RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
An Nollaig ar Raidió na Gaeltachta
Seo cuid de scothchláracha Raidió na Gaeltachta a bheidh le cloisteáil ar an stáisiún faoi Nollaig. Fillfidh muid ar an ngnáthsceideal arís ar 9 Eanáir.
Dé Sathairn 24 Nollaig
Éagsúlacht na Nollag 9.00 am
Tá pobal níos éagsúla in Éirinn anois thar mar a bhíodh agus Gaeilge líofa ag cuid de na daoine a rugadh thar sáile. Sa chlár seo cuireann cuid acu síos ar nósanna na Nollag ina dtíortha dúchais.
The makeup of the Irish population has changed beyond recognition in recent years, and many of those who have come to live here from other countries have embraced the Irish language. In this programme we will hear some of them describe Christmas in their own countries.
Súil Siar Peile na hÉireann 2011 2.00 pm
Caitheann Gearóid Mac Donncha agus painéal tráchtairí Raidió na Gaeltachta súil siar ar Chraobh Peile 2011.
Gearóid Mac Donncha is joined by a panel of Raidió na Gaeltachta analysts and commentators who take a look back at this year's GAA Football championship.
Lá Nollag
Coirmcheoil Fhéile na Laoch 3.00 pm
Tionóladh Féile na Laoch i gCúil Aodha i mbliana mar chuid den chomóradh ar shaol Sheáin Uí Riada, agus inniu cloisfimid blaiseadh den cheol a bhí le cloisteáil ag ceolchoirm Fhéile na Laoch, le leithéidí Ceoltóirí Chualainn, Cór Chúil Aodha, Cór Ban Chúil Aodha agus Steve Cooney.
Féile na Laoch was held in Cúil Aodha in the Cork Gaeltacht earlier this year and in this programme we will hear a selection of music recorded live at that concert, featuring, among others, Ceoltóirí Chualainn, Cór Chúil Aodha, Cór Ban Chúil Aodha and Steve Cooney.

Siansa 2011 7.00pm
Bhí Craobh Siansa Gael Linn 2011 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin agus bhí sé le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh deis ag éisteoirí an cheolchoirm sin a chloisteáil arís anocht. 8 ngrúpa ceoil a bhí páirteach sa chraobh agus ba iad 'Éile' ó Laurel Hill Luimnigh a tháinig sa chéad áit.
The final of the Siansa Gael Linn competition for young traditional music groups took place in the National Concert Hall in Dublin on Sunday 10 April and was broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta and this evening listeners can get a second chance to hear the concert. 8 groups from all over the country competed for the prize and the winners on the night were 'Éile' a group from Limerick's Laurel Hill.
Lá le Stiofáin 26 Nollaig
Na Wrecks 11.00 am
Cailleadh suas le 500 long agus na mílte mairnéalach i bhfarraigí an Iarthuaiscirt le 400 bliain anuas agus sa chlár seo déanann Pól Mac Fhionnghaile cur síos ar na tubaistí móra a tharla le linn an ama sin.
The seabed of the northwest is littered with the wrecks of more than 500 boats that have sunk there over the last 400 years, and in this programme Pól Mac Fhionnghaile describes some of the big marine disasters that have happened during that time.
Dúchas an Cheoil le Gary Hastings 1.30 pm
Is é an tArd Dhéagánach Gary Hastings, Reachtaire Eaglais Choláisteach San Nioclás i nGaillimh a chuirfidh an clár seo i láthair. Is de bhunadh Bhéal Feirste Gary, fliúiteadóir, agus inniu ar an gclár beidh léiriú aige dúinn ar na stíleanna ceoil sa tuaisceart.
Today's programme is presented by Belfast flute player Gary Hastings. Gary is Archdeacon and Rector of St. Nicholas Collegiate Church in Galway, and on the programme today he will examine the different styles of traditional music in Northern Ireland.

Na Cruacha 2.00 pm
Sa chlár seo tugann Jimmy & Vincie Campbell, ceoltóirí agus reacairí den scoth, ar chamchuairt atmaisféarach sinn thart ar na Cruacha Gorma i gCo. Dhún na nGall. Leiriú de chuid Sound Woman Productions le tacaíocht on BAI. Á léiriú ag Máire Uí Aoláin.
