Nuacht an Tuaiscirt.Socrú Ardchúirte €2.9m

Nuacht an Tuaiscirt.Socrú Ardchúirte €2.9m

Socrú Ardchúirte

Socraíodh san Ardchúirt inniu €2.9m a bhronnadh ar fhear óg as Leitir Ceanainn a gortaíodh go holc nuair a leag veain é taobh amuigh dona theach cónaithe 15 bliana ó shin. Gortaíodh Ian Ó Domhnaill, as Glenwood Park, Leitir Ceanainn go holc sa chloigeann nuair a leag veain bainne a bhí a thiomáint ag Paul Rogers as Mainéar Uí Chuinneagáin é. Bhí Ian Ó Domhnaill beagnach 13 bliana d'aois ag an am. Thug máthair an pháiste, Helen O' Donnell cás in éadan úinéirí an veain John, Paul agus Breandán Kelly as Cúil na gCuirridín agus tiománaí an veain Paul Rodgers thar cheann a mic. Tugadh le fios sa chúirt in ainneoin gur fhreastal Ian O' Donnell ar scoil nach mbeidh sé in ann post lánaimseartha a bheith aige.  Thug Helen O' Donnell le fios go mbeidh ciste airgid curtha ar bun anois le cinntiú go mbeidh cúram ceart a fháil ag a mac sa todhchaí.

Ionad Sólainne

Tá tús curtha leis an obair ar Ionad Sólainne úr ag Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath. Meastar go gcosnóidh an t-ionad úr €2.5m agus táthar ag súil go mbeidh sé foscailte taobh istigh de bhliain.  Beidh 80 fostaithe san óstán nuair a bheas an t-ionad úr sólainne foscailte.  Dúirt Joseph Mc Colgan, Bainisteoir Ginearálta an Waterfront go gcuirfidh na háiseanna úra go mór le ráchairt an óstáin.

23 ar thralaithe inniu

23 duine a bhí ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn maidin inniu agus iad ag fanacht ar leapacha, an dara líon is airde d'othair ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.  Tá 33 othair ar thralaithe in Otharlann na Gaillimhe agus in Otharlann Luimnigh.  Iarrtar ar dhaoine gan cuairt a thabhairt ar an Aonad Éigeandála inniu ach amháin más cás práinneach atá ann.

Gabhla gan chumhacht aibhléíse

Níl cumhacht aibhléise ar bith ar Oileán Ghabhla faoi láthair agus deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go mbeidh sé an tseachtain seo chugainn sula mbeidh na deacrachtaí réitithe. Thug an Bord Soláthar Leictreachais le fios don Chomhairleoir Mac Giolla Easbaig inniu go mbeidh siad ag gabháil chun oileán ar an tseachtain seo chugainn agus ag brath ar chúrsaí aimsire go mbeidh tumadóirí ag scrúdú an líne aibhléise atá ar ghrinneall na farraige.  Dúirt an Bord Soláthar Leictreachais go mbeidh siad i dteagmháil le húinéirí na dtithe uilig i nGabhla leis an méid seo a chur in iúl daofa.

Ceiliúradh Fhánada

Beidh ceiliúradh mór ar siúl ag Teach Solais Fhánada an deireadh seachtaine seo ag comóradh 200 bliain an tí sholais.  Cothrom an lae amáraigh, 200 bliain ó shin, a rinneadh solas a lasadh den chéad uair ag Teach Solais Fhánada, Lá Fhéíle Padraig 1817.  Beidh ócáid agus imeachtaí ar siúl i rith an deireadh seachtaine agus beidh an Teach Solais foscailte do thurais fosta.  Cuirfear tús leis na himeachtaí anocht ach beidh an phríomhócáid ar siúl De Sathairn.
 

