Nuacht a hAon Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair 2013
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.
National, international and regional news.
B'éigean don Taoiseach é fhéin a chosaint sa Dáil ar maidin faoi ghealltanais a thug do na seandaoine chúig bhliana ó shin sul a raibh sé sa rialtas.
Tiocfaidh an Taoiseach ós comhair an tSeanaid inniu le go labhróidh sé faoina bhfuil ar intinn aige faoí athchóiriú an tSeanaid.
Beidh an chéad cheann de shraith cruinnithe poiblí dá n'eagrú ag an gCoinbhinsiún Bunreachtúil in Ollscoil Chorcaigh anocht.
Tá sraith cruinníthe le bheith inniu ag an Aire Airgeadais Michael Noonan le uachtarán Bhanc Ceannais na hEorpa agus le riaraitheoirí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiunta faoin gcaoí a bhfagfaidh Éirinn an clár Tarrthála.
Tá Pairlimint na hEorpa le bhótáil ar an easnamh €2.7billiún atá i mbuiséad na hEorpa don bhliain reatha. Tá an chonspóid ag cur moille ar bhuiséad nua seacht mbliana na pairlaiminte.
+353 91 506677
Nuacht an Iarthair: +353 91 506623
Nuacht an Deiscirt: + 353 66 9155114
Nuacht an Tuaiscirt: +353 74 9531244
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.