RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin

Tá tús curtha le sraith nua ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin, a bhíonn le cloisteáil oíche Dé hAoine ag 9 pm.

Is éard atá i gceist leis an tsraith seo go mbíonn bliain faoi leith faoi chaibidil gach seachtain ann, agus go dtagann aoi speisialta isteach chuig an stiúideo lena gcuid cuimhní cinn ón bhliain sin a phléigh agus cloisfimid chomh maith a rogha ceoil.

Is í iar Rós Thrá Lí, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, a bheidh sa stiúideo ar an Aoine 18 Márta. As Maigh Eo d'Aoibhinn, agus bhuaigh sí comórtas Rós Thrá Lí sa bhliain 2005. Is amhránaí í, agus chuaigh sí ar chamchuairt domhanda leis an ngrúpa Ragús sa bhliain 2007. Is múinteoir fisice agus matamaitice i dTamhlacht i mBÁC í, agus bíonn sí le feiceáil go rialta ar an teilifís chomh maith.

Leathanach idirlín an chláir/Programme webpage

Nótaí Ceoil le Fiachna Ó Braonáin is a new music series on RTÉ Raidió na Gaeltachta presented by musician, composer and TV & radio presenter Fiachna Ó Braonáin, one of the founders of rock band Hothouse Flowers.

Each week Fiachna is joined in studio by a guest to discuss a particular year, and to share memories and stories from that year as well their musical choices.

The guest on Friday 18 March will be former Rose of Tralee Aoibhinn Ní Shúilleabháin. Aoibhinn is from Mayo and won the Rose of Tralee in 2005. She is a talented singer, and toured the world with Ragús in 2007. A maths and physics teacher in Tallaght in Dublin, she is also a regular guest and presenter on TV.