RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
An Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seo cuid de na cláracha a bheidh le cloisteáil faoi Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Here are some of the programmes you can enjoy on RTÉ Raidió na Gaeltachta over Christmas
______________________
Dé Domhnaigh 20 Nollaig
9.30 p.m. Siar is Aniar le SBB
Hits móra na Nollag ó na 60í i leith a bheidh á gcasadh anocht.
SBB plays Christmas hits from down through the years.
Dé Máirt 22 Nollaig
12.08 p.m. An Saol ó Dheas
Beidh duaiseanna go leor le baint ar an gclár inniu, amárach agus Déardaoin.
Lots of prizes to be won on the programme today, tomorrow and Thursday.
Dé Céadaoin 23 Nollaig
3.00 p.m. Rónán Beo @ 3
Cóisir na Nollag a bheidh ann inniu, ag teacht beo ó Theach Choll
i Machaire Rabhartaigh.
The Christmas party, live from Coll's pub in Magheraroarty.

5.08 p.m. Glór Anoir
Clár speisialta Nollag a bheidh ann inniu le Cór na nÓg RTÉ sa stiúideo, agus pearsaí éagsúla ag caitheamh súil siar ar an mbliain atá imithe.
A special edition of the programme featuring Christmas songs from RTÉ's Cór na nÓg, and a panel who will take a look back at the year.
Déardaoin 24 Nollaig

1.30 p.m. Ó Bhaile an Domhnalláin go dtí an Bhruiséal
Shocraigh Seán Ó Neachtain gan seasamh sna toghcháin Eorpacha níos luaithe i mbliana tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag obair mar Fheisire Eorpach. Sa chlár seo inniu labhrann sé le Máirín Ní Ghadra faoina chuid oibre san Eoraip.
Seán Ó Neachtain decided earlier this year not to stand in the European elections having spent seven years as an MEP. In this programme he speaks to Máirín Ní Ghadra about his work in Europe during that time.
2.04 p.m. Daidí na Nollag
Beidh Daidí na Nollag ag tabhairt cuairt ar Chasla inniu, sula dtosóidh sé ar obair mhór na hoíche!
Santa makes a special visit to Casla before beginning his night's work.
5.04 p.m. Glór Anoir
Rogha de na míreanna grin is fearr ón gclár le bliain anuas.
A selection of the best of the comedy sketches from the year.
8.30 p.m. An Nollaig in Árainn
Sa chlár seo déanann an t-aisteoir clúiteach Macdara Ó Fátharta cur síos ar an Nollaig in Árainn mar a bhí sna blianta atá imithe.
Well-known actor Macdara Ó Fátharta describes Christmas as it was in the Aran Islands in past times.
Lá Nollag
Dé hAoine, 25 Nollaig
7.00 a.m. Tús Trátha
Ceol Nollag agus iarratais, á chur i láthair ag Gráinne Ní Dhomhnaill.
Christmas music and requests, presented by Gráinne Ní Dhomhnaill.
9.00 a.m. Réalta Órga Ríogach
Clár álainn atmaisféarach le smaointe, iomainn agus ceol na Nollag curtha i láthair ag an Athair Brian Ó Fearraigh.
A very atmospheric programme presented by Fr. Brian Ó Fearraigh featuring Christmas hymns, thoughts and music.
10.00 a.m. Aifreann na Nollag
Craolfar an t-aifreann as Séipéal Chúil Aodha inniu, leis an Athair Dónal Ó Briain.
Christmas Day mass from Cúil Aodha in West Cork.
10.45 a.m. Scéalta ón mBíobla
Taifeadadh de sheoladh leabhair nua i ngaeilge de scéalta ón mBíobla, foilsithe ag Cló Lorlum. Caint, scéalta agus amhráin ón seoladh a bhí ar siúl ar an Spidéal i mí Dheireadh Fómhair.
Stories from the Bible for children from a new series of books launched in October.
11.45 a.m. Togha agus Rogha
Ceol agus iarratais na Nollag ó Bhaile na nGall le Pádraig Ó Sé.
Music and requests from our Kerry studio, with Pádraig Ó Sé.
1.02 p.m. Cas Ceirnín
Ceol & iarratais na Nollag, á chur i láthair beo ó Dhoirí Beaga ag Seán Ó Duibhir.
Seán Ó Duibhir presents the Donegal requests programme.
2.00 p.m. Togha agus Rogha
Ceol agus iarratais na Nollag ó Chasla, á chur i láthair ag Máirtín Tom Sheáinín.
Máirtín Tom Sheáinín presents the Christmas day requests from Casla.

