Nuacht a hAon Dé Luain 3 Márta 2014
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Sorcha Ní Chéilleachair.
Michelle Nic Grianna.
Marion Ní Shúilleabháin.
Finnín Ó Tuama.
Phléadáil an t-iar Aire Stát Ivor Callelly ciontach as éilimh bhréagach a dhéanamh ar chostaisí a bhain le glaocanna fón póca. Ceaptar go bpléfidh cruinniú an rialtais amárach an Córas Árachas Sláinte Uilíoch.
Tá conspóid na hÚcráin ag treisiú. Tá cáineadh láidir déanta ag tíortha an Iarthair ar uachtarán Putin na Rúise as a cuid fórsaí míleata sa gCrimé a neartú.
Tá cáineadh déanta ar Pheter Hain, iar stát rúnaí na 6 Chontae as a rá nár cheart saighdiúirí Dhomhnach na Fola a chúisiú.
Dúirt an Feisire Eorpach Jim Higgins gur leisciúlacht sa Roinn Comhshaoil is cionntaí leis an gcinneadh gan iarratasa bheith déanta ag an tír seo ar chiste dlúthpháirtíochta na hEorpa le fóirithint a fháil ar an damáiste a rinne na tuillte agus na stoirmeacha ó thús na bliana.
Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge faoi chinneadh na Cúirte Uachtaraí an tseachtain seo caite nach féidir le fear a chás a éisteacht ós comhair giúiré dhátheangach.
Antaine Ó Conghaile.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.