Nuacht a hAon

13:00 - 14:00 Luan - Aoine/ Mon-Fri 13:00 - 13:20 Sath - Domh / Sat-Sun

Nuacht a hAon Dé Céadaoin 9 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Nuacht a hAon

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.

Éist anois

John Downing ; tráchtaire polaitíochta.

Cuireadh i leith an Rialtas inniu nach bhfuil daoine a bhfuil tinneas fad-téarmach orthu ag fáil clúdach iomlán cárta leigheas. Céard é an corr is déanaí ar a bhfuil i ndán do Sheanad Éireann.

Éist anois

Máirín Ní Ghadhra.

Géarchéim na dteifeach mar gheall ar an gcogaíocht san tSiria agus deacrachtaí an Aontais Eorpaigh le hinimircigh mídhleathach a bhí faoi chabidéal inniu ag Parlimint na hEorpa i Strasbourg.

Éist anois

an Ceannfort Frank Reidy : saineolaí míleata & Taidhleoireachta.

Tá daoine a tháinig slán ó aicíd an chalair agus daoine muinteartha leo a tholg an galar i Haití ag tabhairt cás dlí in aghaidh na Náisiún Aontaithe agus iad ag éilimh go n-íocfaí na billiúin dollar leo.

Éist anois

Helen Mc Ginn : tráchtaire ar chúrsaí reatha Mheiriceá.

Níl aon réiteach go fóill ar aighneas Mheiriceá agus go leor seirbhísí poiblí fós dúnta agus go dtí seo ní léir go bhfuil aon iarracht mhór déanta le fuascailt a fhail ar an aighneas.

Éist anois

Marie O' Connor ; saineolaí ar chúrsaí sláinte.

Tá Cumann Dochtúirí na hÉireann arais i mbun cainteanna leis an bhFeidhmeannas Seirbhíse Sláinte ag an gCoimisiúin Caidreamh Saothair Trathnóna, foilseoidh an tÚdaras um Fháisnéis agus Cáilíocht Sláinte tuarascáil faoi bhás Savita Hallipanavar in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh anuraidh,

An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil.


National, international and regional news.

Nuacht a hAon

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú / Presenter: Séamus Mac Donnchadha
Léiriú / Produced by: An Mheitheal Nuachta

Sceideal Féach sceideal