3.00 p.m. Ceolchoirm Francie Mooney
Ceolchoirm le hamhránaithe agus ceoltóirí an Iarthuaiscirt a tháinig le chéile le saol Francie Mooney a cheiliúradh, agus ar na ceoltóirí atá le cloisteáil anseo tá Mairéad Ní Mhaonaigh, Ciarán agus Gearóid Ó Maonaigh, Ciaran Tourish, Ian Smith, Hugh Ó Gallchóir agus Manus Lunny.
A live concert celebrating the life of the great Francie Mooney from Donegal who died in 2006. Featuring up to forty musicians, including Mairéad Ní Mhaonaigh, Ciarán and Gearóid Ó Maonaigh, Ciaran Tourish, Ian Smith, Hugh Ó Gallchóir and Manus Lunny.
4.00 p.m. Athchuairt ar Bhaile an Droichid
Faigh amach céard atá tarlaithe i saol Bhaile an Droichid le tamaillín anuas.
Listeners get a chance to revisit the folks of Baile an Droichid, the well-known radio soap opera.
5.00 p.m. Siansa 2009
An chéad ghlún eile de cheoltóirí óga mar a chualathas iad ag seinm i gcomórtas Siansa i Luimneach i mí Aibreáin iad.
The next generation of trad musicians - from the Siansa Competition that took place in April.
7.00 p.m. Gort John Field
Saothar an chumadóra John Field as Éirinn, curtha i láthair ag Cearbhall Ó Síocháin.
Music from Irish composer John Field, presented by Cearbhall Ó Síocháin.

9.00 p.m. Súil Siar ar Oireachtas 2009
Buaicphointí an Oireachtais a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Highlights from the Oireachtas festival which took place in Letterkenny in October.
11.00 p.m. Éigse na Féile 2009
Agallaimh beirte, lúibíní agus amhráin saothair ón bhFéile Náisiúnta Drámaíochta 2009, le Máirtín Mac Donnchadha.
Highlights from the National Drama Festival that took place earlier this year, presented by Máirtín Mac Donnchadha.
12.00 a.m. Poirtíní na Nollag
Ceol agus amhráin le John Beag Ó Flatharta.
Music and song from John beag Ó Flatharta.
Dé Sathairn 26 Nollaig
9.02 a.m. Proinsias Ó Conluain
Déanann Proinsias cur síos ar a shaol craoltóireachta in RTÉ, agus go háirithe a chuid cuairteanna ar Ghaeltachtaí na tíre.
Proinsias Ó Conluain describes his life working with RTÉ, and in particular his visits to the Gaeltacht areas of the country.
10.00 a.m. An Ghearmáin ag Glaoch
Clár faoi chraoladh raidió na Naitsíoch chun na hÉireann, i nGaeilge agus i mBéarla, le linn an Dara Cogadh Domhanda. Labhrann Cearbhall Ó Síocháin le Seán Mac Réamoinn, David O'Donoghue, Seán Ó Briain agus Eimear Ó Broin faoin gcaibidil fíorspéisiúil seo i stair na hÉireann.
During the Second World War German radio broadcast bilingual (Irish and English) Nazi propaganda to Ireland from Berlin every night. Cearbhall Ó Síocháin talks to Seán Mac Réamoinn, David O'Donoghue, Seán Ó Briain and Eimear Ó Broin about this fascinating piece of Irish history.
10.45 a.m. Clocha Cladaigh
An file Louis de Paor ag cur i láthair agus ag léamh a chuid filíochta.
Poet Louis de Paor presents and reads his poetry.

