Nuacht a hAon

13:00 - 13:30 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Luain 13 Eanáir 2014

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Éist anois

John Downing - Tráchtaire Polaitíochta.

Dúirt an tAire Iompair, Leo Varadkar, gur mhaith leis tuilleadh eolais a fháil faoin gcostas a bhaineann le bunú Uisce Éireann. Agus an grúpa atá in aghaidh línte ardchumachta leictreachais, ag cuimhneamh ar iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin áitiúla sa Bealtaine.

Éist anois

Mairéad Nic Seaghain - Tuairisceoir RnaG

Tá cruinniú de Chomhairle Condae Dhún na nGall ar bun i Leifear le cinneadh a dhéanamh faoi bhuiséad 2014, an 4ú cruinniú faoi ghnóthaí buiséid agus caithfidh na Comhairleoirí cinneadh a dhéanamh ina thaobh inniu nó scorfar an Chomhairle.

Éist anois

Frank Reidy - Ceannfort Airm.

Cuireadh iar-Phríomh-Aire Iosrael, Ariel Sharon inniu. Chomh maith leis sin, dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Modhammad Javad Zarif, go mbeidh sé éasca teacht ar chomhréiteach le tíortha an iarthair faoi chlár núicléach na tíre.

Éist anois

Éamon Ó Cuív TD - Fianna Fáil.

Éamon Ó Cuív ag tacú leis an bhfeachtas le cearta bunúsacha a bhaint amach do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge, feachtas a aontaiodh ag ollchruinniú a bhí ar siúl i mBaile Atha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Éist anois

Póilín Ní Chiaráin - Tráchtaire an Tuaiscirt.

Tosófar ag éisteacht le finaise inniu ag fiosrúchán poiblí faoi mhí-úsáid gasúr i dTuaisceart Éireann.

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Láithriú / Presenter: Séamus Mac Donnchadha
Léiriú / Produced by: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal