Nuacht an Tuaiscirt: Joe Mc Hugh

Nuacht an Tuaiscirt: Joe Mc Hugh

Joe Mc Hugh

I ráiteas atá go díreach eisithe ag an Aire Stáit don Diaspora Joe Mc Hugh, bhréagnaigh sé na líomhaintí atá curtha ina leith inniu ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, sé sin nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid dualgas mar Aire Stáit don Diaspora. Sa ráiteas a d'eisigh sé go díreach i ndiaidh dó castáil le coiste roghnaithe ar ghnóthaí eachtracha inniu, dúirt sé gur phlé sé ábhair éagsúla a thóg an coiste leis maidir le pobal na tíre seo atá ina gcónaí thar lear.  Thug sé le fios fosta go mbeidh sé ag castáil le Seanadóirí ar an tseachtain seo chugainn le gnóthaí iomláine an Diaspora a phlé leo.

Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt urlabhraí Shinn Féin don Diaspora, an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, go bhfuil an tAire a bhfuil cúramaí Diaspora air, sé sin an tAire Stáit Joe Mc Hugh, ag ligean a chuid maidí le sruth agus nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid dualgais mar Aire Stáit. Dúirt sé go bhfuil easpa gníomhaíochta ag cur bac ar Shaoránaigh na tíre atá thar lear a theacht na bhaile, agus nach bhfuil go leor plé a dhéanamh ag leibhéal rialtais ar na deacrachtaí atá ag daoine ón tír seo atá ina gcónaí thar lear. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, ó ceapadh an tAire Stáit Mc Hugh go raibh sé i Londain dhá uair, sa Chéinia, Uganda agus San Francisco agus  nach raibh sé i láthair sa tSeanad nó sa Dáil do dhíospóireacht iomlán ar chúrsaí  Diaspora, in ainneoin gur hiarradh air a bheith i láthair roinnt uaireanta.

An Rás

Beidh An Rás, rás rothaíochta atá urraithe ag An Post ag teacht go Contae Dhún na nGall i mí na Bealtaine, áit a mbeidh staideanna éagsúla ar siúl ar fud na contae.  Ar feadh 5 lá i mí Bealtaine beidh an Rás ag gabháil ó Bhun Dobhráin, go hInis Eoghain, fríd Ros Goill, na Rosa agus Baile Dhún na nGall. Beidh Óstán an Waterfront ar an Chlochán Liath mar lárionad ag an lucht eagraithe dhá lá le linn na hócáide agus tuigtear go bhfuil 420 leaba curtha in áirithe ag lucht eagraithe an Rás i gceantar na Rosann do na hiomaitheoirí agus do na foirne rothaíochta. Seo ceann de na hócáidí spóirt is mó le theacht chun na contae, a dúirt Myles Mac Suibhne ó Pháirtnéireacht Spóirt Dhún na nGall, agus beidh deiseanna go leor ag an phobal na rothaithe a fheiceáil
 

Imní faoin teorainn

Tá imní ar an Teachta Dala Piaras Ó Dochartaigh mar gur dheimhnigh an tAire Airgeadais go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ag cuartú láithreacha ar an teorainn faoi láthair, ina bhféadfaí seicphointí custaim a lonnú ann. Léiríonn seo, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh  go measann an Rialtas  go mbeidh teorainn chruaidh ann nuair a imeos an Bhreatain as Aontas na hEorpa agus go gcuirfí sin as go mór do chondaetha na teorann, Dun na nGall ina measc. Chuirfeadh seicphointí custaim isteach go mor ar chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh agus níl pobal na teorann ag iarraidh seiceanna custaim a bheith tugtha ar ais mar a bhí le linn na dTrioblóidí.

Otharlann pobail Dhún na nGall

Ba chóir uasghrádú iomlán a bheith tugtha do otharlann pobail Dhún na nGall a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh, le seirbhísí a fheabhsú sna hotharlanna i Rath Mealtáin, Leifear agus Sráth an Urláir. Chinntigh an tAire McHugh gur chas sé leis an Aire Sláinte Simon Harris agus gur iarr sé air maoiniú a chur ar fail ó chiste náisiúnta caipitil do na hotharlanna seo. Ba chóir uasghrádú a dhéanamh ar na haonaid seo agus otharlann úr pobail ina mbeadh 120 leaba a thógáil i  Leitir Ceanainn a dúirt an tAire McHugh.

Bigil anocht


Beidh Bigil tráthnóna inniu ag grúpa úr ata bunaithe i nDún na nGall le haird a tharraingt ar an ghéarchéim atá in Otharlann Leitir Ceanainn  agus na deacrachtaí móra atá leis an chóras sláinte go ginearálta.
Deir an grúpa, 'Still Waiting' go bhfuil othair sa chontae agus ar fud na tíre ag fuilstin mar gheall ar easpa seirbhísí, liostaí feithimh agus plódú in Otharlanna na tíre.  Deir siad fosta nach bhfuil cothrom na féinne a fháil ag altraí agus ag lucht leighis ó thaobh comhionannas páighe, earcaíocht agus coinníollacha oibre de.
Caithfear teachtaireacht láidir a thabhairt don rialtas ag an bigil tráthnóna inniu   nach bhfuil na seirbhísí in Otharlann Leitir Ceanainn nó sna hotharlanna ar fud na tíre sásúil san am i láthair, a deir an grúpa.
Beidh an Bigil  ag toiseacht 7.30pm

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mícheál Mac Donnchadha

Mícheál Mac Donnchadha

 
Peadar Ó Cúláin, Tuairisceoir RnaG.

Peadar Ó Cúláin, Tuairisceoir RnaG.

 
Ian Malcolm, Tráchtaire Polaitíochta.

Ian Malcolm, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsearach.

Séamus Ó Tuathail, Abhcóide Sinsearach.

 
Mike Langan, Tiománaí bus de chuid Bhus Éireann i Stáiisiún Cheannt i nGaillimh.

Mike Langan, Tiománaí bus de chuid Bhus Éireann i Stáiisiún Cheannt i nGaillimh.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitiochta RnaG

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitiochta RnaG

 
Máire Bríd Ní Chualáin, Tuairisceoir RnaG

Máire Bríd Ní Chualáin, Tuairisceoir RnaG

 
Nuacht an Tuaiscirt

Nuacht an Tuaiscirt

 
Nuacht an Deiscirt

Nuacht an Deiscirt

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta

 
Deirdre Nic Chonaonaigh, ón nGaelacadamh.

Deirdre Nic Chonaonaigh, ón nGaelacadamh.

 
Máirín Bhreathnach, as Ros Muc agus atá ag obair in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh le chúig bhliana fichead.

Máirín Bhreathnach, as Ros Muc agus atá ag obair in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh le chúig bhliana fichead.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Tuairisceoir RTÉ, Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Tuairisceoir RTÉ, Raidió na Gaeltachta.

 
Natasha Fennell, Údar an leabhair ‘Daughterhood’.

Natasha Fennell, Údar an leabhair ‘Daughterhood’.

 
Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchann Forbartha Árann.

Cathy Ní Ghoill, Bainisteoir Chomharchann Forbartha Árann.

 
Daithí de Móradh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Daithí de Móradh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Antaine Ó Máille, Tiománaí Bus.

Antaine Ó Máille, Tiománaí Bus.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An tAire Stáit Seán Kyne, Teachta Dála.

An tAire Stáit Seán Kyne, Teachta Dála.

 
Máire Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Máire Bríd Ní Chualáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Eoghan Mac Giolla Bhríde, Amharclann Ghaoth Dobhair.

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Amharclann Ghaoth Dobhair.

 
Fionn Murtagh, London.

Fionn Murtagh, London.

 
Peadar Ó Cualáin, RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

Peadar Ó Cualáin, RTÉ Raidió Na Gaeltachta.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mary Lou McDonald

Mary Lou McDonald

 
Jack Ó Drisceoil

Jack Ó Drisceoil

 
Gerry Adams

Gerry Adams

 
Jack Ó Drisceoil

Jack Ó Drisceoil

 
Medb Johnston

Medb Johnston

 
Michael McCaughen

Michael McCaughen

 
Eoin Ó Catháin

Eoin Ó Catháin

 
Harry McGee

Harry McGee

 
Frances Nic Géidigh

Frances Nic Géidigh

 
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

 
Máire Uí Fhlatharta, i gCill Dara.

Máire Uí Fhlatharta, i gCill Dara.

 
Bríd de Róiste, i gCeatharlach.

Bríd de Róiste, i gCeatharlach.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 23 Márta 2017.

Ardtráthnóna: Déardaoin 23 Márta 2017.

 
Spórt.

Spórt.

 
Eoin Corry.

Eoin Corry.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Francis Nic Géidigh, iriseoir.

Francis Nic Géidigh, iriseoir.

 
An t-Aire Stáit Joe Mc Hugh, Teachta Dála.

An t-Aire Stáit Joe Mc Hugh, Teachta Dála.

 
Ann Marie Mc Dermott.

Ann Marie Mc Dermott.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Iris Aniar

Iris Aniar

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís