RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Maróg Aráin agus Ime
Comhábhair
8-10 slis aráin bán le h-im
150g / 6 unsa rísíní agus sultanas measctha
25g/1 unsa siúcra mín (measctha le gallchnó más mian leat)
2 ubh bhuailte
600ml / 1 pionta bainne
150ml / 0.25 pionta uachtair (roghnach)
3-4 braon fainíle
110g/4 unsa siúcra mín
Modh
1. Gearr an crústa den bhuilín, cuir im air agus gearr ina mhéara é.
2. Clúdaigh bun mias oigheann dhianach leis na méara, an t-im in íochtar.
3. Craith na rísíní anuas air seo arís.
4. Déan 2 nó 3 srath mar seo agus ansin measc an ubh buailte, an bainne agus an t-uachtar leis an siúcra mín agus fainíle agus doirt an lacht uibhe seo anuas ar an mbuilín agus na rísíní.
5 Craith pinse siúcra donn nó bán ar an mbarr agus bácáil in oigheann réamhthéite ag 180C/350F/Gás 4 ar feadh thart ar uair an chloig nó go mbeidh an maróg teann agus órga.
Nóta:
Is féidir an siúcra agus an bainne a théamh roimh ré.
Is féidir anlann uibhe réamhullmhaithe a cheannach (Bird's Eye).
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






