Nuacht an Tuaiscirt: Bliain príosúin as ionsaí gnéis ar ghirseach

Nuacht an Tuaiscirt: Bliain príosúin as ionsaí gnéis ar ghirseach

Gearradh téarma príosúnachta dhá mhí dhéag ar fhear as Dún na nGall i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath inniu, as mí-úsáid ghnéis a bhaint as girseach cúig bliana déag d'aois, ar chuir sé aithne uirthi ar Talklife - suíomh idirlín do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu.

Phléadáil Donnchadh McGinley, 36 bliain d'aois, a bhfuil seoladh aige ag Bóthar Iona, Leitir Ceanainn ciontach as cúis amháin de mhí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar an ghirseach, in árasán i mBaile Átha Cliath idir an 3ú agus an 4ú lá de Eanáir 2015.

Gradam Ghlór na nGael do Shéamus Mac Géidigh

D'fhógair Glór na Gael inniu go mbeifear ag bronnadh gradam speisialta Ghlór na nGael i mbliana in ómós do Shéamus Mac Géidigh a bhí ina bhainisteoir réigiúin ar RTÉ RnaG Dhoirí Beaga, agus a fuair bás go tobann i mí Iúil anuraidh.

Bronnfaidh Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins an gradam ar theaghlach Shéamuis ag ócáid a bhéas ar siúl in Óstán Carton House i Má Nuad ar an 22ú Aibreán.

Easpa cumarsáide curtha i leith Uisce Éireann 

Tá sé curtha i leith Uisce Éireann ag comhairleoir Condae nach bhfuil siad ag coinneáil Chomhairle Condae Dhún na nGall ar an eolas faoin obair atá siad a dhéanamh sa chontae.

Dúirt an Comhairleoir Contae le Sinn Féin John Shéamuis Ó Fearraigh nach bhfuil comhoibriú sásúil ag Uisce Éireann leis an Chomhairle .

Léirigh innealtóirí na Comhairle míshástacht le hobair a rinne Uisce Éireann ar bhealtaí i nDún na nGall, áit ar fágadh droch bhail ar dhromchla an bhealaigh.

Dúirt Comhairleoirí ag cruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo nár cheart d'Uisce Éireann a bheith ag obair ar bhealtaí i rith mhíonna an tsamhraidh cionnas go mbíonn an oiread sin tráchta ar na bealtaí ag an am sin den bhliain.

Beidh go leor ceisteanna le plé ag Comhairleoirí le hionadaithe Uisce Éireann ag cruinniú speisialta a bhéas acu leo i Leifear ar an 27ú Feabhra, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh, agus dúirt sé go bhfuil sé thar am aghaidh a thabhairt ar an easpa teagbhála atá idir an dá dhream.

Próiseas ceadúnais mara mí-éifeachtach a deir Pearse Doherty

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála Pearse Doherty ar an Aire Talmhaíochta Bia agus Mara, Michael Creed, as an phróiseas "mí-éifeachtach," dar leis, a bhaineann le ceadúnais mara a mheas.

Dhearbhaigh an tAire Creed an tseachtain seo nach bhfuil cinneadh ar iarratas ar fheirm oisrí i mbáighe na Cruite, sna Rosa, déanta go fóill, ainneoin go dtáinig deireadh le próiseas comhairliúcháin poiblí 4 mhí ó shin.

Ní fios, a dúirt an Teachta Doherty, cá huair a dhéanfar cinneadh fá seo, agus "níl an córas meastacháin atá ag an Roinn ceart ná cóir."

Dúirt sé go leanfaidh sé ar aghaidh ag cru brú ar an Aire Creed dáta a thabhairt le go ndéanfar cinneadh fá na ceadúnais seo.

Imní ar dhochtúir fhoireann peile Dhún na nGall fá ghortuithe imreoirí

Deir an Dochtúir Comhairleach, Kevin Moran, go mbíonn cuid de na gortuithe a bhaineann d'imreoirí idir-chontae an Chumainn Lúthchleas Gael ar chomh chéim leis na gortuithe a bhaineann do dhaoine a bhíonn i dtaismí bóthair.

Dúirt an Dochtúir Moran, atá ina dhochtúir ag foireann shinsear peile Dhún na nGall, go bhfuil imreoirí idir-chontae ag éirí níos mó agus níos láidre agus cionnas seo go bhfuil na gortaithe ar pháirc na himeartha níos tromchúisí anois ná mar a bhíodh.

Tá an Cumann Lúthchleas Gael iontach dáiríre fá shláinte agus sábháilteacht a n-imreoirí, a dúirt an Dochtúir Moran, agus caithfear a thuigbheáil go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag droch ghortú ar imreoir ar bith.

Dúirt an Dochtúir Moran gur díol mór imní go dtarlaíonn 95% de ghortuithe cloigne agus coirp ag cluichí nach mbíonn dochtúir foirne i láthair acu.

Beo

Cóisir Cheoil

Cóisir Cheoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc spóirt.

Tuairisc spóirt.

Ár dtuairisceoir, Póilín Ní Chiaráin.

Ár dtuairisceoir, Póilín Ní Chiaráin.

An clár reachtaire, Máirín Ní Ghadhra.

An clár reachtaire, Máirín Ní Ghadhra.

Eagraí polaitíochta an Irish Times, Harry McGee.

Eagraí polaitíochta an Irish Times, Harry McGee.

An seanadóir, Rónán Mullen.

An seanadóir, Rónán Mullen.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

An tAthair Tomás O Luanaigh

An tAthair Tomás O Luanaigh

Conal O Móráin; Tuairisc 2016 Grúpa Chiarrai

Conal O Móráin; Tuairisc 2016 Grúpa Chiarrai

Muiris O Súilleabháin, Aodán Mac Gearailt,Conchúr O Muineacháin; Gleacaíocht, bia agus sláinte na ndaoine óga

Muiris O Súilleabháin, Aodán Mac Gearailt,Conchúr O Muineacháin; Gleacaíocht, bia agus sláinte na ndaoine óga

An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2017

An Saol ó Dheas 21ú Feabhra 2017

An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

John Campbell.

John Campbell.

John Joe Ó Dochartaigh .

John Joe Ó Dochartaigh .

Séamus Mac Cionnaith.

Séamus Mac Cionnaith.

Tony O Callaghan.

Tony O Callaghan.

Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.

Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.

An TD. Pat The Cope Ó Gallachóir.

An TD. Pat The Cope Ó Gallachóir.

Barrscéalta Dé Máirt. 21-02-2017.

Barrscéalta Dé Máirt. 21-02-2017.

Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir.

Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach.

Dara McGee, Stiúrthóir Ealaíne Áras Éanna, in Inis Oírr.

Dara McGee, Stiúrthóir Ealaíne Áras Éanna, in Inis Oírr.

Dr.  Laoise Ní Dhúda, Comhordaitheoir pleanála teanga le Gaeilge Iorrais.

Dr. Laoise Ní Dhúda, Comhordaitheoir pleanála teanga le Gaeilge Iorrais.

Colm Mac Aodháin, Antóin Mac Unfraigh, Elaine Loughlin agus Ursula Ní Shabhaois

An Saol ó Dheas 20ú feabhra 2017

An Saol ó Dheas 20ú feabhra 2017

Barrscéalta  Dé Luain  20-02-2017

Barrscéalta Dé Luain 20-02-2017

Pádraig Ó Féinneadha, ón gComhlacht A1 Boiler Service.

Pádraig Ó Féinneadha, ón gComhlacht A1 Boiler Service.

Jackie Mac Donncha, Fíodóir Focal.

Jackie Mac Donncha, Fíodóir Focal.

Pacáiste Factóir Óige na Gaeltachta.

Pacáiste Factóir Óige na Gaeltachta.

Pacáiste ó Chruinniú Poiblí faoi Bhóthar Dhoire Fhearta.

Pacáiste ó Chruinniú Poiblí faoi Bhóthar Dhoire Fhearta.

An Teachta Dála Catherine Connolly.

An Teachta Dála Catherine Connolly.

Cormac ag Cúig: Dé hAoine 17 Feabhra 2017.

Cormac ag Cúig: Dé hAoine 17 Feabhra 2017.

Mír spóirt.

Mír spóirt.

Seán Ó Murchú, Eagarthóir NBC News i Nua Eabhrach.

Seán Ó Murchú, Eagarthóir NBC News i Nua Eabhrach.

Tomás Breathnach, Comhairleoir Condae i gCill Chiannaigh

Tomás Breathnach, Comhairleoir Condae i gCill Chiannaigh

Cathal Seoighe ó Ghrúpa Feachtais Píolóin an Oir-Thuaiscirt.

Cathal Seoighe ó Ghrúpa Feachtais Píolóin an Oir-Thuaiscirt.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Joe McHugh Teachta Dála agus An Feisire Eorpach Seán Kelly.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Joe McHugh Teachta Dála agus An Feisire Eorpach Seán Kelly.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Saol ó Dheas ag Tionól Nioclás Tóibín 17ú Feabhra 2017

Saol ó Dheas ag Tionól Nioclás Tóibín 17ú Feabhra 2017

John Sheamúis Ó Fearraigh

John Sheamúis Ó Fearraigh

Máire Uí Ghallachóir.

Máire Uí Ghallachóir.

Bree Carr.

Bree Carr.

Hughie Mac Ruairí.

Hughie Mac Ruairí.

Seán Micheál Ó Domhnaill.

Seán Micheál Ó Domhnaill.

Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís