Nuacht a hAon

13:00 - 14:00 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Máirt 18 Márta 2014

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Éist anois

Frank Reidy - Saineolaí agus tráchtaire ar ghrathaí idirnáisiúnta.

Tabharfaidh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin oráid ag seisiún speisialta den pharlaimint sa gKremlin inniu i bhfianaise an reifrinn a bhí sa gCrimé Dé Domhnaigh agus inar vótáil móramh an phobail imeacht ó scáth na hUcráine agus dhul isteach i gCodhnaidhm na Rúise. Shínigh an tUachtarán Putin conradh inné ag tabhairt aitheantais don Chrimé mar Stát neamhspleách. 

Éist anois

John Downing - Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Independent

Fógra an Aire Oideachais Ruairí Quinn go bhfuil sé ag laghdú a chur ar tháillí ollscoile do ghasúir le teaghlaigh Éireannacha a d'imigh ar imirce. Caint ar dhleacht 1% a chur ar theaghlaigh ar mhaithe le ciste fóirthinte a bhunú do dhaoine a bhí buaillte ag na tuillte.

Éist anois

Peadar Ó Muircheartaigh - Albain

Sé mhí ón lá inniu a bhéas an reifreann ar an neamhspleáchas dá reáchtáil in Albain.

Éist anois

John Ó Loideáin, sa tSín.

Tá an tSín tosaithe ag cuartú ina limistéar fhéin don eitleán le Aerlíne na Malaeisia a chuaigh ar iarraidh agus í ag dul as Kuala Lumpur go Beijing os cionn 10 lá ó shin agus 239 duine ar bord uirthi. 

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú / Presenter: Máirín Ní Ghadhra
Léiriú / Produced by: Séamus Mac Donnchadha, Caitlín Ní Chualáin

Sceideal Féach sceideal