaireachtaí do Ryan McBride

Tá a chomhbhrón curtha in iúl ag an Uachtarán Michael D.Higgins faoi bhás an imreora sacair ó Dhoire, Ryan McBride.

27 bliain d'aois a bhí Ryan McBride.

Tá teachtaireachtaí comhbhróin seolta ó mhaidin freisin ag Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Peile na hÉireann (FAI), John Delaney.

Bhí Ryan McBride ina chaptaen ar fhoireann sacair Derry City.

Tráthnóna chuir Cumann Sacar Chláirsigh na Finne ó Cho.Dhún na nGall a gcomhbhrón agus a n-omós in iúl do theaghlach agus do chairde Ryan McBride.

I ráiteas ón gcumann inniu dúradh go bhfuil pobal sacair an iarthuaiscirt go hiomlán briste faoin scéal seo.  

Dúirt an cumann gur ceannaire agus imreoir den chéad scoth a bhí i Ryan Mc Bride, agus gur boichte pobal sacar na tíre dá oireasa.

Thángthas ar chorp Ryan McBride ina theach cónaithe inné.

Níl a fhios go fóill céard ba thruaig bháis dó.

Aifreann cuimhneacháin don chúigear a báthadh amach ó Ché Bhun Cranncha

Bliain ón la inniu a báthadh cúigear amach ó Ché Bhun Cranncha.  

Báthadh Sean McGrotty agus a bheirt mhac Mark agus Evan, chomh maith lena mháthair céile Ruth Daniels agus a iníon Jodie Lee nuair a shleamhnaigh a gcarr ó Ché Bhun Cranncha isteach san fharraige.  

D'éirigh le Davitt Walsh, leanbh 4 mhí d'aois Ríonagh-Ann a shábháil, nuair a shnámh sé amach go dtí'n carr ina raibh siad.

Beidh Aifreann cuimhneacháin daofa i dTeach Pobail an Teaghlaigh Naofa i mBaile Mhic Rabhartaigh, Doire tráthnóna inniu ar 7.15.

Beidh siúlóid chuimhneacháin i nDoire, Dé hAoine an 24ú Márta.

Rachaidh ca bith airgead a bhaileofar chun sochar d'fhondúireacht Taighde Evan Mc Grotty a bhí ag fulaingt leis an ghalar Diostróife Mhatánach roimh a bhás.

Bás Danielle McLaughlin

Caithfear a chinntiú go gcuirfear an dlí ar an fhear as an Ind atá cúisithe as Danielle Mc Laughlin a dhúnmharú, ar mhaithe le cearta Danielle agus ar mhaithe le cearta ban ar fud an domhain.

Sin an teachtaireacht a tháinig ó chara Danielle, Nicole Farren a thaisteal go Goa le cairde eile le corp a gcara a thionlacan 'na bhaile.  

Ghabh sí buíochas le pobal Cancona a d'eagraigh cruinniú le taispeáint go bhfuil siad uilig aontaithe agus go gcreideann siad go gcaithfear pionós géar a ghearradh ar an fhear atá 23 bliain d'aois agus atá ag admháil gur dhúnmharaigh sé Danielle.  

"Plean Náisiúnta Leathanbhanda easpach don phobal tuaithe"-Pat 'the Cope' Ó Gallchóir

"Níl freastal mar is ceart á dhéanamh ag an Rialtas ar phobail tuaithe na hÉireann maidir leis an phlean náisiúnta leathanbhanda", a deir an Leas Cheann Comhairle, an Teachta Dála Pat 'the Cope' Ó Gallchóir.

Cháin sé an mhoill atá leis an phlean a chur i bhfeidhm, agus deir sé go bhfuil eolas faighte ón Roinn Cumarsáide go mbeidh 23,000 teach i nDún na nGall nach mbeidh san áireamh faoin scéim náisiúnta leathanbhanda go dtí 2023.

"Caithfear conradh a bhronnadh ar chomhlacht a bheas ábalta seirbhís ard luais leathanbhanda a chur ar fáil i gceantair iargúlta agus i gceantair tuaithe", a dúirt sé.  

"Ní bheidh aird ag na comhlachtaí príobháideacha ar cheantair iargúlta, agus mar sin tá sé de dhualgas ar an Rialtas cinntiú go mbeidh freastal ceart á dhéanamh ar na ceantair sin maidir le soláthar leathanbhanda", a dúirt an Teachta Ó Gallchóir.

Píosa den N14 druidte

Tá píosa de bhealach an N14 ag Leifear druidte ó mhaidin inniu go dtí tráthnóna Dé hAoine.  

Beidh an bealach druidte achan mhaidin ón 8.00 go dtí'n 5.00 tráthnóna.

Tá an bealach á dhruid de bharr obair chóirithe a bheith á dhéanamh ar an bhealach in aice le droichead Leifir.

Beidh an bealach druidte ar an tseachtain seo chugainn fosta, ón Luan an 27ú Márta go dtí'n Aoine an 31ú Márta ón 8.00 ar maidin go dtí'n 5.00 tráthnóna.  Cuirfear trácht malairt slí le linn don obair a bheith á dhéanamh, i dtreo Rath Bhotha ar bhealach réigiúnach an R 264.

Teacht le chéile ag Stiúrthóirí Bhoird Oideachais agus Oiliúna na tíre

Beidh teacht le chéile ag Stiúrthóirí Bhoird Oideachais agus Oiliúna na tíre i nGartan ag tús an tSamhraidh.

Is in Ionad Oideachais Ghartáin a bheas an teacht le chéile, ar an 30ú agus an 31ú lá de mhí na Bealtaine.

Dhéanfar plé ar théamaí éagsúla atá ag cur isteach ar na stiúrthóirí ar fad.

Dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, go bhfuil na socruithe á ndéanamh don teacht le chéile i láthair na huaire.

   

Beo

Príomhscéalta Nuachta

Príomhscéalta Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol an Tráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht a hAon: Dé hAoine 26 Bealtaine 2017.

Nuacht a hAon: Dé hAoine 26 Bealtaine 2017.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aodán O hUallacháin;Peataí uan

Aodán O hUallacháin;Peataí uan

 
Daltaí Scoil Naomh Eirc leis na fidgití

Daltaí Scoil Naomh Eirc leis na fidgití

 
Pádraig O Sé le daltaí Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Pádraig O Sé le daltaí Pobalscoil Chorca Dhuibhne

 
Micléinn ó Ollscoileanna Mheiricea ar an mBuailtín

Micléinn ó Ollscoileanna Mheiricea ar an mBuailtín

 
Padraig O Loingsigh

Padraig O Loingsigh

 
An Saol ó Dheas 26ú Bealtaine 2017

An Saol ó Dheas 26ú Bealtaine 2017

 
Noleen Ní Cholla.

Noleen Ní Cholla.

 
Damien Ó Domhnaill.

Damien Ó Domhnaill.

 
Mairéad Ní Chuinneagáin.

Mairéad Ní Chuinneagáin.

 
Caitlín Ní Ghallachóir.

Caitlín Ní Ghallachóir.

 
Marie Ní Chearnaigh.

Marie Ní Chearnaigh.

 
Máire Mhic Comhaill agus Jim Chonaill Ó Domhnaill.

Máire Mhic Comhaill agus Jim Chonaill Ó Domhnaill.

 
An Dr. Lillis Ó Laoire.

An Dr. Lillis Ó Laoire.

 
Barrscéalta: Dé hAoine 26 Bealtaine 2017.

Barrscéalta: Dé hAoine 26 Bealtaine 2017.

 
Iris Aniar: 26 Bealtaine 2017.

Iris Aniar: 26 Bealtaine 2017.

 
Siobhán Nic Gaoithín

Siobhán Nic Gaoithín

 
Siobhán Ní Chualacháin

Siobhán Ní Chualacháin

 
Eoin Ó Catháin

Eoin Ó Catháin

 
Lisa McGeough

Lisa McGeough

 
Déaglán de Bréadún

Déaglán de Bréadún

 
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

 
Aoife Ní Chonghaile, as Criminne, Leitir Móir.

Aoife Ní Chonghaile, as Criminne, Leitir Móir.

 
Cóilín Ó hIarnáin, Bádóir.

Cóilín Ó hIarnáin, Bádóir.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 25 Bealtaine 2017.

Ardtráthnóna: Déardaoin 25 Bealtaine 2017.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
An Saineolaí ar chúrsaí míleata agus fáisnéise Frank Reidy

An Saineolaí ar chúrsaí míleata agus fáisnéise Frank Reidy

 
An Seanadóir, Trevor Ó Clochartaigh.

An Seanadóir, Trevor Ó Clochartaigh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta agus Tony Mac Cártha

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta agus Tony Mac Cártha

 
Daithí Mac an Uladh, Tiománaí tacsaí i Manchain.

Daithí Mac an Uladh, Tiománaí tacsaí i Manchain.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Seán Ó Catháin

Seán Ó Catháin

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Fine Gael

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Fine Gael

 
Iomramh an Chamino 2017

Iomramh an Chamino 2017

 
An Saol Ó Dheas, 25ú Bealtaine 2017

An Saol Ó Dheas, 25ú Bealtaine 2017

 
An TD Piaras Ó Dochartaigh.

An TD Piaras Ó Dochartaigh.

 
An Dlíodóir Antoin delap.

An Dlíodóir Antoin delap.

 
Pól Mac Aoidh.

Pól Mac Aoidh.

 
Seosamh Mac Suibhne.

Seosamh Mac Suibhne.

 
An Mon. Breandán Ó Doibhlin &  Dr Nioclás Mac Catmhaoil.

An Mon. Breandán Ó Doibhlin & Dr Nioclás Mac Catmhaoil.

 
Réamaí Mathers.

Réamaí Mathers.

 
Barrscéalta Déardaoin 25-05-2017.

Barrscéalta Déardaoin 25-05-2017.

 
Dara Ó Ráinne, Iriseoir.

Dara Ó Ráinne, Iriseoir.

 
Máirtín Davy Ó Coisdealbha,   Phastime Chonamara.

Máirtín Davy Ó Coisdealbha, Phastime Chonamara.

 
Úna Breathnach, as Uachtar Ard. Caitlín Ní Charter, as Uachtar Ard.

Úna Breathnach, as Uachtar Ard. Caitlín Ní Charter, as Uachtar Ard.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís