RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Maor Cothabhála

Vacancies

Job Ref E292010
Job Title Maor cothabhála - Raidió na Gaeltachta (Casla)
Job Type Part-time
Location
Salary Not disclosed

Description
Ba mhaith le RTÉ Raidió na Gaeltachta Maor Cothabhála a earcú. Beidh an Maor Cothabhála freagrach as seirbhísí ginearálta agus garraíodóireachta a chur ar fáil i gceannáras na seirbhíse i gCasla, Conamara.


Is iad príomhdhualgaisí an phoist:

· Garraíodóireacht: baint, bearradh, plandáil, glanadh ginearálta srl

· Córas draenála: faire, cigireacht agus glanadh nuair is gá

· Córas teasa: luchtú, folmhú, cigireacht leanúnach

· Córas bruscair: luchtú, folmhú, glanadh

· Cothabháil ghinearálta eile faoi threoir an Innealtóra Stáisiúin


Ba cheart go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí:

· Stuama, eagraithe agus poncúil

· Inniúil ar Mhórlomaire Féir a thiomáint & Speal Peitril a úsáid

· Eolach ar chúrsaí garraíodóireachta

· In ann a bheith ag oibriú as a stuaim féin agus mar chuid d'fhoireann

· Scileanna maithe cumarsáide

· Ceadúnas glan tiomána


Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh eolas ginearálta ag iarrthóirí ar chórais teasa trí chéile cé go gcuirfear traenáil ar fáil. Post páirtaimseartha 3 lá in aghaidh na seachtaine é seo. Conradh dhá bhliain a thairgeofar don té a n-éireoidh leis/léi sa chomórtas.


Cuirfear fáilte roimh curriculum vitae agus iarratais ar an suíomh idirlín nó seol do iarratas i scríbhinn chuig:


An Riarthóir,
RTÉ Raidió na Gaeltachta,
Casla,
Contae na Gaillimhe.


Is é an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais Dé hAoine 30 Iúil 2010. Is í an Ghaeilge teanga chraolta agus oibre RTÉ Raidió na Gaeltachta.


Fostóir comhionannas deiseanna é RTÉ.

Féach http://www.rte.ie/about/jobs/listing.html le foirm iarratais a fháil, nó buail isteach chuig an oifig i gCasla.