Nuacht an Tuaiscirt: Teifigh i nDún na nGall

Nuacht an Tuaiscirt: Teifigh i nDún na nGall

Teifigh i nDún na nGall

Beidh teifigh ag teacht go Dún na nGall idir mí Bealtaine agus deireadh na bliana 2018. Beidh suas le tríocha teaghlach ag teacht go Dún na nGall ag deireadh na bliana seo chugainn agus tiocfaidh an chead dá theaghlach dhéag go dtín chontae ag deireadh mí Bealtaine i mbliana. Beidh na chead teaghlaigh ag fanacht i dtithe i mBun Cranacha agus i gCarn Domhnach. Is faoi stiúr Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an OPMI a bheas an scéim athlonnaithe do theifigh.

Droichead

D'fhógair an tAire stáit Joe McHugh inniu go mbeidh tús a chur leis an obair ag droichead Chnoc an Choillidh i gceann cúpla seachtaine.Tógfar droichead úr ar chostas 3 mhilliún euro ar imeall bhaile Bhun Cranacha. Fógraíodh inniu gurb iad an comhlacht Wills Brothers a bheas i mbun na hoibre. Dúirt an tAire McHugh inniu go bhfuil siad ag súil go mbeidh an obhair thógála críochnaithe ag tús na bliana seo chugainn

Keith Harrison

Thug an tAire Leanaí Katherine Zappone le fios sa Dáil aréir go gcasfaidh sí le sceithire de chuid na nGardaí as Dún na nGall, Keith Harrison, a bhfuil líomhaintí déanta aige gur caitheamh leisean mar a caitheamh leis an Sáirsint Maurice Mc Cabe, as siocar é a bheith ag comhlíonadh a dhualgaisí oibre mar ba chóir.  I ráiteas a d'eisigh an Garda Harrison inné, deir sé gur cheart go mbeadh a chás curtha san áireamh san fhiosrúchán poiblí atá le cur ar bun le líomhaintí in éadan an Sáirsint Maurice Mc Cabe a fhiosrú.  Thug dlíodóir an Gharda Harrison le fios ar an chlár Prime Time aréir gur tugadh cuireadh dá chliant agus a phairtnéir chuig cruinniú le TUSLA agus gur cuireadh in iúl daofa go raibh líomhaintí déanta ina leith ach i ndiaidh do TUSLA fiosrúchán a chur ar bun go raibh siad sásta nach raibh cás le freagairt acu.  Le linn díospóireacht sa Dáil aréir faoin fhiosrúcháin poiblí maidir le cás Maurice Mc Cabe, dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh gur cheart go gcasfadh an tAire Leanaí Katherine Zappone le Keith Harrison lena chás a phlé sula mbeadh na téarmaí tagartha cinntithe, agus i ndiaidh don Teachta Ó Dochartaigh brú a chur uirthi, chinntigh an tAire Zappone go mbeadh sí sásta castáil leis an Gharda Harrison láithreach.

Scéim DEIS

Tá an tAire Stáit Joe Mc Hugh ag iarraidh ar na scoltacha nach bhfuil san áireamh sa scéim úr Deis a fógraíodh inné, teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Oideachais.  Dúirt sé nach bhfuil an scéim úr ach ina thús, scéim atá ar bun chun tacú le scoltacha atá lonnaithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus a bhfuil tacaíocht bhreise ag teastáil uafa.  Léirigh príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, agus príomhoidí Scoilteacha Náisiúnta Ghort a Choirce, Rann na Feirste agus Mhín Tine Dé a míshástachta inné mar nach bhfuil siad ag fáil aitheantais faoin scéim.  Dúirt an tAire Stáit Mc Hugh nach bhfuil sé ceart a rá nach mbeidh scoltacha áirithe atá ag lorg tacaíochta faoin scéim curtha san áireamh anois ar chor ar bith.  Dúirt sé go mbeidh scoltacha eile a mheas amach anseo.....

Cúrsaí pleanála

D'éirigh go maith leis an chéad chlinic faoi chúrsaí pleanála a reáchtáladh in Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlochán Léith ar an tseachtain s'chuaigh thart,  a thug Sinéad Nic Laifeartaigh, Feidhmeannach Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall le fios inné.  D'fhreastal seachtar ball den phobal ar an chlinic maidin an 8ú Feabhra a dúirt sí, agus bhí coinnithe ansin san iarnóin aici le ionadaithe poiblí agus daoine eile faoi chúrsaí pleanála  i gCeantar Bardais na nGleanntach.  Deá-chomhartha é go bhfuil éileamh ar an tseirbhís, a dúirt Cathaoirleach an Cheantair Bardais, An Comhairleoir Marie Therese Ni Ghallchóir, agus dúirt sí gur troideadh ar feadh fada go leor an clinic a chur ar bun ar an Chlochán Liath.  Beidh clinicí pleanála ar siúl ar an 22ú Feabhra agus an 22ú Márta fosta, le deis a thabhairt do dhaoine a gceisteanna faoi iarratais nó rialacha pleanála a phlé le pleanálaí san ionad ar an Chlochán Liath.
 

Beo

Scoth an Luain

Scoth an Luain

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Margret Uí Riada.

Margret Uí Riada.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Cathal Ó Conchubhair CC.

Cathal Ó Conchubhair CC.

 
Póilín Ní Chiaráin.

Póilín Ní Chiaráin.

 
Micheál Ó Leidhin.

Micheál Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Mír ón gcartlann le Tomás Ó Cinnéide; Máiréad Ní Chinnéide

Mír ón gcartlann le Tomás Ó Cinnéide; Máiréad Ní Chinnéide

 
Eoin Warner agus a bheirt mhac, Tristan agus Ferdia

Eoin Warner agus a bheirt mhac, Tristan agus Ferdia

 
Toiréasa Ní Fhearaíosa

Toiréasa Ní Fhearaíosa

 
Diarmuid Ó Sé

Diarmuid Ó Sé

 
An Saol Ó Dheas, Dé Luain 20ú Samhain 2017

An Saol Ó Dheas, Dé Luain 20ú Samhain 2017

 
Anne Marie Ní Chuirreáin.

Anne Marie Ní Chuirreáin.

 
Colm Ó Dúlacháin. Cllr. Michéal Cholm & Hiudaí Ó Fearraigh

Colm Ó Dúlacháin. Cllr. Michéal Cholm & Hiudaí Ó Fearraigh

 
Damien Ó Dónaill.

Damien Ó Dónaill.

 
Fionnán Ó hÓgáin.

Fionnán Ó hÓgáin.

 
An T.D. Piaras Ó Dochartaigh .

An T.D. Piaras Ó Dochartaigh .

 
Barrscéalta Dé Luain 20-11-2017.

Barrscéalta Dé Luain 20-11-2017.

 
Dr. Niall O Cléirigh, Uachtarán -Acadamh na Lianna.

Dr. Niall O Cléirigh, Uachtarán -Acadamh na Lianna.

 
Donncha Ó Conchúir, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid.

Donncha Ó Conchúir, Bainisteoir Ionad an Bhlascaoid.

 
Séamus Ó Domhnaill , Comhairleoir contae , Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill , Comhairleoir contae , Dhún na nGall.

 
Colm Ó Mainnín, Ros Muc.

Colm Ó Mainnín, Ros Muc.

 
An tAth. Pádraig Ó Neachtain,  Capetown ,  An Afraic Theas.

An tAth. Pádraig Ó Neachtain, Capetown , An Afraic Theas.

 
Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach , Gaillimh.

Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach , Gaillimh.

 
Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Micheál  Ó Leidhin, Ard Fheis Shinn Féin.

Micheál Ó Leidhin, Ard Fheis Shinn Féin.

 
Spóirt.

Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Stephen King ar scáileáin

Stephen King ar scáileáin

 
Bruadar

Bruadar

 
This Beach

This Beach

 
Romeo and Juliet

Romeo and Juliet

 
'Star of the Sea'

'Star of the Sea'

 
An Cheárta 19 Samhain

An Cheárta 19 Samhain

 
Julian de Spáinn ar Bhliain na Gaeilge

Julian de Spáinn ar Bhliain na Gaeilge

 
Gearóidín Nic an Iomaire

Gearóidín Nic an Iomaire

 
Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

Treasa Mhic Uidhir, Comhairleoir Condae i gCondae Mhaigh Eo.

 
Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

Máirín Ní Ghadhrá, Tuairisceoir RnaG

 
Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

Eoin Ó Catháin, Tráchtaire ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh sa mBruiséil.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RnaG & Mícheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Gaeltachta.

 
An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

An Saol ó Dheas 17ú Samhain 2017

 
Daniel Mac Gaoithín agus Tom Mac Giolla Easpaig.

Daniel Mac Gaoithín agus Tom Mac Giolla Easpaig.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Éamonn Ó Gallachóir.

Éamonn Ó Gallachóir.

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
Brian Ó Cuinneagáin.

Brian Ó Cuinneagáin.

 
Séamus Ó Domhnaill.

Séamus Ó Domhnaill.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

An Cheárta

An Cheárta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís