Nuacht a hAon Déardaoin 27 Márta 2014
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Máire de Bhailis.
Michelle Nic Grianna.
Jeaicí Mac Gearailt.
Tá Nicholas Jermyn príomhfheidhmeannach Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Atha Cliath ag eirí as a chuid dualgas. Feasta beidh riaradh an ospidéil poiblí agus an ospidéil príobháideach deighilte ó chéile.
Tá sé ráite ag an Taoiseach; Enda Kenny go bhfuil imní air go mbeidh tionchar ag taifeadadh glaochanna teileafóin i mbeairicí na nGardaí ar chásanna cúirte agus ar bhinsí fiosruithe.
Impleachtaí thaifeadadh na nGardaí ar chásannaí cúirte. Cuireadh cás in aghaidh beirt fhear atá cúisithe as ballraíocht a bheith acu san IRA, ar athló inné le go bhfaighfí amach ar taifeadadh comhráití a rinne na cosantóirí as beairicí na nGardaí. Dúradh sa gcúirt ar maidin nár taifeadadh na fir.
Bhótail móraimh na mbaill sa dá cheardchumann mhóra meán-oideachais a dhul i mbun aighnis thionsclaíoch faoi na hathraithe atá beartaithe ag an Aire Oideachais Ruairí Quinn a dhéanamh ar an teastas sóisireach.
Tá 24 duine maraithe agus 90 duine fós ar iarraidh i mbaile Oso ó thuaidh de Seattle i stat washington, Mheiriceá de bharr sciorradh mór talún a tharla ansin.
Ciarán Ó Fátharta.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.