In this programme we go on an atmospheric tour of the Bluestacks area of Co. Donegal in the Gaeltacht Láir in the company of talented fiddlers and raconteurs Jimmy and Vincie Campbell. A Sound Woman Production with support from BAI. Produced by Máire Uí Aoláin.
Thar Sáile Linn go hInis Oírr 8.00 pm
An banaltra Róisín Ní Chualáin ag cur síos ar a saol in Inis Oírr agus chomh deacair is a bhí sé ag an tús ó thaobh leighis de, agus déanann an tAthair Seosamh Ó Ceoinnín cur síos ar a chúram agus ar a shaol ar Inis Oírr le roinnt blianta.
In this programme we hear from two people who have made Inis Oírr their home, nurse Róisín Ní Chualáin and priest Fr Seosamh Ó Ceoinnín, about their lives there.
Dé Máirt 27 Nollaig
Clann na Talmhan 1939-1965 9.00 am
Sa chlár seo déanfar plé ar chúlra, ar fhás, ar fhorbairt agus ar mheath an pháirtí polaitíochta Clann na Talmhan a bunaíodh ar mhaithe le húinéaraí na ngabhaltas beag in iarthar na hÉireann.
In this programme we will hear a discussion of the background, establishment, growth and decline of the political party Clann na Talmhan, set up to represent the small landowners of the west of Ireland.
Battery Chuan Chasla 10.00 am
Is é Seán Leainde, nach maireann, a rinne an clár seo ina gcloisimid cur síos ar an stair agus seanchas a bhaineann leis an túr Martello atá suite sa mBaile Láir, Ros an Mhíl ag Béal Chuan Chasla, Conamara.
In this documentary, Seán Leainde (since deceased) tells the story of a Martello tower, located in Ros an Mhíl, Connemara at the mouth of Casla Bay.
Hughie Fada 11.00 am
Sa chlár seo déanann Aodh Mac Laifeartaigh, nó Hughie Fada mar is fearr aithne air, as na Dúnaibh cur síos ar a shaol, ó bheith ina chaddie ag ocht mbliana d'aois, a bheith ag teagasc gan é ach ocht mbliana déag d'aois, agus a shaol mar altra in Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn.
In this programme Aodh Mac Laifeartaigh from Na Dúnaibh in Donegal, or Hughie Fada as he is known, talks about his life, from his work as a caddie from the age of eight, teaching at the age of just 18, and his work as a nurse in St. Conaill's hospital in Letterkenny.

Gearóidín Bhreathnach 2.00 pm
Clár faisnéise leis an cheoltóir sean-nóis as an Ardmhín i gCroithlí Gearóidín Breathnach. Cloisfimid sa chlár seo faoin obair atá á dhéanamh aici chun traidisiún amhránaíocht Thír Chonaill a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc an ghlúin óig.
This documentary programme focuses on Donegal sean-nós singer Gearóidín Breathnach. In the programme today we will hear about her life and work.
An Chaint sa Chathair 5.04 pm
Is í Clodagh Yambasu a bheidh faoi agallamh ar chlár an lae inniu. Is ministéir Modhach í Clodagh agus í pósta ar mhinistéir Modhach eile. Thug a cuid oibre í go Béal Feirste, Oxford, Le Cote d'Ivoire agus Sierra Leone agus cogadh ar an táirseach aici. Seo é a scéal.
Today the programme will feature an interview with Methodist Minister Clodagh Yambasu. Her work brought her to Belfast, Oxford, the Ivory Coast and Sierra Leone, where there was a war at her doorstep. This is her story.
Dé Céadaoin 28 Nollaig

CLG Ghaoth Dobhair 1961 11.00 am
Sa chlár seo inniu labhrann cuid de na peileadoirí a bhain an chraobh leathchéad bliain ó shoin ar thréimhse ghlórmhar fo-chumann Ghaoth Dobhair.
In the programme today members of the Gaoth Dobhair 1961 GAA team talk about their glory days winning the championship 50 years ago.
Fear an Éisc 2.00 pm
Clár faisnéise é seo faoi Jack McDevitt, fear an éisc, as ceantar Rann na Feirste. Ar an gclár inniu caithfidh muid lá i gcuideachta Jack agus é i mbun oibre ag díol ag margaí áitiúla agus ó dhoras go doras. Leiriú de chuid Sound Woman Productions le tacaíocht on BAI. Léiritheoir Máire Uí Aoláin.
This documentary today focuses on fishmonger Jack McDevitt from Rann na Feirste in Donegal. The programme follows Jack for the day, from his early rise at 5am, then heading to the fish sales in Killybegs, on from there to local markets in northwest Donegal, and selling from door to door. A Sound Woman Production, supported by the BAI. Produced by Máire Uí Aoláin.
An Chaint sa Chathair 5.04 pm
Agallamh le hIarla Ó Lionaird a chloisfimid inniu. As Cúil Aodha ó dhúchas d'Iarla agus tá cáil bainte amach aige ar fud an domhain lena chuid ceoil.
Today's programme features an interview with Iarla Ó Lionaird. Iarla is originally from Cúil Aodha in Cork, and has established a stellar reputation for his work.
Déardaoin 29 Nollaig
Cúrsaí Liteartha i nDún na nGall i 1901 11.00 am
Sa chlár seo deantar scrudú ar dhaonáireamh na bliana 1901 le fáil amach cad é mar bhí cúrsaí liteartha i gceantair áirithe i nDún na nGall ag tús an chéad dheireannaí, agus an deis a bhí ag daoine ag an am sin scolaíocht a fháil agus na cineáil scoltacha a bhí ann.
The 1901 Census reveals a lot to us about the conditions of life in Ireland at that time, and in this programme Séamus Mac Géidigh and guests look at what can be read from the Census in terms of literacy in different regions of Donegal at that time, what kind of educational opportunities existed for people then, and the different types of schools.

Dúchas an Cheoil le Matt Cranitch 1.30 pm
Is é an ceoltóir Matt Cranitch a chuirfidh i láthair an cláir seo inniu in ómós don bhfidléir Séamus Creagh, nach maireann. Sa chlár seo caithfidh Matt Cranitch súil siar ar shaol Shéamuis, agus cloisfimid taifeadtaí ceoil leo beirt.
Fiddler Matt Cranitch will present the programme today which will focus on the life and music of his great fellow fiddler and friend Séamus Creagh who passed away in 2009.
Dúnmharaithe i Leitir Fraic 2.00 pm
Sa chlár fáisnéise seo a rinne Breandán Feirtéar, insítear scéal truamhéalach na ndúnmharaithe a tharla le linn Cogadh na Talún i Leitir Fraic, Conamara sna blianta 1881 agus 1882 agus an cuimhne atá ag an bpobal faoi na blianta sin.
This documentary by Breandán Feirtéar tells the story of murders which occurred in Letterfrack, Connemara in 1881 and 1882.
Dé hAoine 30 Nollaig
Dún na nGall 2011 11.00 am
Súil siar ar na scéalta móra i nDún na nGall le bliain anuas, á chur i láthair ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh agus Michelle Nic Grianna.
Aodh Máirtín Ó Fearraigh and Michelle Nic Grianna look back at the big stories in Donegal over the past year in the programme today.
Ábhar Cartlainne na Ranna Rialtais 1.30 pm
An tráth seo bliana gach bliain foilsíonn An Chartlann Náisiúnta cáipéisí rialtais agus doiciméid ranna rialtais atá deich mbliana fichead d'aois. Sa chlár seo déanfaidh Pól Mac Donncha tuairisciú agus anailís ar an méid atá le foghlaim ó na cáipéisí stáit ó 1981.
At this time each year the National Archives release Government State Papers pertaining to events that happened thirty years previously. Pól Mac Donncha will visit the National Archives today to see the documents and to analyse what they reveal to us of that turbulent time 30 years ago.
Ó Aird an Chaisléain go Seattle 2.00 pm
Clár faisnéise faoin amhránaí sean-nóis Seosamh ó hÉanaí (Joe Éinniú), a rugadh agus a tógadh in Aird an Chaisleáin, Carna. Labhrann Mairéad Uí Chuaig le daoine a raibh aithne acu ar an bhfear, agus ar ndóigh cloisimid a chuid amhrán sa chlár freisin.
A documentary on singer Joe Heaney from the village of Aird an Chaisleáin in Carna in Connemara. In this documentary Mairéad Uí Chuaig speaks to people who knew Joe, and we hear samples of his own singing style.
Dé Sathairn 31 Nollaig

Seachtain Mhuiris 9.00 am
Clár i gcuimhne agus in ómós do Mhuiris Ó Rócháin, Stiúrthóir Scoil Samhraidh Willie Clancy, fear uasail, a d'imigh uainn ar shlí na fírinne i mí Dheireadh Fómhair. Chaith Ian Lee seachtain i gcuideachta Mhuiris le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy 2001 agus é i mbun oibre, ag eagrú ranganna, ag réiteach fadhbanna, agus gach rud eile a bhain lena chuid cúramaí mar Stiúrthóir na scoile. Cloisfimid ó Mhuiris faoin sásamh a bhain sé as comhluadar na scoile, agus cloisfimid chomh maith agallaimh le bean chéile Mhuiris, Úna, agus le Peadar Ó Riada, Maighréad Ní Dhomhnaill, Áine Hensey, Ciarán Mac Mathúna, Brian Mullen, Nicholas Carolan, Peter Browne agus Mairi Nic an Ghobhainn.
This programme will be broadcast in memory of Muiris Ó Rócháin, much loved charismatic Director of Scoil Samhraidh Willie Clancy, who passed away in October. Ian Lee spent a week with Muiris during the Willie Clancy Summer School, and we learn in the programme about the work involved every year in organising classes, sorting out problems, and we also learn about the great satisfaction Muiris derived from his involvement in the school, and those he came to know through it. The programme includes interviews from that time with Muiris's wife Úna, Peadar Ó Riada, Maighréad Ní Dhomhnaill, Áine Hensey, Ciarán Mac Mathúna, Brian Mullen, Nicholas Carolan, Peter Browne and Mairi Nic an Ghobhainn.
Na Bacaigh 10.30 am
Dráma nuascríofa le Mícheál Ó Tuairisc. Tá an dráma suite sna fichidí agus tugann scéal an dráma léargas dúinn ar shaol tuaithe an tráth sin, ar shaol spailpíní agus dhaoine bochta. Ronan Browne a chur ceol leis an gclár. Cóirithe don raidió ag Mícheál Ó Tuairisc agus Mícheál Ó Gionnáin.
Today we will hear a newly written radio play by Mícheál Ó Tuairisc which illustrates rural life in the 1920s, and the life of the seasonal farm labourers, or spailpíní. The play was arranged for radio by Mícheál Ó Tuairisc and Mícheál Ó Gionnáin.
Súil Siar Iomána 2.00 pm
Caitheann Gearóid Mac Donncha agus painéal aíonna súil siar ar Chraobh Iomána 2011.
Gearóid Mac Donncha and a panel of commentators look back at the 2011 Hurling Championship.
Slán le 2011 9.00 pm
Is iad Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin a bheidh ar na maidí do chlár dheireadh na bliana seo. Beidh siad ag casadh go leor ceol tíre agus ag díriú ar chuid de na halbaim a eisíodh i 2011. Beidh siad ag trácht chomh maith ar scéalta a bhí sna meáin i rith na bliana a bhain le ceoltóirí tíre, ar na Country Music Awards agus ar ghradaim eile nach iad, agus beidh neart comhrá agus craic.
Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin will present this end of year programme tonight. They will be playing a selection of the best in country music, especially from albums released during 2011. They will also look back at the news in country music circles throughout the year, including the Country Music Awards and other prizes, and there will be plenty of chat and fun to celebrate New Year's Eve.
Dé Domhnaigh 1 Eanáir
Ceilp 9.30 am
Déanann Séan Ó Gallchóir as Cill Ulta, Gort an Choirce, cur síos ar dhéanamh ceilpe ar Dhumhaigh Mhachaire Rabhartaigh ag tús an chéid seo a chuaigh thart.
Seán Ó Gallchóir from Cill Ulta in Gort an Choirce describes the historic practice of collecting and burning kelp on Machaire Rabhartaigh beach at the start of the 20th Century.
Súil Siar Spóirt 2011 2.30 pm
Caitheann Mícheál Mac Donnchadha agus painéal aíonna súil siar ar bhuaicphointí spóirt na bliana 2011.
Mícheál Mac Donnchadha and a panel of guests look back at the sporting highlights of 2011.
Thar Sáile Linn go hInis Meáin 8.30 pm
Cur síos ar an ócáid a bhí ar siúl ar Inis Meáin an samhradh seo nuair a thug iar-Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa cuairt ar an oileán.
In this programme we hear about former President Mary McAleese's visit to the island of Inis Meáin this past summer.
Dé Luain 2 Eanáir

Neily Mulligan 11.00 am
Clár speisialta ar Neily Mulligan, duine de mhór charactairí Ghaoth Dobhair, a fuair bás ar na mallaibh.
This is a special programme about Neily Mulligan, a much-loved local character from Gaoth Dobhair in Donegal, who died recently.
An Saol ó Dheas 12.08 pm
Ar an gclár inniu cloisfimid roinnt ceoil ó Cheolchoirm Éigse Dhiarmuidín a bhí ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh ag tús mhí na Nollag. Ar na ceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn beidh Matt Cranitch, Jackie Daly, Nell Ní Chróinín, Colm Gannon agus Mick Conneely, agus beirt bhall de Cheoltóirí Chualainn, John Kelly agus Éamonn McGivney. Á chur i láthair ag Tomás Mistéal.
On the programme today we will hear highlights from the Éigse Dhiarmuidín gala concert, held in Cúil Aodha in Cork in December. Musicians who can be heard today include Matt Cranitch, Jackie Daly, Nell Ní Chróinín, Colm Gannon and Mick Conneely, and two members of Ceoltóirí Chualainn, John Kelly and Éamonn McGivney. Presented by Tomás Mistéal.

Misean Cara san Afraic 2.00 pm
Tá cáil ar mhisinéiri na hÉireann le blianta fada mur gheall ar a gcuid oibre i dtíortha neamhfhorbartha an domhain mhóir. Cuireann an eagraíocht Misean Cara tacaíocht agus maoiniú de chuid an stáit ar fáil do na misinéirí seo ó bhliain go bliain. Chaith Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta Beirní Ní Chuinn seal san Afraic le déanaí agus thug sí cuairt ar chuid de na tograí a bhfuil misinéirí na hÉireann ag forbairt san Afraic Theas. Bhuail sí le sagairt agus le mná rialta de chuid na hÉireann atá ag obair go dian le daoine i mbailecheantair bhochta Chape Town, ina measc an tAthair Pádraig Ó Neachtain ó Chonamara ó dhúchas. Insítear scéal an Athar Uí Neachtain san Afraic, maraon le hobair mhisinéirí na hÉireann go ginearálta, sa chlár seo.
Irish missionaries are renowned for their work in developing countries throughout the world. The organisation Misean Cara supports the development work of missionaries around the world, chanelling Irish state funds to vital areas such as education, health care, humanitarian relief and environmental protection. Political Editor of Raidió na Gaeltachta, Beirní Ní Chuinn, recently went to Africa and visited some of the projects that Irish missionaries are involved with there. She met Irish priests and nuns who are working with communities in the townships in Cape Town, including Connemara priest Fr. Pádraig Ó Neachtain. In this programme we hear about his work there, as well as the work of other Irish missionaries working to help some of the poorest communities in South Africa.
Imircí Nua 5.04pm
Sa chlár seo inniu beidh Mairéad Uí Chuaig ag labhairt le daoine óga atá tar éis dhul ar imirce le bliain no dhó, daoine atá ag cur fúthú anois san Astráil, i Meiriceá Thuaidh, san Fhionlainn, i gCeanada, sa tSeapáin agus sa Cholóim. Labhrann siad faoin fáth ar chaith siad imeacht, an sórt saoil atá dhá chaitheamh acu thar lear, postanna, caitheamh aimsire agus an t-uaigneas atá le bheith ar imirce faoin Nollaig.
In this programme today Mairéad Uí Chuaig speaks to some recent emigrants who are now living in Australia, North America, Finland, Canada, Japan and Columbia. They talk to her about their reasons for leaving, their new lives, jobs, passtimes, and the loneliness they feel being away from home at Christmas.