1.20 p.m. Tóibín ag 80
Labhair Seán P. Ó hÉalaí leis an aisteoir clúiteach Niall Tóibín tráth a raibh na ceithre scór slánaithe aige i mí na Samhna i mbliana faoina óige, faoina shaol agus a shaothar, agus faoina dhearcadh ar chúrsaí in Éirinn.
An interview with much-loved Cork actor Niall Tóibín recorded in November when he turned eighty, in which he speaks to Seán P. Ó hÉalaí about his life, his work and his views on Ireland today.
2.00 p.m. Cumann Lúthchleas Gael - 125 bliain slán
Labhrann Gearóid Ó Tuathaigh, Seosamh Mac Donncha agus Mícheál Ó Muircheartaigh le Micheál Mac Donnchadha faoi stair, struchtúr agus forbairt Chumann Lúthchleas Gael le 125 bliain anuas.
In this programme presenter Micheál Mac Donnchadha speaks to historian Gearóid Ó Tuathaigh, former President of the organisation Joe McDonagh, and legendary sports commentator Mícheál Ó Muircheartaigh, about the history, the structure and the development of the GAA, and its importance in peoples' lives.
3.00 p.m. Spórt Lá 'le Stiofáin
Tuairiscí, torthaí agus anailís ar chúrsaí spoírt an lae.
Reports, results and analysis of the day's sporting fixtures.
Dé Domhnaigh 27 Nollaig
10.00 a.m. Cuimhní Cinn
Míreanna cartlainne leis an scríbhneoir, critic, craoltóir agus iriseoir Breandán Ó hEithir, nach maireann a bheidh sa chlár seo. Ar na míreanna a bheidh le cloisteáil beidh agallaimh a rinne Proinsias Mac Aonghusa agus Pádhraic Ó Ciardha leis ina bpléann sé, i measc nithe eile, a óige in Árainn, an iriseoireacht agus an úrscéalaíocht.
A special programme featuring interviews from the archives with journalist, writer and critic Breandán Ó hEithir who discusses, among other things, his upbringing in the Aran Islands, journalism and the art of the novelist.
3.00 p.m. Céad Slán le Ros a'Mhíl
Labhrann Norita Ní Chartúie le muintir Ros a'Mhíl, cuid acu atá imithe ón gceantar le blianta fada.
Norita Ní Chartúir speaks to people from Ros a' Mhíl in Connemara, some of whom emigrated from the area long ago.
4.00 p.m. An Tír Úd Thoir
Sna 40í, 50í agus 60í thug go leor den ghlún óg as na trí pharóiste Gaeltachta san iarthuaisceart - Gaoth Dobhair, Cloich Chionnaola agus Na Rosa - aghaidh ar Ghlaschú. Sa chlár seo cloisfear agallaimh a rinne Frances Nic Géadaigh le cuid de na himircigh sin faoina saol i nGlaschú agus faoin tábhacht a bhaineann leis an cheangal leis an bhaile agus leis an Ghaeilge a choimeád agus a chothú.
There is a long history of emigration from northwest Donegal to Scotland, and in this programme Frances Nic Géadaigh speaks to people who left the Gaeltacht parishes of Gaoth Dobhair, Cloghaneely and the Rosses in the 40s, 50s and 60s to make a new life in Glasgow about their lives there and the importance of maintaining the connection with home.
Dé Luain 28 Nollaig
11.02 a.m. Lá na Tuilleadh
Cur síos ar an díle a bhí i nGaoth Dobhair i mí Meithimh na bliana seo, agus ar an díle a bhí i Sean Teach Pobail Dhoirí Beaga in 1880nuair a báitheadh cúigear.
The floods in Gaoth Dobhair earlier this year, and the flash flood in 1880 that claimed 5 lives, will be remembered in today's programme.

12.08 p.m. An Saol ó Dheas
Clár thar a bheith speisialta ina gcloisfear Mícheál Ó Sé agus Domhnall Mac Síthigh agus iad ar aistear farraige ó Dhún Chaoin go dtí an Blascaod Mór, agus cur síos acu ar na carraigeacha agus na pointí talúna éagsúla a fheiceann siad agus an seanchas a bhaineann leo.
In this very special programme, Mícheál Ó Sé and Domhnall Mac Síthigh take a trip out to the Great Blasket Island off Dún Chaoin and describe en route the sites and landmarks they pass, and the history and folklore associated with them.
1.30 p.m. An Pápa Eoin Pól in Éirinn 1979
Cuairt an Phápa ar Bhaile Átha Cliath agus ar Dhroichead Átha
The Pope's visit to Dublin and Drogheda in 1979 is remembered.
3.00 p.m. Spórt an Luain
Clúdach ar na cluichí sacair i Sasana, chomh maith le hagallaimh agus ceol.
Coverage of the soccer matches taking place today in the UK, as well as interviews and music.
5.04 p.m. Cló agus Comhluadar I
Scríbhneoirí, aisteoirí agus foilsitheoirí a ghlac páirt in ocáid cheiliúrtha a d'eagraigh Cló Iar-Chonnachta i mí sa Samhna. Orthu siúd a bheidh le cloisteáil, beidh Joe Steve Ó Neachtain, Bríd Ní Neachtain agus Gearóid Denvir.
Writers, actors and publishers who took part in a special event to celebrate the acquisition by Cló Iar-Chonnachta of the catalogues of Sairscéal Ó Marcaigh and An Clóchomhar.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Phort Nua.
A series about the history of the ports of Donegal, starting with Portnoo today.
Dé Máirt 29 Nollaig
11.02 a.m. Cití Hiúdaí Beag
Rugadh Cití Uí Ghallchóir ar an Tor i bParóiste Ghaoth Dobhair, agus i 1961 cheannaigh sí féin agus a fear céile Hiúdaí Beag an teach tábhairne clúiteach ar an Bhun Beag. Sa chlár seo labhrann sí féin agus a mac Hughie, atá i mbun an tábhairne anois, le Séamus Mac Géidigh faoi chuid de na scéalta is na heachtraí a tharla Tigh Hiúdaí Beag le corradh agus daichead bliain anuas.
Hiúdaí Beag's in Bunbeg is one of the best known pubs in the country for traditional music and in this programme Séamus Mac Géidigh interviews Cití - Hiúdaí Beag's wife - who, together with her husband, bought the pub in 1961 which is now run by her son Hughie.
1.30 p.m. An Pápa Eoin Pól in Éirinn 1979
Cuairt an Phápa ar Chnoc Mhuire agus ar Ghaillimh.
The Pope's visit to Knock and Galway in 1979 is remembered.
5.04 p.m. Cló agus Comhluadar I
Scríbhneoirí, aisteoirí agus foilsitheoirí a ghlac páirt in ocáid cheiliúrtha a d'eagraigh Cló Iar-Chonnachta i mí sa Samhna. Orthu siúd a bheidh le cloisteáil, beidh Caoimhín Ó Marcaigh, Siobhán Ní Shúilleabháin, Pádraig Ó Máille agus Diarmuid de Faoite.
Writers, actors and publishers who took part in a special event to celebrate the acquisition by Cló Iar-Chonnachta of the catalogues of Sairscéal Ó Marcaigh and An Clóchomhar.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Rosbeag/Ard a'Ratha.
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Rosbeg/Ardara.
Dé Céadaion 30 Nollaig
11.02 a.m. Meascra na Nollag
Smaointe, scéalta agus fealsúnacht na Nollag agus na bliana úire ó bhaill de Chiorcal Scríbhneoirí an Iarthuaiscirt.
Christmas and New Year thoughts, meditations and stories from members of the Northwest Writers Circle.

1.30 p.m. An Pápa Eoin Pól in Éirinn 1979
Cuairt an Phápa ar Luimneach agus ag fágáil slán le hÉirinn.
The Pope's visit to Limerick and bidding farewell to Ireland.
2.00 p.m. Coinneáil Orainn
Dráma nua raidió le Darach Ó Scolaí. Aimsíonn cigire ó Roinn na Gaeltachta an bheirt chainteoirí deireanacha Gaeilge. céard a tharlós anois don Roinn? Aisteoirí: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Macdara Ó Fátharta agus Pádraic Ó Tuairisc. Maoinithe ón gciste Fís agus Fuaim de chuid an BCI.
A new radio plays by award-winning writer Darach Ó Scolaí. An inspector from the Department of the Gaeltacht finds the last two remaining Irish speakers and thereby puts the cat among the pigeons - can two people really justify the existence of an entire government department? Funded under the BCI Sound and Vision scheme.
Actors: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Macdara Ó Fátharta and Pádraic Ó Tuairisc.
5.04 p.m. Charles Vallancey: Ginearál, Innealtóir, 'Scoláire Gaeilge'
Léacht le Mícheál Ó Bréartúin, bunaithe ar leabhar leis a d'fhoilsigh Coiscéim i mí Dheireadh Fómhair.
A lecture with Mícheál Ó Bréartúin based on his recent book.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh na gCealla Beaga.
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Killybegs
Déardaoin 31 Nollaig
11.02 a.m. Súil siar ar 2009 i nDún na nGall
Scéalta agus agallaimh, achrann agus conspóid a craoladh ó Stiuideó Dhoirí Beaga le bliain anuas.
Highlights from the year's broadcasting from Doirí Beaga.
1.30 p.m. Ag Caomhnú na hOidhreachta
Labhrann Póilín Ní Chiaráin leis an Dr Pat Mc Kay, údar ar logainmneacha Chúige Uladh, faoina chuid oibre le saíocht agus eolas ar oidhreacht an phobail a chaomhnú.
Póilín Ní Chiaráin interviews Dr. Pat McKay from Queens University Belfast, expert on placenames in Ulster, about his work to preserve and protect this important part of our heritage.

2.00 p.m. An Braon Aníos
An dara dráma nua raidió le Darach Ó Scolaí a chraolfar faoi Nollaig. Is é tionscal na gcoláistí samhraidh an t-ábhar a thugtar aghaidh air sa dráma An Braon Aníos, áit a bhfuil an taoile tagtha an doras isteach ag Nóra agus Micil agus iad ag súil le fear na gcoláistí samhraidh nóiméad ar bith le cigireacht a dhéanamh ar na leapacha srl. Aisteoirí: Peadar Ó Treasaigh, Caitlín Ní Chonghaile agus Uinsionn Mac Thomáis.
Maoinithe ón gciste Fís agus Fuaim de chuid an BCI.
The second new radio play by Darach Ó Scolaí to be broadcast over Christmas. The forces of nature and global warming conspire against Micil and Nóra by flooding their house just when they are expecting a visit from the man from the Irish college to check the standards of accommodation for students. Funded under the BCI Sound and Vision scheme. Actors: Peadar Ó Treasaigh, Caitlín Ní Chonghaile and Uinsionn Mac Thomáis.
5.04 p.m Ealaín 2009
Buaicphointí na bliana i saol na n-ealaíon bunaithe ar rogha míreanna ón gclár Ardán na nEalaíon.
Highlights of the year from the arts world, as heard on Ardán na nEalaíon.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Theileann.
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Teelin.
Dé hAoine 1 Eanáir
11.02 a.m. Stair CLG Dhún na nGall ó 1934-1938
Mar pháirt de cheiliúradh 125 bliain CLG déanann An tAth. Séan Ó Gallchóir cur síos ar eachtraí móra CLG Dhún na nGall ó 1934 -1938.
Fr. Seán Ó Gallchóir describes the GAA in Donegal from 1934-1938.

12.08 p.m. Coirmcheoil Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin
Cailleadh an t-ámhránaí agus an craoltóir Diarmuid Ó Súilleabháin go tubaisteach i 1991. Inniu, cloisfear blaiseadh den cheolchoirm a taifeadadh beo ag Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha i mí na Nollag, féile bhliantúil a dhéanann a shaol a chomóradh agus a cheiliúradh.
West Cork singer and broadcaster Diarmuid Ó Súilleabháin died tragically in 1991, and today we hear a selection of live music from a concert recorded at the annual festival in his memory that took place in Coolea in December.
1.30 p.m. Ar Scáth a chéile
Séamus Mac Seaghain, fear pobail as iarthar Bhéal Feirste i mbun comhrá le Póilín Ní Chiaráin
Séamus Mac Seaghain, Irish language pioneer in West Belfast, speaks to Póilín Ní Chiaráin.
5.04 p.m. Claochluithe
An leabhar nuafhoilsithe Transforming Ireland a bheidh faoi chaibidil sa chlár inniu. Beidh beirt de chomhúdair an leabhair, an tOllamh Michael Cronin agus an tOllamh Peadar Kirby, sa stiúideo le plé a dhéanamh ar chuid de na coincheapa atá sa leabhar - orthu sin, an dochar atá déanta ag an gcóras eacnamaíoch saormhargaidh do shaol an phobail in Éirinn, agus céard atá i ndán anois don gheilleagar i ndiaidh don tíogar ceilteach éalú uainn!
Two of the authors of the recently-published book Transforming Ireland, Prof Michael Cronin and Prof Peadar Kirby, will be in studio today to discuss some of the issues addressed in the book, such as the damaging impact that the free market has had on a wide range of public life in Ireland, and what the future holds for the economy in post celtic tiger Ireland.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Cheann Caslach.
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Kincasla
Dé Sathairn 2 Eanáir
9.02 a.m. Daonáireamh 1911
Déanann Seosamh Ó Cuaig cur síos ar dhaonáireamh na bliana 1911 agus míníonn sé an méid eolais atá le fáil ón ndaonáireamh sin.
Seosamh Ó Cuaig describes the 1911 census and the type of information to be gleaned from it.
11.02 a.m. Éigse Uladh
Is é Noel Ó Gallchóir a thug leacht na hÉigse ag an 40ú Éigse Uladh in 2009. Rinne sé cur síos ar théamaí na nÉigsí on tús, na díospoireachtaí, na cainteoirí agus na haíonna móra a bhíodh i láthair.
A lecture given on 40th anniversary of Éigse Uladh, describing the history of the festival and the different speakers and guests who have attended over the years.
1.20 p.m. Léacht Uí Chadhain
Is é an tOllamh Nicholas Williams a thug Léacht Uí Chadhain i mbliana agus is é 'An Choirnis agus an Ghaeilge - ceacht nó rabhadh?' téama na léachta.
A lecture by Prof. Nicholas Williams on the lessons for the Irish language from what has happened to Cornish.
2.00 p.m. Súil siar ar Chraobh Iomána 2009
Ba iad Cill Chainnigh a thug leo Craobh Iomána na hÉireann 2009 don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile. Sa chlár seo, caitheann an mheitheal spóirt súil siar ar chraobh 2009.
The Kilkenny Cats won the All-Ireland hurling championship this year for the fourth year in a row, and on this programme the Raidió na Gaeltachta sports team look back at the 2009 championship.
Dé Domhnaigh 3 Eanáir
10.00 a.m. Cumadóirí Ceoil na hÉireann
Ceol ó leithéidí Joan Trimble, George Alexander Osborne, Roger Doyle agus a thuilleadh nach iad.
Music from Irish composers such as Joan Trimble, George Alexander Osborne and Roger Doyle agus a thuilleadh nach iad.

8.30 p.m. Bothy Band 1975
Ceolchoirm a taifeadadh beo i mBaile Átha Cliath le linn an Oireachtais, ach nár craoladh go dtí seo. Is iad Tommy Peoples, Matt Molloy, Donal Lunny, Paddy Keenan, Tríona Ní Dhomhnaill agus Mícheál Ó Domhnaill na ceoltóirí atá le cloisteáil.
A concert recorded live in the Burlington Hotel, Dublin, in 1975 but never broadcast until now, featuring the legendary musicians Tommy Peoples, Matt Molloy, Donal Lunny, Paddy Keenan, Tríona Ní Dhomhnaill and Mícheál Ó Domhnaill.
Dé Luain 4 Eanáir
8.08 a.m. Dúchas Iorras Aithneach
Clár ceoil,amhrán agus seanchais ó mhuintir Iorras Aithneach, le Seosamh Ó Cuaig.
Music, song and folklore from the Iorras Aithneach area of Connemara.
11.02 a.m. Saol Corrach
Míreanna as Cartlann Dhoirí Beaga ag cur síos ar an chruatan a d'fhulaing daoine i dtús agus i lár an chéid seo a chuaigh thart agus fosta eachtraí greannmhara a tharla do chuid acu.
Stories from the Doirí Beaga archives of hard times endured by the people of Donegal, and also some lighter moments.

1.30 p.m. An Ghaeltacht roimh Údarás na Gaeltachta
Ba sa bhliain 1980 a cuireadh Údarás na Gaeltachta ar bun, tríocha bliain ó shin i mbliana, agus sa chlár seo labhrann an Dr. Emer Ní Bhrádaigh, DCU, le Pól Mac Donncha faoi fhorbairt na gceantair Ghaeltachta sular tháinig ann don Údarás.
30 years ago Údarás na Gaeltachta was established, and in this programme Dr. Emer Ní Bhrádaigh from DCU speaks to Pól Mac Donncha about the history of economic development in the Gaeltacht areas in the 100 years before the Údarás came into being.
2.00 p.m. Údarás na Gaeltachta - Deich mbliana fichead slán
Cothrom an ama seo i 1979 a reachtáladh an chéad toghchán sa nGaeltacht le comhaltaí a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Caitheann Pól Mac Donncha súil ar stair agus ar thodhchaí an Údaráis sa gclár faisnéise seo
A documentary on the history of Údarás na Gaeltachta.
5.08 p.m. Cluas na Cinniúna
Pléitear seirbhísí raidió agus pobail teanga in Éirinn agus in Albain sa chlár seo.
A programme about the radio services in Irish and Gàidhlig in Ireland and Scotland.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Bhaile an easa/An Falcarrach.
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Falcarragh.
Dé Máirt 5 Eanáir

1.30 p.m. Dréachtphlean 20 bliain don Ghaeilge
Foilsíodh an dréachtphlean 20 bliain don Ghaeilge i mí na Samhna, agus é mar sprioc aige an líon cainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 faoin mbliain 2030. Pléann an tAire Éamon Ó Cuív an plean le Máirín Ní Ghadra sa chlár seo.
A 20 year strategic plan for the Irish language was published in November which aims to increase the amount of people speaking Irish on a daily basis to 250,000 by 2030. Minister Éamon Ó Cuív discusses the plan with Máirín Ní Ghadhra on the programme today.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh na nDúnaibh (clár 1).
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Downings (clár 2)
Dé Céadaoin 6 Eanáir
1.30 p.m. Mo shaol sa Pholaitíocht
Ar an gclár inniu labhrann Eoin Ó Murchú le Michael O'Kennedy, iar-aire rialtais le Fianna Fáil agus iar Choimisinéir Eorpach, faoina shaol sa pholaitíocht.
Former Fianna Fáil government minister, and European Commissioner, Michael O'Kennedy speaks to Eoin Ó Murchú about his political life.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh na nDúnaibh (clár 2).
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Downings (part 2).
Déardaoin 7 Eanáir
1.30 p.m. Mo shaol sa Pholaitíocht
Ar an gclár inniu labhrann Póilín Ní Chiaráin le Maurice Hayes faoina shaol mar sheanadóir, mar Ombudsman ar Thuaisceart Éireann agus mar bhall den Choimisiún Thuaidh Theas.
In this programme Póilín Ní Chiaráin speaks to Maurice Hayes about his political life as a member of Seanad Éireann, Ombudsman of Northern Ireland, and a Boundary Commissioner.

8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Ailt a' Chorráin (clár 1).
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Burtonport (Part 1).
Dé hAoine 8 Eanáir
1.30 p.m. An Ghéarchéim Airgeadais
Labhrann Eagraí Polaitiúil na seirbhíse, Eoin Ó Murchú, le hiar-cheannaire Fhine Gael and stiúrthóir Bhanc Angla Éireannach, Alan Dukes, faoi staid eacnamaíoch na tíre.
Eoin Ó Murchú speaks to Alan Dukes, former FG leader and government appointed Director of Anglo Irish Bank, about the current financial crisis in the country.
8.30 p.m. Ó Chéidh go Céidh
Cur síos ar stair na gcéidheanna i nDún na nGall - inniu Céidh Ailt a' Chorráin (clár 2).
A series about the history of the ports of Donegal - today it's Burtonport (part 2).
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






