Nuacht a hAon

13:00 - 14:00 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Luain 3 Márta 2014

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Éist anois

John Downing.

Phléadáil an t-iar Aire Stát Ivor Callelly ciontach as éilimh bhréagach a dhéanamh ar chostaisí a bhain le glaocanna fón póca. Ceaptar go bpléfidh cruinniú an rialtais amárach an Córas Árachas Sláinte Uilíoch.

Éist anois

Conchubhar Ó Dálaigh.

Tá conspóid na hÚcráin ag treisiú. Tá cáineadh láidir déanta ag tíortha an Iarthair ar uachtarán Putin na Rúise as a cuid fórsaí míleata sa gCrimé a neartú.

Éist anois

An Feisire Eorpach Jim Higgins.

Dúirt an Feisire Eorpach Jim Higgins gur leisciúlacht sa Roinn Comhshaoil is cionntaí leis an gcinneadh gan iarratasa bheith déanta ag an tír seo ar chiste dlúthpháirtíochta na hEorpa le fóirithint a fháil ar an damáiste a rinne na tuillte agus na stoirmeacha ó thús na bliana.

Éist anois

Lachlainn Ó Catháin; aturnae.

Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge faoi chinneadh na Cúirte Uachtaraí an tseachtain seo caite nach féidir le fear a chás a éisteacht ós comhair giúiré dhátheangach.

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Láithriú / Presenter: Máirín Ní Ghadhra
Léiriú / Produced by: Séamus Mac Donnchadha, Caitlín Ní Chualáin

Sceideal Féach sceideal