RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Máirín Ní Ghadhra ar an ngearrliosta do Dhuais Iriseoireachta Pharlaimint na hEorpa

Is í Máirín Ní Ghadhra, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, atá ainmnithe mar ionadaí na hÉireann do Dhuais Iriseoireachta Pharlaimint na hEorpa 2010 dá clár Parlaimint na hEorpa - Téarma Nua. Craoladh an clár ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar 14 Iúil, an lá ar cuireadh tús le téarma nua na Parlaiminte, agus sa chlár labhair Máirín le cúigear d'fheisirí na hÉireann faoina gcuid oibre i bParlaimint na hEorpa agus faoin méid a raibh siad ag súil leis ón tréimhse parlaiminte sin. Beidh an clár anois san iomaíocht le cláracha ón 26 ballstát eile do Dhuais Iriseoireachta Pharlaimint na hEorpa 2010. Fógrofar na duaiseanna sa Bhruiséal i mí Dheireadh Fómhair. Is é seo an chéad uair ariamh gur roghnaíodh clár i nGaeilge le dul san iomaíocht d'Éirinn don duais seo.

Mhol Francis Jacobs, Stiúrthóir Oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn, clár Mháirín Ní Ghadhra go mór. Thagair sé don chur chuige a bhí ag Máirín, do na ceisteanna a chuir sí, agus mar a thug sí dúshlán na bhfeisirí an obair a dhéanann siad agus tábhacht an Aontais Eorpaigh a mhíniú don lucht éisteachta. Shíl sé gur thug an clár léargas úrnua d'éisteoirí ar an Aontas.

Following intense deliberations, Máirín Ní Ghadhra of RTÉ Raidió na Gaeltachta has been selected as this year's Irish nominee for the European Parliament's Prize for Journalism. Máirín's half-hour programme, Parlaimint na hEorpa - Téarma Nua, was broadcast on Raidió na Gaeltachta last July during the first European Parliament Plenary Session following the 2009 European Elections. During the programme, Máirín interviewed five of the twelve Irish MEPs about their work in the EP, asking them for example how they intended to make their election promises a reality, what kind of an impact they felt their work had, etc. Máirín's programme will now compete with entries from the EU's 26 other Member States for the 2010 EP Journalism prize. The winners will be announced during a ceremony at the EP in Brussels in October of this year.

Francis Jacobs, Head of the European Parliament Office in Ireland, said that 'in her programme, Máirín asked some very relevant questions about the work of MEPs and the importance of the European Parliament. She challenged the MEPs to explain their work in Brussels, in Strasbourg and in their constituencies. I am sure that it was a refreshing insight for her audience.'

This is the first time that an Irish language entry has been selected by the Irish Jury.

Éist leis an gclár anseo/Listen here to the programme