RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Mícheál Ó Muircheartaigh - Tráchtaire ár Linne
D'fhógair Mícheál ar 16 Meán Fómhair go raibh sé ag éirí as mar thráchtaire raidió RTÉ. Éist leis an agallamh a rinne sé le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas faoi anseo.
Mícheál announced on 16 Sept that he was retiring as a commentator on RTÉ Radio. Hear his interview on An Saol ó Dheas on the day he made the announcement.
______________________________________
Craoladh clár speisialta in ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh ar 10 Meán Fómhair Mícheál - Tráchtaire ár Linne. Clár beo a bhí ann a craoladh ó Óstán an Galway Bay i mBóthar na Trá, Gaillimh agus bhí cairde, comhghleacaithe agus iar-chomhghleacaithe leis i láthair, chomh maith lena chlann agus a mhuintir, le scéalta agus cuimhní cinn faoi Mhícheál a roinnt leis an lucht éisteachta. Craoladh an clár beo ar an idirlíon, agus má chaill tú é tá sé fós le fáil anseo.
Seo roinnt pictiúr ón oíche.

Mícheál Ó Muircheartaigh agus Seán Bán ag tús an chláir

Seán Bán, Mícheál agus deirfiúr le Mícheál, Kathleen Barry

Mícheál Ó Muircheartaigh

Mícheál le beirt iar-chomhghleacaithe ó RTÉ Raidió na Gaeltachta Mártan Ó Ciardha agus Mícheál Ó Sé.

Alan Milton agus Tomás Ó Flatharta i mbun cainte le Dara Ó Cinnéide

Radharc ar an slua a bhí bailithe don ócáid

Bronnann an Ceannaire Edel Ní Chuireáin píosa adhmadóireachta ó lámha Dhiarmuid Mhic an Adhastair ar Mhícheál

Mícheál agus a bhean Helena
Orthu siúd a bhí le cloisteáil ar an gclár bhí Mícheál agus cuid dá chlann agus dá mhuintir, Phil Stuart, John Joe Doherty, Ger Loughnane, John Allen agus laoch mór na hiomána Joe Connolly. Bhí Éarlaimh CLG, An tArdEaspag Diarmuid Ó Cluamháin, iar Ard Stiúrthóir Liam Ó Maoilmhíchíl, agus beirt iar-Uachtaráin, Seosamh Mac Donnchadha agus Seán Ó Ceallaigh, faoi agallamh ar an gclár, leis, agus bhí Stiúrthóir Ginearálta RTÉ, Cathal Goan, iar-Cheannasaí nuachta RTÉ Pádraig Ó Gaora, agus Leas Phríomfheidhmeannach TG4 Pádhraic Ó Ciardha ag labhairt le Seán Bán faoi obair Mhíchíl sna meáin. Craoladh teachtaireachtaí ón Taoiseach, ó Ger Canning, Eamon Gilmore, T.D, Gerry Adams, Enda Kenny, T.D. agus John Gormley, T.D.
RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcast a special programme on 10 September celebrating the the life and work of Mícheál Ó Muircheartaigh. The programme entitled Mícheál - Tráchaire ár Linne was broadcast live from the Galway Bay Hotel in Salthill, Galway, and featured Mícheál, together with family, friends and colleagues, who will shared their thoughts and memories of the gifted commentator. It was also broadcast live on the web, and if you missed it you can catch up here.
The programme included interviews with Mícheál and some of his extended family, Phil Stuart, John Joe Doherty, Ger Loughnane, John Allen, and the man who captained the Galway hurling team to All-Ireland glory in 1980, Joe Connolly. GAA Patron Archbishop Dermot Clifford, former Ard-Stiúrthóir Liam Ó Maoilmhíchíl, and former Uachtaráin of the GAA Joe McDonagh and Sean Kelly, spoke, as did Director General of RTÉ Cathal Goan, former Head of RTÉ Nuacht Pádraig Ó Gaora and Pádhraic Ó Ciardha, Deputy Chief Executive of TG4.
The programme included messages from the Taoiseach, Ger Canning, Eamon Gilmore, T.D., Gerry Adams, Enda Kenny, T.D., and John Gormley, T.D.
- NOW: Scoth na hAoine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






