RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Muifíní
Muifíní banana agus sméar dubh
Comhábhair
225g/8 n-unsa plúir éiritheach (self-raising)
110g/4 unsa sméar dubh mionghearrtha
75g/3 unsa siúcra mín
2 bhanana móra aibí
1-2 ubh - buailte suas
15ml/1 spúnóg bhoird meala
45ml/3 spúnóg bhoird d'ola lus na gréine
Modh
Brúigh na bananaí i mbabhla agus cuir isteach an ubh bhuailte, an mhil agus an ola. Measc isteach leo seo an plúr, siúcra agus na sméara dubha. Líon isteach i stáin-pháipéirí olaithe i stáin-mhuifíní agus bácáil in oigheann réamhthéite ag 180 C / 350 F/Gás 4 ar feadh thart ar 20 nóiméad nó mar sin, go mbíonn said cócaráilte.
Tóg as an oigheann agus fág tamaillín iad - ansin blas agus ith ar do sháimhín só!
Nóta: Is féidir cuid acu a chur sa reoiteoir agus iad fuar, i gcóir an bhosca lóin.
Muifíní seacláide agus bran
Comhábhair
175g/7 n-unsa plúir éiritheach (self-raising)
25g /1 unsa bran
25g/1 unsa cócó criathraithe
110g/4 unsa seacláide (ina phíosaí beaga )
75g/3 unsa siúcra donn
50g/2 unsa rísíní
2 ubh - buailte
150ml / ¼ pionta bainne nó bláthach
45ml/3 spúnóg bhoird d'ola lus na gréine
Modh
Measc an plúr, an bran, an cócó agus na píosaí seacláide, siúcra agus na rísíní i mbabhla. Measc na huibheacha, bainne agus ola go maith le chéile, agus doirt an lacht seo isteach leis an meascán plúir agus measc go léir go cúramach le chéile. Líon na stáin-mhuifíní gréisithe agus bácáil ar feadh thart ar 20 nóiméad in oigheann réamhthéite ag 180 C/350 F/Gás 4. Tóg as an oigheann, fág sa stáin ar feadh cúpla nóiméad.
Nóta: Nuair atá siad úr agus fuar is féidir iad a chur sa reoiteoir don lón scoile.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






