Nuacht a hAon Dé Máirt 12 Samhain 2013
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
Impleachtaí théamh an domhain, i bhfianaise na tragóide atá tarlaithe sna hoileáin Filipíneacha.
Tá cumann na dtomhaltóirí ag moladh d'aon duine a bhain úsáid as a gcuid cártaí creidmheasa le saoire a cheannacht agus a bhfuil a gcuid sonraí sceite, na cártaí a chur ar ceall.
Rún Dála ag Fianna Fáil le Banc fiontraíochta Náisiúnta a bhunú le fostaíocht a chruthú.
Tá ionadaithe ón Roinn Oideachais agus ó Chumann na Meánmhúinteoirí an ASTI, i mbun cruinnithe inniu, le plé a dhéanamh ar an aighneas atá ar bun, faoi Chomhaontú Bhóthar Haddington. Fochoiste oireachtais le fógairt as seo go ceann seachtaine faoi bhreathnú ar chliseadh na mbancanna.
Deimhnithe ag Údarás na Gaeltachta, go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar Chomhar na Naíonraí Gaeltachta, Muintearas agus ar Óige na Gaeltachta.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.