Nuacht an Iarthair: Polasaí oideachais

Nuacht an Iarthair: Polasaí oideachais

Polasaí oideachais

Dúirt Micheál S. Mac Donncha - Rúnaí Chraobh Iar-Chonnacht de Chumann Múinteoirí Éireann, an INTO - go bhfuil sé an-díomách go deo nach bhfuil na tairiscintí curtha amach fós ag an Roinn Oideachais do na múinteoirí atá ceaptha a bheith á n-oiliúint ó Mheán Fómhair seo chugainn le déileáil leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a fógraíodh an bhliain seo caite. Mheabhraigh sé go raibh sé geallta sa bpolasaí a fógraíodh go mbeadh cúrsa nua oiliúna á chur ar fáil ag bun-leibhéal agus ag an dara-leibhéal, le go mbeadh an oiliúint uilig a theastódh curtha ar fáil do mhúinteoirí, ach nach bhfuil sé sin tarluithe fós. Dúirt sé gurb é seo an chéad thástáil ar an bpolasaí nua, agus go gcreideann sé go bhfuil teipthe uilig air.

Séipéal Ros an Mhíl

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae na Gaillimhe Maureen Doddy go mbeadh deis ag an bpobal go dtí an 4.00 a chlog tráthnóna amárach le haighneachtaí a chur chuig Comhairle Contae na Gaillimhe faoin stádas oidhreachta atá ag Séipéal Ros an Mhíl. Cé go ndeirtear go mbíonn costas breise ar obair a dhéanamh ar fhoirgneamh den tsórt seo, thug sí le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbíonn cúnamh ar fáil le cuid den obair a dhéanamh - deontas €10,000.  Dúirt an tOifigeach Oidhreachta nár mhór do ghrúpaí agus d'eagraíochtaí comhairle a fháil nuair a bhíonn siad ag cuartú árachais d'fhoirgintí den tsórt seo. Beidh ar lucht na Comhairle Contae tuairisc a réiteach faoin líon aighneachtaí a thagann isteach agus cuirfear an t-eolas seo os comhair Chomhairleoirí Contae Chonamara ina dhiaidh sin le gur féidir cinneadh a dhéanamh ar cheart nó nár cheart an stádas oidhreachta a fhágáil ag Séipéal Ros an Mhíl.

Drámadóir cónaitheach

Tá Beartla Ó Flatharta as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua ceaptha ina dhrámadóir cónaitheach ar feadh bliana le borradh a chur faoi chúrsaí drámaíochta i gcumainn ar fud na Gaeltachta. Cuirfidh sé comhairle agus cúnamh ar fáil saor in aisce do chumainn a bheidh á iarraidh sin. Cuirfidh sé ceardlanna ar fáil saor in aisce freisin idir mí an Mhárta agus mí na Samhna. Tá sé á fhostú as ciste atá curtha ar fáil ag an gComhairle Ealaíon, d'Ealaín na Gaeltachta, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, an Lár-Ionad Léiriúcháin agus Drámaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Bóthar Dhoirefhearta

Tá sé tugtha le fios ag Pádraig de Bhailís as Dhoirefhearta ar an gCeathrú Rua do RTÉ Raidió na Gaeltachta gur dhíol sé talamh le Comhairle Contae na Gaillimhe 10 mbliana ó shin le bóthar an cheantair a leathnú. Dúradh leo ag an am sa mbliain 2007 go mbeadh siad ag coinneáil siar an obair a theastaigh a dhéanamh ar an mbóthar mura dtabharfadh siad an talamh do lucht na Comhairle Contae. Tá lucht na Comhairle ag rá nach mbíonn talamh ar fáil le hobair den tsórt seo a dhéanamh, ach mheabhraigh Pádraig de Bhailís go bhfuil a chuid talún féin ceannaithe ag an gComhairle le 10 mbliana agus nach bhfuil aon bhlas beo déanta acu ó shin le bóthar Dhoirefhearta a leathnú.

Bóthar Dhoirefhearta


Dúirt Seán Ó Flatharta as Doirefhearta Beag ar an gCeathrú Rua nach fiú aon chaoi a chur ar bhóthar an cheantair mura mbeidh lucht na Comhairle Contae sásta é a leathnú. Creideann sé go mbeidh an bóthar i bhfad níos contúirtí má chuirtear brat nua tearra air agus gan na casacha a bhaint as agus dúirt sé in agallamh d'Adhmhaidin gur cur amú airgid é an€30,000 atá leagtha amach ag an gComhairle a chaitheamh air. Dúirt sé go gcaithfear an obair a stopadh ar an mbóthar mura mbeidh lucht na Comhairle sásta caoi cheart a chur air an geábh seo. Bhí Seán Ó Flatharta ar thoscaireacht a chas le hAirí Sinsearacha Rialtais i Roinn na Gaeltachta os cionn 10 mbliana ó shin ag iarraidh go gcuirfí caoi ar an mbóthar, ach dúirt sé nár déanadh aon bhlas leis ó shin.

Seán Kyne


Bhí an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne i measc bhaill Fhine Gael a dúirt ag an gcruinniú dá bpáirtí parlaiminte aréir go bhfuil sé in am a bheith ag réiteach don chéad olltoghchán eile. Dúirt foinsí ó Fhine Gael gur dúradh ag an gcruinniú céanna sin go mbeadh dúshlán á thabhairt do cheannaireacht Enda Kenny ar an bpáirtí an tseachtain seo chugainn, mura dtabharfadh sé le fios cén uair atá sé i gceist aige éirí as.

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4.

 
Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

Paddy Duffy, Comhairleoir Caidrimh Poiblí.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

Pádraig Ó Drisceoil agus Máirtín Ó Méalóid, Oileán Chléire.

 
Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachas agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

An Dr. Seosamh agus Seosamh Óg Ó Ceallaigh

 
Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

Micheál Ó Domhnaill as Acadamh na h-ollscolaíochta Gaeilge

 
Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

Don Ó Duncáin- Queercall Cómhrá

 
Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

Fidelma Ní Ghallchóir-Ainmhithe na hÉireann

 
Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

Maria Colemann agus Linda Ní Ghallchóir-Yoga

 
Rónán Beo

Rónán Beo

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

Cáit Uí Chonchuir;Rás na gCon do Ghaelscoil Mhic Easmainn

 
Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

Seán Ó Catháin;Rothaíocht do Chumann Muinteoirí Eireann.

 
Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

Caoimhe Blennerhassett;Amhrán óg.

 
Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

Pádraig Feirtéar;Ar scor ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.

 
Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé;Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

Áine Ui Laoithe;Inis Earcáin.Páidí Ó Sé.

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2018

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta

 
Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

Pacáiste faoi chruinniú Uisce Éireann sa Spidéal inné.

 
Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, T.D. Fianna Fáil, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

Lorcán Ó Cinnéide, , Cumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

 
Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

Bríd Ní Mhathúna, Trá Lí.

 
John Boyle, INTO.

John Boyle, INTO.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

Phil agus Micheál Ó Brosnacháin; Baile na nGall

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Rónán Beo@3

Rónán Beo@3

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís