RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Mícheál Ó Muircheartaigh - Tráchtaire ár Linne

Craolfar clár speisialta in ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ar 10 Meán Fómhair ar Raidió na Gaeltachta, Mícheál - Tráchtaire ár Linne. Clár beo a bheidh ann a chraolfar ó Óstán an Galway Bay i mBóthar na Trá, Gaillimh agus beidh cairde, comhghleacaithe agus iar-chomhghleacaithe leis i láthair, chomh maith lena chlann agus a mhuintir, le scéalta agus cuimhní cinn faoi Mhícheál a roinnt leis an lucht éisteachta.

Bhí an tráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh ag ceiliúradh 80 bliain ar an saol ar 20 Lúnasa agus labhair sé leis An Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta ar an lá sin ó bharr Chnoc Bhréanainn, áit a raibh sé ag ceilúradh i dteannta 23 duine dá chairde agus dá ghaolta. Éist anseo leis an agallamh.


RTÉ Raidió na Gaeltachta will broadcast a special programme on 10 September celebrating the tremendous contribution that Mícheál Ó Muircheartaigh continues to make to Irish life. The programme entitled Mícheál - Tráchaire ár Linne will be broadcast live from the Galway Bay Hotel in Salthill, Galway, and will feature Mícheál, together with family, friends and colleagues, who will share their thoughts and memories of the gifted commentator.

Mícheál Ó Muircheartaigh celebrated his 80th birthday on 20 August in an unusual manner, by climbing Mount Brandon in Kerry with his friends and family. Speaking on RTÉ Raidió na Gaeltachta's An Saol ó Dheas programme on the day, he said that he had 23 friends and family accompanying him and that there was no place better to be on any day than at the top of Brandon.
Listen to the interview here.