Dé Máirt 3 Eanáir
Tamall Comhrá 5.04 pm
Ar an gclár seo inniu beidh Mairéad Uí Chuaig i mbun comhrá le Pádhraic Mhaidhc Choilm Ó Coisdealbha as Ros an Mhíl, a bhfuil cónaí air i Norwood sna Stáit Aontaithe ó 1949. Tá Pádhraic 90 bliain d'aois agus siúlann sé ceithre mhíle mórán chuile lá. Cuireann sé síos dúinn inniu ar a shaol thall i Meiriceá.
In this programme Mairéad Uí Chuaig speaks to Pádhraic Mhaidhc Choilm Ó Coisdealbha, from Ros an Mhíl in Connemara, who has been living in Norwood in the US since 1949. Pádhraic is 90 years of age, and still walks four miles almost every day, and he speaks to Mairéad today about his life in the US.
Dé Céadaoin 4 Eanáir

Mo Scéal Féin 1.30 pm
Inniu cloisfimid agallamh le Niall Ó Donnghaile, Ard Mhéara Bhéal Feirste. Tá Niall 26 bliain d'aois agus tá sé ar an té is óige ariamh a roghnaíodh mar Ard Mhéara. Tá sé ar an gcéad Ghaeilgeoir a bhí san oifig sin chomh maith. Labhrann Póilín Ní Chiaráin leis inniu faoina shaol agus a shaothar.
Today we will hear an interview with Niall Ó Donnghaile, Lord Mayor of Belfast. Niall, from the Short Strand areas of the city, is the youngest person to have assumed the office of Lord Mayor, and is also the first Irish-language speaker in the post. He speaks to Póilín Ní Chiaráin today about his life and work.
Glór Anoir 5.04 pm
Inniu cloisfimid clár speisialta faoin scríbhneoir Brian Ó Nualláin, nó Flann O'Brien, nó Myles na gCopaleen. Is é Cormac Ó hEadhra a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh plé painéil le Rónán Ó Muirthile, Breándán Ó Conaire, Siún Ní Dhuinn, agus Ian Ó Caoimh. Beidh Rossa Ó Síordáin páirteach, leis, agus é ag léamh giotaí ó shaothar Bhriain Uí Nualláin.
Today we hear a special programme on writer Brian Ó Nualláin, also known as Flann O'Brien and Myles na gCopaleen. Cormac Ó hEadhra presents the programme, and will chair a panel discussion with Rónán Ó Muirthile, Breándán Ó Conaire, Siún Ní Dhuinn, and Ian Ó Caoimh. Rossa Ó Síoradáin also contributes readings of short extracts from Ó Nualláin's work.
Déardaoin 5 Eanáir
Mo Scéal Féin 1.30 pm
Labhrann Póilín Ní Chiaráin leis an Dr Ruairí Ó Bléine, a chaith blianta mar dhochtúir sa Royal Victoria i mBéal Feirste, údar Presbyterians and the Irish Language.
In the programme today Póilín Ní Chiaráin interviews Dr. Ruairí Ó Bléine. Dr. Ó Bléine worked for years in the Royal Victoria Hospital in Belfast. He is the author of Presbyterians and the Irish Language, and is a language activist for Irish and Ulster Scots.
Dé hAoine 6 Eanáir

An Chéad Dáil 1.30 pm
Clár faisnéise faoin chéad seisiún de Dháil Éireann i dTeach an Ard Mhéara i mBaile Átha Cliath ar 21 Eanáir 1919. Ba é Seoirse Pluincéad, athair Joseph Mary Plunkett, an chéad duine a labhair agus ba é Cathal Brugha a bhí ina chathaoirleach. Mar chuid den chlár seo cloisfear aithris dhrámatúil ar chéad seisiún na Dála a rinne Raidió Éireann sa bhliain 1959.
A documentary about the first session of Dáil Éireann held in the Mansion House in Dublin on 21 January 1919. George Plunkett, father of Joseph Mary Plunkett, was the first person to take to the floor, and Cathal Brugha was the chairperson. As part of the programme we will also hear a dramatic reenaction of the first Dáil session broadcast on Raidió Éireann in 1959.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






