Nuacht a hAon

13:00 - 14:00 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Déardaoin 28 Samhain 2013

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
Éist anois

Áine Ní Chiaráin.

Cruinniú go gairid ag chúig cinn de na ceardchumainn atá i mBord Soláthar an Leictreachais le bainistíocht BSL, le iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an aighneas atá idir an dá thaobh faoi phinsin.
Éist anois

Conall Ó Móráin.

Figúirí eisithe inniu ag Banc Ceannais na hÉireann faoin líon morgáistí, ar thithe cónaithe, a titithe siar ar a gcuid aisíocaíochtaí.
Éist anois

John Downing, Tráchtaire Polaitíochta.

Riaráistí ar mhorgáistí pléite san Dáil ar maidin agus Coiste Oireachtais ar ghrathaí Sláinte, théis éisteacht leis na comhlachtaí árachais sláinte ar maidin.
Éist anois

Seán Ó Corráin.

An sprioc dáta a leagadh síos do dhaoine atá ag iarraidh an t-eolas a bhaineann leis an mbealach a bhfuil sé i gceist acu an cháin mhaoine a íoc, curtha siar ag na Coimisnéirí Cánacha mar gheall ar an líon daoine atá ag iarraidh é sin a dhéanamh le dhá lá.

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú / Presenter: Séamus Mac Donnchadha
Léiriú / Produced by: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal