Nuacht a hAon

13:00 - 14:00 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Luain 31 Márta 2014

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Éist anois

Mícheal Ó Donnabháin Comhairleoir Contae ó Phárití an Lucht Oibre ar Chomhairle Contae Fhine Gall.

Bhótailfidh comhairlí Fhine Gall, Dhún Laoghaire / Ráth an Dúin agus Dheisceart Bhaile Átha Cliath inniu/anocht faoi ar chóir reifreann a ghairim le haghaidh méara a thoghadh ar an gcathair. Tá furmhór na gComhairlí ar aon fhocal ach go bhfuil Comhairle Fhine Gall deighilte ar an gceist.

Éist anois

John Downing.

Tá sé ráite ag beirt aire rialtais agus ag aire stát go bhfuil muinín iomlán acu as an Aire Dlí agus Cirt, Alan Shatter faoi cheist taifead na nGardaí. Cuirfidh Fianna Fáil rún mí-mhuinníne san Aire Shatter sa Dáil amárach.

Éist anois

David Healy, Oxfam.

Tá rabhaidh tugtha i dtuarasáil nua atá foilsithe ag na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil an pobal idirnáisiúnta réití don athrú aeráide agus go gcaithfidh rialtais an domhain gníomhú láithreach ar an gceist.

Éist anois

PJ Mac Gabhann tráchtaire ar chúrsaí reatha na Fraince.

Tá Uachtarán na Fraince; Francois Hollande ag braith ar bhata agus bóthar a thabhairt dhá Phríomh Aire th'éis an droch bhail a cuireadh ar an bPairtí Sosialach 'sna toghchain áitiula inné.

Éist anois

Tuairisc Spóirt.

Ciarán Ó Fátharta; cur síos ar fhiosrúcháin nua atá le tosnú inniu faoi thubaist Hillsborough inar maraíodh 96 duine de lucht leanta Liverpool i 1989.

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú / Presenter: Máirín Ní Ghadhra
Léiriú / Produced by: Séamus Mac Donnchadha, Caitlín Ní Chualáin

Sceideal Féach sceideal