Fear cúisithe i ndúnmharú Danielle

Tá fear 23 bliain d'aois as an Ind cúisithe ag Póilíní as Danielle Mc Laughlin as Bun Cranncha a dhúnmharú. Thángthas ar a corp cóngarach do thrá i láthair turasóireachta Cancona san Ind maidin Dé Máirt.  

Tuigtear go raibh sí i láthair ag cóisir ar an trá agus gur fhág sí i dtrátha 9.30 oíche Luain. Ghaibh na Póilíní an fear agus tuigtear gur admhaigh sé gur dhúnmharaigh sé Danielle Mc Laughlin agus cúisíodh é go hoifigiúil aréir.  

Tugadh corp Danielle Mc Laughlin go Coláiste Leighis Goa le haghaidh scrúdú iarbháis agus tá na húdaráis ag fanacht ar thorthaí na scrúduithe sin le fáil amach ar dearnadh ionsaí gnéis uirthi.

Níl aon socruithe déanta go fóill maidir le corp Danielle Mc Laughlin a aistriú chun an bhaile.

Oideas Gael

Measann Stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, nach mbeidh tionchar ar bith ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar an gcuid cúrsaí i mbliana, ach go mbeidh sna blianta amach romhainn.  Dúirt sé go bhfuil Fáilte Éireann ag moladh do Chomhlachtaí  turasóireachta, an turasóireacht chultúrtha ina measc, díriú ar thíortha mar an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ísiltír agus go mbeidh sin a dhéanamh ag Oideas Gael.  Tá súil ag Liam Ó Cuinneagáin go dtiocfaidh níos mo daoine as na tíortha seo go hÉirinn agus nach mbeidh Oideas Gael ag brath ar an Bhreatain oiread feasta.

Páirc súgartha Mhachaire Rabhartaigh

Ba cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall cruinniú a shocrú le Údarás na Gaeltachta, Coiste Áitiúil Mhachaire Rabhartaigh agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fia-dhúlra le suíomh atá ag Céibh Mhachaire Rabhartaigh a phlé.  Tá Tuismitheoirí ag iarraidh Ionad Súgartha a thógáil ar an suíomh,  ach tá an suíomh féin istigh faoi cheantar speisialta caomhnaithe.  Dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill go bhfuil géarghá páirc súgartha a fhorbairt anseo mar go bhfuil an suíomh in áit atá iontach fóirsteanach idir an tIonad Pobail agus an trá. Ma tá barraíocht deacrachtaí is féidir suíomh eile a roghnú a dúirt sé,  mar go bhfuil go leor suíomhanna eile sa cheantar ach dúirt sé,  go bhfuil sé tábhachtach an scéal a phlé agus socrú a dhéanamh ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Seirbhís Ginéiceolaíochta

Caithfear na seirbhísí gínéiceolaíochta a chur ar bun arís in Otharlann Pobail an Chlocháin Léith, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Dúirt sé go bhfuil teagmháil rialta a dhéanamh aige le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte faoina seirbhísí seo.  Níl sé ceart go bhfuil ar othair as an cheantar taisteal go Otharlann Leitir Ceanainn, nuair a ba cheart na seirbhísí sin a bheith lonnaithe ar an Chlochán Liath, a dúirt sé.  Caithfear brú leanúnach a choinneáil ar an HSE na seirbhísí gínéiceolaíochta a chur ar bun arís ar an Chlochán Liath, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
 

Beo

Scoth na Máirte

Scoth na Máirte

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Conn Ó Muineacháin.

Conn Ó Muineacháin.

 
Ruaraí McGinley Comhairleoir Condae.

Ruaraí McGinley Comhairleoir Condae.

 
Daithí Mac Cárthaigh.

Daithí Mac Cárthaigh.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
An Saol o Dheas: Dé Máirt 12 Nollaig 2017.

An Saol o Dheas: Dé Máirt 12 Nollaig 2017.

 
Tony Mac Ruairí, as Rann na Feirste.

Tony Mac Ruairí, as Rann na Feirste.

 
Frances Nic Géidigh, ó sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géidigh, ó sheomra na Nuachta.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

 
Pacáiste ó Fhóchumann CLG Ghaoth Dobhair.

Pacáiste ó Fhóchumann CLG Ghaoth Dobhair.

 
Pat the Cope Ó Gallachóir, Teachta Dála.

Pat the Cope Ó Gallachóir, Teachta Dála.

 
Barrscéalta: Dé Máirt 12 Nollag 2017.

Barrscéalta: Dé Máirt 12 Nollag 2017.

 
Clár omóis do Sheán Ó hÉalaí, a d'imigh uainn ar shlí na fírinne inné.

Clár omóis do Sheán Ó hÉalaí, a d'imigh uainn ar shlí na fírinne inné.

 
Pádraig de Bhaldraithe, saineolaí ar chúrsaí coshaoil mara agus cósta.

Pádraig de Bhaldraithe, saineolaí ar chúrsaí coshaoil mara agus cósta.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Sinn Féin, Cathair na Gaillimhe.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Sinn Féin, Cathair na Gaillimhe.

 
Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Fhine Gael, Ciarraí.

Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Fhine Gael, Ciarraí.

 
Ferdia McCrann, Oifigeach meitreolaíochta, Met Éireann.

Ferdia McCrann, Oifigeach meitreolaíochta, Met Éireann.

 
Oliver Mac Dáibhéid, Cathaoirleach pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall.

Oliver Mac Dáibhéid, Cathaoirleach pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall.

 
Antóin Delap, aturnae.

Antóin Delap, aturnae.

 
Dr. Barra Mac Giolla Aoláin, Londain.

Dr. Barra Mac Giolla Aoláin, Londain.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
An Dr. Breandán Ó Ceallaigh.

An Dr. Breandán Ó Ceallaigh.

 
Marie O’Connor.

Marie O’Connor.

 
Micheál Ó Leidhin, an Feisire Eorpach Seán Kelly agus Seán Ó Cadhain.

Micheál Ó Leidhin, an Feisire Eorpach Seán Kelly agus Seán Ó Cadhain.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2017

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2017

 
Gay Mc Keown & Ciarán Mac Fheilimidh.

Gay Mc Keown & Ciarán Mac Fheilimidh.

 
Claire Ní Dhubhcháin.

Claire Ní Dhubhcháin.

 
An Leas Cheann Comhairle T.D. Pat the Cope.

An Leas Cheann Comhairle T.D. Pat the Cope.

 
Ciarán Mac Fheilimidh.

Ciarán Mac Fheilimidh.

 
Tony O Callaghan .

Tony O Callaghan .

 
Colm Ó Dúlacháin & T.D. Piaras Ó Dochartaigh

Colm Ó Dúlacháin & T.D. Piaras Ó Dochartaigh

 
Barrscéalta  Dé Luain 11-12-2017.

Barrscéalta Dé Luain 11-12-2017.

 
Ciarán Ó Pronntaigh, Coláiste Mhuire, Béal Feirste.

Ciarán Ó Pronntaigh, Coláiste Mhuire, Béal Feirste.

 
Dara Ó Maoildhia, Comharchumann Fuinnimh Árann.

Dara Ó Maoildhia, Comharchumann Fuinnimh Árann.

 
Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta.

Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta.

 
Seán Ó Lionaird, feilméar déiríochta, Múscraí.

Seán Ó Lionaird, feilméar déiríochta, Múscraí.

 
Arthur Beesley, Cofhreagraí na hÉireann, an Financial Times.

Arthur Beesley, Cofhreagraí na hÉireann, an Financial Times.

 
Fergus O' Dowd, TD Fine Gael agus Thomas Byrne, TD Fianna Fáil.

Fergus O' Dowd, TD Fine Gael agus Thomas Byrne, TD Fianna Fáil.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Cheárta

An Cheárta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís